Léamhthuiscint 03

Léamhthuiscint 3 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis.

Baby dummy

An Saol mar atá sé Inniu.

  1. Níl aon pháistí agam, agus nuair a bhreathnaím ar ghaolta agus ar chairde ar comhaois liom a bhfuil clann óg orthu, is minic a mheasaim gur maith an rud é nach bhfuil. Ní hiad na hoícheanta gan chodladh agus na clúidíní salacha is cúis leis sin. Is é an chaoi go mbeadh faitíos an domhain orm faoin gcineál saoil a bhfásfadh páiste aníos ann inniu.

  2. Cloigne á mbaint ó ghialla ag an Stát Ioslamach, gach rud le feiceáil ar YouTube. Ná céadta míle duine marbh sa tSiria agus na milliúin ar a dteitheadh. Cogadh neamhfhógartha idir an Rúis agus an Úcráin, eitleán paisinéirí scriosta ag roicéad. Buamaí ar stráice Gaza, ionsaithe sceimhlitheoireachta ar Ghiúdaigh ar Mhór-Roinn na hEorpa. Cailíní á bhfuadach agus á ndíol mar sclábhaithe sa Nigéir, cogadh cathartha i Mailí, galar doleigheasta ag marú na mílte in iarthar na hAfraice, báidíní na mílte teifeach báite sa Mheánmhuir. Is cuid den saol iad coimhlint agus cogadh le cuimhne na ndaoine. Ach bhí lá ann i lár an tsamhraidh seo – an 17 Iúil – go bhféadfaí a mhaitheamh don té a cheap go raibh lá an Luain tagtha, gan ar an nuacht ach eachtra MH17 in oirthear na hÚcráine, buamáil Ghaza agus trodaíocht fhíochmhar ag aerfort Tripoli sa Libia.

  3. Is iomaí uair a cuireadh míshuaimhneas ginearálta an lae inniu i gcomparáid leis an éiginnteacht a bhí i réim díreach roimh an gCéad Chogadh Domhanda, a thosaigh céad bliain ó shin. Ach is leis na 1930í a fheicim féin cosúlachtaí go háirithe; lag trá eacnamaíochta, ciníochas agus seineafóibe san Eoraip agus impireacht bhagrach ar cuid den Mhór-Roinn sin í a n-éiríonn léi codanna de thíortha eile a ghabháil gan éinne a bheith in ann sin a chosc. Cuir truailliú na timpeallachta, athrú aeráide agus an spiadóireacht fhorleathan atá ar bun ag rialtais agus ag ollchomhlachtaí leis an liosta thuas, agus tuigfidh tú cén fáth gur faoiseamh dom é nach bhfuil an fhreagracht orm clann óg a thógáil i ndomhan an lae inniu.

  4.  ‘Nach méanar dúinn inár gcúinne beag féin?’ ba ghnáth le bean as Tír Chonaill, máthair carad liom, a rá lena hiníon gach uair dá bhfaca sí drochscéal ó áit éigin thar lear ar an teilifís. Gan dabht, is ar imeall na hEorpa a chónaíonn muintir na hÉireann – i bhfad ón Úcráin, ón Iaráic, ón tSiria. Ach ní chiallaíonn sé sin nach cás le Gaeil a bhfuil ag tarlú thar toinn. Ní gá ach breathnú ar na greamáin ag tacú le muintir na Palaistíne ar chuaillí solais fud fad na hÉireann, nó ar dhíospóireachtaí fíochmhara ar na meáin shóisialta – i nGaeilge – faoin Úcráin, faoin Iaráic nó faoin gCatalóin, le fáil amach gurb é a mhalairt atá fíor.

Bileog Oibre

Bileog Oibre

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cén fáth go measann an t-údar gur maith an rud é nach bhfuil páistí aige (alt 1)?
  2. Cad iad na rudaí uafásacha atá ag tarlú ar fud an domhain (alt 2 – is leor dhá phointe)?

  3. Cad a deir an t-údar faoi chogadh agus coimhlint in alt 2?

  4. Céard a tharla ar an 17 Iúil?

  5. Cén fáth a bhfeiceann an t-údar comparáidí leis an saol sna 1930í?

  6. Céard iad na rudaí eile a chuireann sé leis an ‘liosta’ (alt 3)?

  7. Cá gcónaíonn muintir na hÉireann, dar le halt 4?

  8. Cén chaoi go bhfuil a fhios againn go bhfuil spéis ag muintir na hÉireann in eachtraí a tharlaíonn thar lear?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse
  • Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.

  • Léigí na ceisteanna agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.

  • Éist siar leis.

  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir láithreach in alt 1.

  2. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.

  3. Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite in alt 3.

  4. Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 4.

  5. Sracfhéachaint ar an aimsir fháistineach (Bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):

  • (Faigh) mé go leor bronntanas an Nollaig seo.
  • (Ní – tar) siad ar cuairt chugainn amárach.

  • (Buail – sinn) leis an múinteoir an tseachtain seo chugainn.

  • (Fás) an crann sin go hard sna blianta atá romhainn.

  • (Siúil) mé ar scoil gach lá an mhí seo chugainn.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

  1. An bhfuil spéis agat in eachtraí a tharlaíonn thar lear?
  2. An bhfuil spéis agat in eachtraí a tharlaíonn thar lear?
  3. Céard iad na scéalta atá sa nuacht faoi láthair?
  4. An tír mhaith í Éire le bheith ina cónaí inti?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos, déan argóint, cuir tuairimí i láthair, cuir rogha in iúl, abair gur maith/nach maith leat rudaí agus cén fáth.
  • Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.