LÉAMHTHUISCINT: Cruthóidh ganntanas múinteoirí an lae inniu go leor fadbanna dúinn amach anseo

Léamhthuiscint 2 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Cruthóidh ganntanas múinteoirí an lae inniu go leor fadbanna dúinn amach anseo

Bhí lá ann gur áiríodh ceird na múinteoireachta sa tír seo ar cheann de na gairmeacha ba thábhachtaí agus ba mhó gradam in aon bhaile. Théití chuig an múinteoir, chomh maith leis an dochtúir agus an sagart paróiste le comhairle, síniúcháin agus uaireanta beannacht a fháil don mhéid a bhí beartaithe ag duine.

De réir mar a thosaigh muid ar fad ag dul níos faide leis an oideachas agus ag saothrú níos mó cáilíochtaí tá an chuma ar an scéal gur mhaolaigh stádas an mhúinteora. Níor breathnaíodh ar an ngairm mar cheann a raibh gradam ag baint leis. Baineadh leas as an nath ‘Those who can do. Those who can’t teach’ go rialta.

Ó thaobh an chórais stáit cuireadh tuilleadh brú ar mhúinteoirí bliain in aghaidh bliana. Ranganna níos mó, páistí le breis deacrachtaí agus riachtanas. Seanscoileanna gan na háiseanna ar fad a bheadh riachtanach le hoideachas den scoth a chur ar an gcéad ghlúin eile. Go leor páistí ag foghlaim i seomraí réamhdhéanta. Go leor múinteoirí ag obair ar chonarthaí páirt-aimseartha agus ar phá níos ísle ná comhghleacaithe mar thoradh ar chinntí airgeadais ag bord an rialtais

Bhí tráth sa tír nuair a théadh tú chun cainte le múinteoir gairmthreorach sa mheánscoil agus go háirithe dá mba chailín tú, gur moladh duit dul le múinteoireacht nó altracht. Níor smaoinigh aon duine an mbeadh tú feiliúnach le seasamh os comhair deich nduine fhichead páistí chuile lá. Agus go gcaithfeá, ag brath ar aois na ndaltaí a bheith mar mháthair, mar dhochtúir, mar altra, mar chomhairleoir agus mar chara acu chomh maith le bheith ag múineadh ranga.

Tá muid anois sa gcás go bhfuil géarchéim sa tír de bharr ganntanas múinteoirí. Agus go leor díobh sin dá bhfuil ann níl siad cáilithe leis an obair a dhéanamh mar is cuí – baineann sin go mór mór le cumas mhúinteoirí na tíre gasúir a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.

Tá múinteoirí óga na tíre ag dul thar lear má fhaigheann siad deis. Tá siad ardcháilithe agus thar a bheith cumasach. Tá tuarastail agus coinníollacha oibre níos fearr ar fáil dóibh thar lear. Níl siad in acmhainn tithe a cheannacht anseo sa mbaile agus ní léir go mbeidh aon fhuascailt ar an bhfadhb sin gan mhoill. Ní thairgtear do mhúinteoirí nua-cháilithe ach obair ar phainéal atá thar a bheith éiginnte.

Cén t-iontas mar sin go bhfuil ganntanas múinteoirí sa tír? Níl múinteoirí ionaid ar fáil agus tá fadhbanna ollmhóra múinteoirí le Gaeilge a fháil i ngaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Níl daoine óga ag dul le múinteoireacht mar a bhíodh san am a caitheadh mar áirítear gur beag buíochas ná saothrú atá le fáil as an ngairm.

An fhadhb a chruthaíonn sé sin? Ceal múinteoirí tá an chéad ghlúin eile ag fáil a gcuid oideachais i gcóras atá easnamhach lochtach. Agus is iad an chéad ghlúin eile an léas dóchais is mó atá againn. Mura gcinntíonn muid go bhfuil siadsan ag fáil an oideachais is fearr is féidir, tá muid ag cruthú fadhbanna gan áireamh dúinn féin don todhchaí.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén tslí a gcuireann an pictiúr leis an alt, meas tú?
  2. Cad deirtear sa chéad alt faoin dearcadh a bhíodh ann tráth i leith na múinteoireachta?
  3. Cén fáth ar tháinig maolú ar an stádas sin dar leis an údar?
  4. Cén bhrí a bhaineann tú as an nath ‘Those who can do. Those who can’t teach’?
  5. Déan an nath sin a aistriú go Gaeilge.
  6. Cén bhaint atá ag seomraí réamhdhéanta leis an scéal?
  7. Cén fáth a bhfuil múinteoirí óga ag dul thar lear?
  8. Cad deirtear faoi ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta?
  9. Cén bhrí a bhaineann tú as an abairt thíos:

“Agus is iad an chéad ghlúin eile an léas dóchais is mó atá againn.”

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
    • ceird
    • beartaithe
    • géarchéim
    • cumasach
    • áirítear
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
    • gairm
    • ag saothrú
    • baineadh
    • in acmhainn
    • éiginnte
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla do na nithe seo a leanas san alt:
    • Ainmfhocal san uimhir uatha.
    • Briathar san aimsir fháistineach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Céim chomparáide na haidiachta.
  • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Cruthóidh ganntanas múinteoirí an lae inniu go leor fadbanna dúinn amach anseo'