Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna tuisceana agus léirthuisceana
- Cén fáth dar leat ar cuireadh an fhísghrafaic seo le chéile?
- Cén fáth a luaitear ceannlínte sa chéad alt?
- Céard atá i gceist le “cros-seiceáil”?
- Céard atá i gceist le “iontaofa”?
- Má bhaineann an scéal gáire asat céard ba cheart duit a bheith airdeallach faoi?
- Cén uair ar cheart duit cuardach claoníomhánna a úsáid?
- Déan cur síos i d’fhocail féin céard atá i gceist le bréagnuacht?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh Léitheoireachta
- Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie nó abair.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.
Gníomhaíocht 3 – Nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs.
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- Nod
- Preab
- D’fhéadfá
- Cuardach
- Scaip/ag scaipeadh
- Déan iarracht na cinn seo a chur in abairt scríofa.
- Claonta
- Guaim
- Earráid
- Aitheanta
- Iontaofa
- Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
Gníomhaíocht 4 – Bí ag scríobh agus ag caint:
- Téigh chuig rannóg nuachta tuairisc.ie agus aimsigh cúig scéal nuachta.
- Déan dhá cheannlíne a chumadh do gach ceann; ceann cruinn agus ceann gáifeach.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar teanglann.ie agus www.focloir.ie.
- Ansin, léigh na deich gceannteideal atá scríofa ag do pháirtí. An bhfuil tú in ann na cinn chruinne agus na cinn gháifeacha a aithint? Inis do do pháirtí cén fáth.
Gníomhaíocht 5 – Nasc ábhartha eile:
- Seo nasc chuig alt eile ar Tuairisc.ie faoin mbréagnuacht.
- https://tuairisc.ie/laithreach-bonn-dushlan-don-daonlathas-an-bhreagnuacht-agus-gearcheim-an-mhi-eolais/
- Léigh é agus déan é a phlé le do pháirtí.
Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Conas bréagnuacht agus mí-eolas a aithint…'