Tá 44 “gníomhaíocht” – clár oiliúna dar teideal ‘Legally Líofa’ ina measc – sa straitéis nua Gaeilge atá foilsithe ag an tSeirbhís Cúirteanna. Tá mar aidhm ag an tSeirbhís “eagraíocht a bhfuil an dátheangachas fite fuaite inti” a dhéanamh di féin agus “an cultúr thart faoin nGaeilge sa tseirbhís a athrú”.
Dúirt Tom Ward, Rúnaí Cúnta i gCeann Stiúrthóireacht Oibríochtaí na nUaschúirteanna gur “céim shuntasach agus cuspóireach” í an straitéis a chinnteoidh go bhfuil “áit fheiceálach agus phraiticiúil” ag an nGaeilge sa chóras ceartais.
“Nascann an Ghaeilge muid lenár stair agus múnlaíonn sí ár sochaí chomhaimseartha agus ár dtodhchaí ag an am céanna.
“Tá sé de dhualgas ar institiúidí poiblí, go háirithe iad siúd atá chomh lárnach leis na Cúirteanna, úsáid na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn ina gcuid oibríochtaí.
“Ní hamháin go dtugann sé ómós dár n-oidhreacht ach éascaíonn sé freisin do chainteoirí Gaeilge rochtain níos fearr a bheith acu ar cheartas ina rogha teanga,” a dúirt sé.
Tugtar le fios sa Straitéis nua nach bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge “ag an leibhéal is bunúsaí” á soláthar ag 78% d’oifigí agus d’aonaid na Seirbhíse Cúirteanna faoi láthair agus go mbíonn deacrachtaí ag 55% den fhoireann iarratais agus cáipéisí a líonadh i nGaeilge.
Sa suirbhé a rinneadh agus an straitéis á réiteach, thug 16 oifig/aonad cúirte le fios nach mbíonn aon idirghníomhaíocht i nGaeilge acu riamh leis an bpobal. Thug trí cinn le fios gur cúram laethúil a bhíonn ann freastal ar an bpobal i nGaeilge agus bhí 19 aonad nó oifig ann a dúirt go raibh orthu an Ghaeilge a úsáid leis an bpobal uair sa bhliain.
Dúirt Tom Ward gurb í fís na Seirbhíse Cúirteanna ná timpeallacht a chruthú “ina ndéantar an Ghaeilge a chomhtháthú gan stró [ina] hoibríochtaí laethúla”. Dúirt sé go bhfuil sé i gceist acu cultúr a chothú laistigh den tSeirbhís “a chuireann luach ar úsáid na Gaeilge ag gach leibhéal”.
Dúirt Ward go bhfuil sé “muiníneach” go dtiocfaidh “feabhsuithe nithiúla” ar sholáthar na seirbhísí Gaeilge sa tSeirbhís Cúirteanna ach go mbraitheann na gníomhaíochtaí a luaitear sa straitéis ar mhaoiniú.
“Táim ag tnúth le bheith ag obair le gach duine chun an straitéis seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus chun córas cúirteanna a bhaint amach ina mbeidh an Ghaeilge faoi bhláth taobh leis an mBéarla. Agus an méid sin á dhéanamh againn, cuirimid le hÉirinn atá níos cuimsithí, níos measúla agus níos bríomhaire ó thaobh an chultúir de,” a dúirt sé.
Sonraítear sa cháipéis 44 “gníomhaíocht” le bonn níos láidre a chur faoin nGaeilge sna cúirteanna. I measc na mbeartas sin tá seachadadh an chláir oiliúna ‘Legally Líofa’, clár atá “saincheaptha don Ghaeilge” agus a bhfuil sé mar aidhm aige “baill foirne a ullmhú le bheith in ann a gcuid dualgas a chomhlíonadh i nGaeilge ar bhealach muiníneach agus iontaofa”.
“Beidh an oiliúint seo ar siúl faoi dhó sa bhliain agus beidh ranganna ar siúl le linn gnáthuaireanta oibre agus béim ar oiliúint a chur ar bhaill foirne i róil speisialta, eadhon cláraitheoirí, baill foirne atá os comhair custaiméirí agus baill foirne i gceantair Ghaeltachta chun a gcuid dualgas a chomhlíonadh trí Ghaeilge,” a deirtear sa straitéis.
Ar na beartais eile atá sa straitéis tá struchtúr nua earcaíochta chun níos mó Gaeilgeoirí a mhealladh, plean le húsáid na Gaeilge in imeachtaí cúirte a dhéanamh níos éasca,
níos mó comarthaíochta i nGaeilge agus níos mó deiseanna oiliúna i nGaeilge.
Tá sé i gceist chomh maith tacú le Breithiúna ó thaobh úsáid na Gaeilge.
Déanfar “scrúdú” chomh maith ar fheachtas feasachta a fhorbairt ar mhaithe le daoine a spreagadh “chun smaoineamh ar an rogha teanga is fearr leo agus iad ag déileáil leis an tSeirbhís Cúirteanna”.
Fág freagra ar '‘Legally Líofa’ – straitéis Gaeilge foilsithe ag an tSeirbhís Cúirteanna den chéad uair'