Le linn na bliana 2025, tá ionsaithe dróin na hÚcráine ar bhonneagar fuinnimh na Rúise tar éis dul i méid agus i ndéine. Cé gur thosaigh na hionsaithe mar iarrachtaí siombalacha, tá siad anois ina ngníomhartha straitéiseacha a bhfuil tionchar suntasach acu ar gheilleagar na Rúise agus d’fhéadfadh siad tionchar a imirt ar a cumas cogadh leanúnach a fhearadh in aghaidh na hÚcráine.
Tá breis is 16 de na 38 scaglanna ola sa Rúis buailte ag dróin na hÚcráine, rud a fhágann go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar acmhainn scagtha na tíre. Measann saineolaithe go bhfuil suas le 20% den acmhainn sin curtha as a riocht. Tá sé seo ag cur isteach go díreach ar chumas na Rúise breosla a tháirgeadh don mhargadh baile agus don mhargadh idirnáisiúnta.
Tá na hionsaithe dírithe go straitéiseach ar áiteanna mar Primorsk, ceann de na calafoirt easpórtála is mó sa Rúis. Tá laghdú tagtha ar onnmhairí agus tá brú mór dá bharr á chur ar ioncam na Rúise.
Tá na hionsaithe ag cur isteach go mór ar sholáthar breosla sa Rúis féin freisin. Tá stáisiúin gháis dúnta sa Chrimé, tá línte fada ag stáisiúin eile, agus tá praghsanna ag dul in airde. Tá an Chreimil tar éis cosc a chur ar easpórtálacha díosail agus peitril chun iarracht a dhéanamh an margadh baile a chosaint – céim a léiríonn géarchéim dhomhain.
Tá seo ag cur brú ar shaoránaigh ina saol laethúil agus ag cruthú míshástacht shóisialta. Méadaíonn sé seo brú ar an rialtas go pointe ach ní chomh mór is a tharlódh i sochaí dhaonlathach le meáin chumarsáide neamhspleácha agus fíorpháirtithe freasúra a bheadh ábalta teacht i dtír ar an míshásamh sin. Mar sin féin, fiú rialtas uathlathach ní féidir leis neamhaird a dhéanamh do mhíshásamh dá leithéid. Tá breosla riachtanach do ghluaiseacht trúpaí, trealamh agus soláthairtí freisin ach go dtí seo tá sé deacair teacht ar fhianaise go bhfuil feachtas na hÚcráine tar éis cur as go suntasach do chumas na Rúise cogadh a fhearadh. Tá tús áite tugtha do riachtanais an chogaidh thar riachtanas ar bith eile i sochaí na Rúise le cúpla bliain anuas, agus is ar éigean go bhfuil Putin chun leoraithe agus tancanna a fhágáil gann ar bhreosla ionas go mbeidh scuainí níos lú ag stáisiúin artola don gnáthphobal.
Tá an tUachtarán Zelensky tar éis ‘na smachtbhannaí is éifeachtaí’ a thabhairt ar na ionsaithe dróin seo agus é ag tagairt don chaoi a bhfuil siad ag déanamh dochar don gheilleagar na Rúise gan gá le gníomhartha ó thíortha eile.
Tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Úcráin i dteicneolaíocht dróin. Tá siad ag úsáid dróin chliste, dróin mhara, agus dróin le cumas fadraoin chun spriocanna a bhaint amach i gcroílár na Rúise. Tá sé seo ag léiriú cumas teicneolaíochta agus straitéise na hÚcráine, agus ag cur brú ar chosaint aeir na Rúise.
Tá na hionsaithe dírithe ar ghnéithe criticiúla agus ríthábhachtacha den chóras scagtha ola– rud a fhágann go bhfuil sé deacair na scaglanna a chur ar ais i bhfeidhm go tapaidh. Tá an córas fuinnimh na Rúise anois níos leochailí ná riamh.
Chomh maith leis seo ar fad tá an Úcráin ag úsáid an fheachtais rathúil ionsaithe dróin chun misneach a muintire féin a spreagadh agus níos tábhachtaí fós, chun tacaíocht idirnáisiúnta a mhealladh agus lena léiriú don domhan mór go bhfuil sí fós ábalta dul ar an ionsaí i gcoinne na Rúise agus go bhfuil sí i bhfad ó bheith cloíte. Is dócha go bhfuil na hionsaithe seo mar chuid den chúis leis an athrú poirt drámatúil le déanaí ó Donald Trump i dtaca leis an Úcráin agus an Rúis. Is maith le Donald Trump tacú le buaiteoirí agus tá an Úcráin ag léiriú dó nach bhfuil an Rúis dochloíte. Is dócha go bhfuil olc air freisin nár oibrigh fórsa a phearsantachta fhéin chun cur ina luí ar Putin éirí as an gcogadh agus gan ach bua teoranta bainte amach aige. Tá caint ann anois go bhfuil Trump le ceadú don Úcráin diúracáin fadraoin Tomahawk a úsáid chun targaidí san Rúis a ionsaí, rud a threiseodh go mór an feachtas i gcoinne thionscal ola agus chóras fuinnimh na Rúise.
An rud a léiríonn an feachtas ionsaithe dróin thar aon rud eile ná guagacht an chogaidh seo. Ag amanta éagsúla tá tráchtairí agus ‘saineolaithe’ nach dtuigeann an chogaíocht nua-aimseartha tar éis a fhógairt go raibh cliseadh dosheachanta do thaobh amháin nó taobh eile ar na bacáin. Is maith mar chlicmhealladh é ach droch-anailís atá ann. Ní fios cé chomh fada is a leanfaidh an cogadh seo, ach don cheathrú bliain as a chéile, dealraíonn sé nach mbeidh na saighdiúirí sa bhaile don Nollaig.
Fág freagra ar 'Léiriú é feachtas ionsaithe dróin na hÚcráine ar ghuagacht an chogaidh'