Léiriú iontach ar dhúsláin na scannán

Bhí neart plé agus neart tuairimí suimiúla faoin scannánaíocht ag ‘Talking Production 2014’, seimineár a reáchtáil Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe in Ostán an Connemara Coast an deireadh seachtaine seo caite.

Tugadh le chéile ag ‘Talking Production 2014’ iad siúd atá ag tosú amach ar ghairm bheatha na scannánaíochta agus iad siúd a bhfuil clú bainte amach acu cheana fhéin sa réimse sin.

Ba léir ón méid a pléadh ag an deireadh seachtaine go gcaithfidh duine oibriú go dian chun pé fís atá aige a chur i gcrích, ach go bhfuil sé tábhachtach freisin go mbeadh comhpháirtíocht ann i measc lucht déanta scannán.

Dúirt Jimmy Flynn, léiritheoir Love/Hate go bhfuil sé scannalach nach bhfuil craoltóir ar bith in Éirinn a dhéanann infheistíocht cheart i  ngné-scannáin. Comhléirithe idir comhlachtaí léiriúcháin sa Bhreatain agus léiritheoirí anseo iad na scannáin ‘Éireannacha’ is mó go mbíonn rath orthu.

Ba léir, áfach, ó bheith ag éisteacht lena raibh i láthair ag ‘Talking Production 2014’, go bhfuil an mianach i muintir na tíre seo a thuilleadh scannán móra a chur ar an scáileán, ach a thuilleadh tacaíochta a bheith ann.

B’údar áthais don phainéal stiúrthóirí go bhfuil seónna i dteangacha éagsúla ag tarraingt aird go hidirnáisiúnta faoi láthair, leithéidí The Bridge (atá le feiceáil ar TG4 faoi láthair).

Go deimhin, bhí Anders Landström, léiritheoir The Bridge, i measc na n-aíonna i gConamara.

Gan amhras d’fhéadfadh gur tuar dóchais é an rath a bhíonn ar chláir le fotheidil do léirithe Gaeilge.

Labhair Paddy Hayes, léiritheoir Corp & Anam, faoi na scileanna sainiúla atá ag baint le fotheidealú agus dúirt gur deacair an rud é aistriúchán a dhéanamh ar shaothar teilifíse gan baint de bhunéirim na scripte.

Ní raibh aon ghá le fotheidil ó aoi mór na deireadh seachtaine, Beau Willimon, nuair a chuir sé tús lena phíosa cainte ag guí beannacht ar an slua as Gaeilge.

Is scribhneoir agus léiritheoir é Beau ar an tsraith teilifíse de chuid Netflix House of Cards.

Dúirt Beau go gcaitear idir naoi agus deich mí ag scríobh gach sraith, agus seacht mí ag taifeadadh.

Tá sé den tuairim go bhfuil an teilifís an-chosúil leis an amharclannaíocht, agus go mbíonn drámadóirí níos fearr ag scríobh don teilifís toisc go bhfuil taithí acu ar aiseolas a fháil ar an toirt ón lucht féachana.

Maidin Dé hAoine chualamar ó roinnt daoine aitheanta a bhíonn ag obair in earnáil beochana na hÉireann agus na hEorpa.

Paisean agus foighde an dá thréith is mó a luadh leis an gceird seo. D’inis Heather Grace Mills ó Telegael dúinn faoi thogra nua darbh ainm Morten on the Ship of Fools. Is é seo an chéad scannán beochain íomhá ar íomhá (stop-motion) a léireofar in Éirinn.

Labhair an léiritheoir Stephen Woolley (The Butcher Boy, Michael Collins, The Crying Game) chomh maith faoin deacracht a bhaineann le scannán a dhéanamh sa lá atá inniú ann, agus dúirt sé go bhfuil sé i bhfad níos deacra ná mar a bhí nuair a bhí seisean ag tosú amach.

Tá a chara, Neil Jordan, ceann de na stiúrthóirí is mó le rá dá bhfuil ann, ar aon intinn leis, a dúirt sé.

Léiriú ann féin ar na fadhbanna atá ag lucht déanta scannán i láthair na huaire.

 

Fág freagra ar 'Léiriú iontach ar dhúsláin na scannán'