LÉAMHTHUISCINT 15: Is gearr nach mbeidh i saol na tuaithe ach ‘cárta poist’ ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin…

Léamhthuiscint 15 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT 15: Is gearr nach mbeidh i saol na tuaithe ach ‘cárta poist’ ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin…

Má leanann cúrsaí mar atá beidh an tuath amhail na híomhánna rómánsúla, seafóideacha a bhíonn le feiscint ar na cártaí poist a cheannaíonn na turasóirí agus iad ar cuairt sa samhradh

  1. Tá tamall ann anois ó nocht an tAire Airgeadais, Charlie McGreevy,  Clár Díláraithe an Rialtais don domhan mór agus a mháthair ina óráid bhuiséid ar an 4 Nollaig, 2003. Bhíothas chun saol na tuaithe a chlaochlú agus chun anáil nua a shéideadh isteach inti. Chuirfí stop leis an meath tubaisteach a bhí tosaithe le scór bliain roimhe sin agus a bhí ag dul in olcas gach bliain a ghabh thart. Mar is eol do chách faoin am seo ba bheag duine a bhí sásta a ngreim ar an ardchathair a scaoileadh agus ní raibh rath ar bith ar an bhfiontar.
  2. Ach ar a laghad dhein McGreevy iarracht – sin an bealach a fhéachaimse ar an ‘ruathar buile’ úd anois. Sna blianta roimh dheireadh an chéid seo caite bhí mé bodhar de bheith ag éisteacht le tráchtairí sóisialta agus polaitiúla (a raibh cónaí ar a bhformhór san ardchathair) ag moladh fiontar a bhí mórán mar an gcéanna leis an gceann a chuir Charlie os ár gcomhair. Ní túisce é curtha ar an saol aige ná gur thosaigh siad á cháineadh agus á cháineadh go géar. Is mór idir briathar agus gníomh. Nuair a tháinig an crú ar an tairne ní raibh ach mionlach fíorbheag sásta saol na cathrach a thréigean ar mhaithe le saol na tuaithe. Iad siúd a bhog amach ba le drogall a rinne siad é, cuid mhaith acu.
  3. Sin í an aincheist. Is fusa rudaí a rá ná a dhéanamh. Braithim ag an bpointe seo nach bhfuil i saol na tuaithe ach coincheap. Cineál íomhá mhaoithneach, rómánsúil, thnúthánach atá ag lear mór daoine a thugann seápanna fúithi ar a laethanta saoire nó nuair a thagann an ghrian amach nó nuair a theastaíonn faoiseamh uathu. Ní hionann san agus maireachtaint inti ó cheann ceann na bliana. Dála an scéil, is fear tuaithe mé féin a thréig saol na tuaithe tamall fada ó shin agus nach bhféadfadh maireachtaint inti anois. Ní fhéadfainn maireachtaint faoin tuath mar go bhfuil sí bánaithe, athraithe, tréigthe agus imeallaithe ó chónaigh mé inti tá breis agus dhá scór bliain ó shin.
  4. Cuireann an-chuid daoine an milleán faoi bhánú na tuaithe ar an gcinneadh go gcláróimis mar bhall de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa sa bhliain 1973. Bhí muintir na tuaithe féin scoilte maidir leis an gcinneadh úd, arbh é ár leas nó ár n-aimhleas a bhí ann. Creidim féin nach raibh an dara rogha againn ag an am. Bhí an meath tosaithe i bhfad roimhe sin. D’imigh na mílte agus na mílte daoine ar imirce ó na ceantair thuaithe sna caogaidí agus nuair a bhí mé ag fás aníos sna seascaidí bhí plúr na bhfear agus na mban óg ar iarraidh ó mo cheantar féin agus an dream a bhí fágtha imithe anonn go maith sna blianta.
  5. Aisteach go leor, ba chinneadh rialtais eile a thug an buille tubaisteach do thodhchaí na tuaithe, dar liom. Sa bhliain 1967 a tharla sé sin nuair a chuir an tAire Oideachais, Donnchadh Ó Máille, tús le saoroideachas do chách. Bhris sé an slabhra a bhí ann leis na mílte bliain a choinnigh daoine óga ar an talamh. Thosaigh daoine óga ag freastal ar na meánscoileanna ina sluaite agus laistigh de roinnt bheag blianta bhí an státseirbhís, na coláistí traenála, na hollscoileanna agus na seomraí nuachta ag tarraingt a n-airde. Ba í saol na feirme an chloch ba lú ar a bpaidríní.
  6. Leanadh leis an dídhaonrú ina dhiaidh sin. Tháinig an nuatheicneolaíocht ansin. Lean rialtas i ndiaidh rialtais ar aghaidh leis an gcur i gcéill, an fhimíneacht agus an ‘labhairt as dhá thaobh do bhéil’ maidir leis an tuath. Agus tithe an rialtais go léir lonnaithe san ardchathair. Agus na poist go léir le fáil i ngach áit eile seachas faoin tuath. Agus é níos deacra d’fhear nó do bhean tuaithe cead pleanála a fháil ina gceantar féin ná mar a bhíonn sé ag duine ón taobh amuigh teacht isteach chun teach samhraidh a cheannach.
  7. Agus leis an dídhaonrú is beag vótaí atá faoin dtuath. Mar sin tá sé i bhfad níos éasca siléig a dhéanamh i leith na tuaithe – oifigí poist a dhúnadh, faillí a dhéanamh ar infreastruchtúr, bunscoileanna a dhúnadh, ligean do sheirbhísí taistil agus sláinte titim siar, gan postanna nó deiseanna fostaíochta a chruthú, gan áiseanna siamsaíochta agus spóirt a fhorbairt do na daoine óga, gan cuidiú leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, gan infheistíocht ná maoiniú a chur ar fáil do na tionscail sheanbhunaithe ar nós thionscal na feirmeoireachta, na hiascaireachta agus na dtionscal tinteáin. I bhfocail shimplí, fágann bánú na tuaithe gur furasta faillí iomlán a dhéanamh uirthi le súil is go n-imeoidh sí ó chlár na cruinne ar fad. Béalchráifeacht agus cur i gcéill. Má leanann cúrsaí mar atá beidh an tuath amhail na híomhánna rómánsúla, seafóideacha a bhíonn le feiscint ar na cártaí poist a cheannaíonn na turasóirí agus iad ag taisteal ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin gach samhradh.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén fáth a luaitear Charlie McGreevy in alt 1?
  2. Cad a bhí á mhaíomh nuair a seoladh Clár Díláraithe an Rialtais? (alt 1)
  3. Cad deir an t-údar faoi thráchtairí sóisialta agus polaitiúla? (alt 2)
  4. Cén fáth nach bhféadfadh an t-údar bualadh faoi faoin tuath? (alt 3)
  5. Cad a tharla i 1973? (alt 4)
  6. Cén bhaint atá ag Donnchadh Ó Máille leis an scéal? (alt 5)
  7. Cén fáth a luaitear an nuatheicneolaíocht in alt 6?
  8. Cad deir an t-údar faoi chead pleanála? (alt 6)
  9. Cén fáth, dar leis an údar, a bhfuil sé éasca siléig a dhéanamh i leith na tuaithe? (alt 7)
  10. Cén fáth a luaitear Slí an Atlantaigh Fhiáin ag deireadh an ailt?

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cén cineál ailt é seo, meas tú? Cuir cúiseanna le do fhreagra.
  2. Cén fáth ar scríobhadh an t-alt seo, meas tú?
  3. Meas tú céard atá i gceist leis an bhfrása ‘ruathar buile’ in alt 2?
  4. Cad is brí leis an abairt dheireanach in alt 5?
  5. Cad iad na príomhphointí atá ag an údar, dar leat?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar saor san aimsir chaite in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 2.
  • Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail agus an tuiseal ginideach. Inis an bhfuil na focail thíos baininscneach nó firinscneach agus cuir sa tuiseal ginideach iad ansin.
    • máthair
    • ceist
    • tuath
    • cinneadh
    • imirce

Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

An bhfuil an ceantar áitiúil seo agaibhse ag meath nó ag fás?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • an bhfuil daoine ag bogadh ón gceantar nó isteach ann?
    • fostaíocht
    • áiseanna
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT 15: Is gearr nach mbeidh i saol na tuaithe ach ‘cárta poist’ ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin…'