Tá an Taoiseach Micheál Martin ag iarraidh cuma dhearfach a chur ar an margadh trádála a socraíodh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach tá a fhios ag an saol gur drochmhargadh é – ó thaobh na hEorpa de – in ainneoin a chuid cainte dearfaí.
Tá na figiúirí soiléir. Beidh taraif 15% ar earraí an AE ag dul isteach go SAM, ach ní bheidh aon taraif ar earraí ag teacht isteach san AE ó SAM. Bhí súil ag an AE roimh ré go bhféadfaidís ráta 10% – a bheadh deacair ann féin – a bhaint amach mar a fuair na Sasanaigh, ach theip orthu glan.
Mar aon leis sin, cé nach gcuireann sé isteach orainne go díreach, tá taraif mhillteanach 50% ar chruach is alúmanam an AE i Meiriceá. Is éard a chuirfeadh isteach orainn, ar ndóigh, na cógaisíocht: ráta 15% faoi láthair ach ní fios céard atá le tarlú sa todhchaí mar is aidhm é ag Trump táirgeadh na cógaisíochta a thabhairt “abhaile”.
Níos measa fós, tá gealltanas tugtha ag an AE go ndéanfaidh sé $600 billiún d’infheistíochtaí nua sna Stáit Aontaithe, go ndéanfaidh sé $750 billiún i gceannacháin fuinnimh fhadtéarmacha agus go méadóidh sé soláthar crua-earraí míleata Mheiriceá. Cuireann sé seo le spleáchas struchtúrach na hEorpa ar sholáthairtí fuinnimh agus acmhainní míleata na Stát Aontaithe.
Deir an Taoiseach go mbeadh cogadh trádála níos measa ná an drochmhargadh seo, agus is cosúil gur thaobhaigh sé go láidir leo siúd – an Ghearmáin agus an Iodáil go háirithe – arbh fhearr géilleadh iomlán ná iarracht ar throid.
Ar an gcéad fhéachaint is léir go bhfuil téarmaí níos fearr do chomhlachtaí ó thuaidh, mar gheall ar iad a bheith faoi dhlínse na Breataine. Ach is léir freisin nach ndearna an rialtas seo againne aon iarracht cárta Éireannach a imirt sa gcluiche.
Is é sin, iarracht a dhéanamh stocaireacht a spreagadh i measc na nGael-Mheiriceánach le téarmaí níos fearr a fháil d’Éirinn i bhfianaise thábhacht an phróisis síochána do Ghael-Mheiriceánaigh.
A mhalairt, sheas an rialtas go seasmhach leis an mana gur treise muid mar chuid den AE ná mar a bheadh muid asainn féin. Is léir anois gur seachmall an chaint sin. Tá sé deacair a cheapadh nach mbeadh aon bhallstát de chuid an Aontais in ann téarmaí níos fearr a fháil dóibh féin.
Le blianta fada, táthar ag rá linn nach féidir le muintir na hEorpa aon chumhacht fhiúntach a bheith againn ach mar chuid de bhloc idirnáisiúnta. A mhalairt atá fíor: ar feadh na mblianta, diaidh ar ndiaidh, tá an tAontas Eorpach i ndiaidh cumas na náisiún aonair a chreimeadh sa gcaoi nach féidir leo a bheith solúbtha agus freagra a thabhairt ar na dúshláin a bhíonn rompu de réir a gcuid tosaíochtaí polaitiúla is eacnamaíochta féin.
Trí na náisiúin Eorpacha a chur i gcuing, tá an tAontas i ndiaidh na huirlisí neamhspleácha a theastaíonn uathu chun a leas féin a chosaint — polasaí tionsclaíoch, solúbthacht trádála, neamhspleáchas fuinnimh — a bhaint díobh.
Sa gcúlra freisin tá dúshlán mór eile ann, nach bhfuil an rialtas, is cosúil, ag tabhairt aird ar bith air. Is é sin, ó na 1950idí ar aghaidh tá polasaí eacnamaíochta na tíre bunaithe ar an múnla go dtabharfadh infheistíocht ón taobh amuigh (FDI) – agus ó Mheiriceá ach go háirithe – an spreagadh is an bunús fáis dúinn sa mbaile.
Is léir ó thosaigh Trump ar an eachtra seo nach féidir brath ar FDI a thuilleadh, ach ar an drochuair, ní hamháin nach bhfuil tuairim dá laghad ag an rialtas cén rogha múnla a d’fhéadfadh a bheith ann, níl siad fiú ag machnamh faoi.
Tá siad ag fanacht ar an taobhlíne, ag súil go dtiocfaidh slánaitheoir ón AE chun fóirithinte orainn, cé gur léir anois nach féidir leis an AE teacht chun fóirithinte air féin.
Ar deireadh thiar tá an margadh seo ar nós na gcinn a dhéanadh na hiar-impireachtaí lena gcuid coilíneachtaí, léiriú eile nach bhfuil ach stádas vasáilleach ag an AE le Meiriceá.
Deir Ursula von der Leyen go raibh sé riachtanach géilleadh gan troid toisc go mbíonn an tAE ag brath ar Mheiriceá maidir le slándáil, ach níl aon bhagairt slándála don AE ón Rúis in ainneoin na bolscaireachta, agus tháinig tíortha eile a dhiúltaigh géilleadh do mhaistíneacht Mheiriceá i bhfad níos fearr as na an Eoraip: an tSín, an India agus geilleagair mheánmhéide eile freisin.
An bhfuil seans ar bith go dtiocfaidh rialtas ar an bhfód a bhfuil an chnámh droma ann leas na hÉireann a chur chun cinn, beag beann ar a bhfuil ar siúl ag von der Leyen is a comhghleacaithe?
Fág freagra ar 'Léirigh géilleadh maolchluasach an AE sna cainteanna trádála gur ‘fostát’ de chuid Mheiriceá é'