Ar do shúile atá sé…
-
Nuair a tháinig an taifeadán fístéipe ar an saol i dtosach, thóg lucht Hollywood cás os comhair na cúirte ag iarraidh na gléasanna a chosc. Rialaigh na cúirteanna go raibh sé de cheart ag duine clár a thaifeadadh chun go bhfeádfadh sé breathnú air ag am eile. Thóg sé ocht mbliana ar fad sular deineadh an rialú deireanach ar an gcás i gCúirt Uachtarach na Stát Aontaithe i 1984, agus faoin am sin, bhí na comhlachtaí scannáin ag tuilleamh go leor airgid as fístéipeanna a dhíol. Bhí an saol athraithe agus bhí glactha leis an bprionsabal gur cheart go mbeadh ábhar físe ar fáil don lucht féachana ach é a éileamh, de réir an chláir ama is rogha leis an duine féin.
-
B’é an nós coitianta ar feadh i bhfad go dtabharfaí tús áite don eisiúint phictiúrlainne, i gcás na scannán ab fhearr. Ansin scaoilfí amach ar fhístéip iad, ansin ar an teilifís (satailít agus cábla ar dtús, teilifís tíre ina dhiaidh sin). Cúis náire a bhí ann do scannán dá dtógfaí an cinneadh gan eisiúint phictiúrlainne a thabhairt dó agus ligean dó bheith ar fáil i gcruth fístéipe ‘caol díreach’.
-
Ach leis na forbairtí is úire sa teicneolaíocht, tá ceannasaíocht na pictiúrlainne á ceistiú arís. Ní teilifíseáin bheaga shuaracha atá anois againn ach scáileáin bhreátha leathana le córais imfhuaime: amharclanna teaghlaigh. Ná níl orainn turas a thabhairt ar shiopa na bhfíseán le DVD a fháil ar cíos. Tá togha agus rogha craoltóireachta na míosa ar fáil ó na ‘seinnteoirí’ éagsúla atá ag na stáisiúin theilifíse. Agus ansin tá Netflix.
-
Le déanaí, shínigh Netflix conradh leis an aisteoir Adam Sandler go ndéanfadh sé ceithre scannán dóibh, scannáin a thaispeánfar go heisiach ar Netflix. Freisin, tá fógartha acu go mbeidh The Green Legend, a leanann scannán cáiliúil Crouching Tiger, Hidden Dragon, le feiceáil ar dtús ar Netflix nuair a sheolfar é i gceann bliana. Beidh an scannán sin le feiceáil i bpictiúrlanna IMAX ag an am céanna, ach ní fios an mbeidh sé i ngnáthphictiúrlanna in aon chor.
-
Cad ’tá i ndán do ghnáthphictiúrlanna mar sin? Mar a tharlaíonn sé, tá siad ag leanúint sampla na teilifíse, ar shlí. Muna raibh tú in ann ticéad a fháil do na trí chluiche craoibhe sa pheil Ghaelach agus san iomáint i mbliana, bhí rogha eile agat más amhlaidh nach raibh an scáileán sa bhaile mór a dhóthain duit. Taispeánadh na cluichí sin beo, i bpictiúrlanna ODEON ar fud na tíre. Bíodh is go bhfuil pictiúrlanna sa bhaile againn anois, is deas an rud é fós a bheith ‘gualainn le gualainn’ ag an ócáid mhór.
Bileog Oibre
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:
-
Céard a tharla nuair a tháinig an taifeadán fístéipe ar an saol i dtosach? (alt 1)
-
Cén rialú a rinne na cúirteanna ar deireadh? (alt 1)
-
Céard a bhí na comhlachtaí móra ag déanamh faoin tráth seo? (alt 1)
-
Cén nós a bhí ann ar feadh i bhfad? (alt 2)
-
Cad is brí le scannán a bheith ar fáil ar fhístéip ‘caol díreach’? (alt 2)
-
Cá bhfuil togha agus rogha na craoltóireachta le fáil anois? (alt 3)
-
Mínigh an conradh atá ag Adam Sandler le Netflix. (alt 4)
-
Cad deirtear faoin scannán The Green Legend? (alt 4)
-
Céard iad na rudaí nua atá na pictiúrlanna ag déanamh? (alt 5)
-
Céard is brí leis an bhfrása ‘gualainn le gualainn’?
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse.
- Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Léigí na ceisteanna agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.
Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:
-
Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
-
Éist siar leis.
-
Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: Bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie.
Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:
-
Aimsigh sampla do bhriathar san aimsir chaite in alt 1.
-
Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
-
Aimsigh sampla do chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 3.
-
Aimsigh sampla do bhriathar sa mhodh coinníollach in alt 4.
-
Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail. (Inis an bhfuil na hainmfhocail thíos baininscneach nó firinscneach. Ansin bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):
-
Tá an (bean) ag súil lena fear céile a fheiceáil ag an deireadh seachtaine.
-
Tá an (sráid) an-salach.
-
Tógfar an (ionad) siopadóireachta nua i ngiorracht scread asail do mo theach.
-
Beidh an (múinteoir) déanach don rang mar tá sé gafa i gcruinniú.
-
Téann go leor daoine ag an (séipéal) sin.
Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:
- Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:
- An maith leat féin an teilifís/Netflix/an phictiúrlann? Céard iad na cláir/scannáin is mó a thaitníonn/thaitin leat.
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs thíos a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie.
- Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos, déan moladh, déan cáineadh, taispeáin suim, cuir taitneamh in iúl
- Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
- Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.