Léamh tomhaiste cuimsitheach sollúnta ar eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola

Is cinnte gur léirigh an clár seo éigiall agus luas na n-eachtraí fuilteacha ar an lá úd ach d’fhéadfadh an rabharta sonraí an ceann is fearr a fháil ar an lucht féachana

Léamh tomhaiste cuimsitheach sollúnta ar eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola

Nócha soicind a mhair an sléacht i bPáirc an Chrócaigh ar an 21 Samhain 1920. Lá brúidiúil, cinniúnach i stair an hÉireann, lá ar baisteadh Domhnach na Fola air agus lá ar airíodh a iarmhairtí ar feadh na mblianta.

Bhí Bloody Sunday 1920 (RTÉ 1, Dé Luain) bunaithe ar leabhar tathagach le Michael Foley agus thug an t-iriseoir dúinn cuntas grinn, tomhaiste, sollúnta ar eachtraí fuilteacha an lae úd. Is léir gur chuir meitheal an chláir an-dua orthu féin snáithe uile an lae a tharraingt le chéile agus léamh oibiachtúil a sholáthar.

I dtosach an chláir cuireadh abhaile orainn nárbh ionann an chogaíocht i mBaile Átha Cliath agus an chogaíocht i gceantair eile ar fud na tíre. In áiteanna cosúil le Tiobraid Árann ba threallchogaíocht fhíochmhar a bhí ann, ach i mBleá Cliath ba chomhrac faisnéise a bhí ar siúl.

D’fhág sin gur chathair chodlatach chiúin a bhí inti go fóill agus Cogadh na Saoirse imeallach go maith i saol mórán. Go deimhin bhraith fórsaí na Breataine chomh sábháilte sin go raibh cuid acu buailte fúthu in óstáin agus tithe lóistín.

Bhí cinneadh déanta ag Micheál Ó Coileáin ruathar maraithe a dhéanamh ar 35 gníomhaire faisnéise de chuid na Breataine. Ba iad ‘The Twelve Apostles’ scuad feallmharaithe an Choileánaigh a bhíodh i mbun na hoibre fuiltí seo de ghnáth ach de bharr uaillmhian an mhisin seo b’éigean fir bhreise a earcú. Lámhachadh cúigear déag an mhaidin úd gan taise gan trócaire, sibhialtaigh ina measc. Bhí cuid acu sa leaba agus ina bpitseámaí go fóill.

Deineadh cíoradh ar fhuarchúis mharuithe na maidine. Conas mar a bhain na fir óga seo ciall as an bhfeallmharú seo? An raibh an marú fuarfhuilteach seo ag teacht leis an tuiscint a bhí acu ar chogaíocht? Taispeánadh ábhar cartlainne de bhaill an IRA agus iad ag caint faoin lá úd blianta ina dhiaidh sin, Vinny Byrne in measc, agus ceistíodh an bhfuil a leagan úd ag teacht leis an bhfírinne. Léadh sleachta as litreacha inar léiríodh gur fhág an marú rian ar fhear an ghunna.

San iarnóin thug na póilíní agus fórsaí na Breataine aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh ag tóraíocht na bhfear gunna agus ag lorg díoltais. Ní raibh ach tuairim is deich nóiméad den chluiche idir Baile Átha Cliath agus Tiobraid Árainn imeartha nuair a thosaigh an lámhach. I ndeireadh thiar ba cheathrar déag a maraíodh de bharr an tsléachta nócha soicind.

Giorra anála ar Mhichael Foley is é ag iarraidh cur síos a dhéanamh ar an uafás agus an sléacht a tharla laistigh de nóiméad go leith. Ainmneacha, eachtraí is ráitis ó ghaolta á raideadh chugainn ar dalladh. Is cinnte gur éirigh leis an gcur chuige seo éigiall agus luas na n-eachtraí a léiriú ach ar an láimh eile bhí an baol ann go bhféadfadh an rabharta sonraí seo an ceann is fearr a fháil ar an lucht féachana.

Rith sé liom go bhféadfadh an clár seo a bheith roinnte ina dhá chuid; eachtraí na maidine agus eachtraí na hiarnóna, go háirithe ó bhí meitheal chuidsúlach de chloigne cainte bailithe le chéile: Michael Foley, Marie Coleman, Paul Rouse, Mark Duncan, Anne Dolan agus David Leeson ina measc.

Thabharfadh cur chuige dá leithéid breis scóipe do lucht an chláir cíoradh níos doimhne a dhéanamh ar na téamaí éagsúla. Go deimhin d’fhéadfaí clár ann féin a bhunú ar an mbeirt bhádóirí a bhí ag imirt. D’éirigh bádóir Bhaile Átha Cliath, Johnny McDonnell, go moch an mhaidin sin le bheith i measc na bhfear gunna. Throid an bádóir eile Frank Butler sa Somme le fórsaí na Breataine, rud a chur sé in iúl dóibh go neamhbhalbh nuair a bhí na saighdiúirí ag bagairt air.

Deineadh trácht chomh maith ar iarrachtaí fhórsaí na Breataine an fhírinne an cheilt mar aon leis an leas bolscaireachta a bhain an dá dhream as eachtraí an lae. Meabhraítear dúinn gur cuireadh ochtar díobh siúd a maraíodh in uaigh gan leacht, éagóir nár cuireadh ina cheart go hiomlán go dtí anuraidh.

Clár tomhaiste, cuimsitheach, sollúnta a thug léargas ar eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola.

Fág freagra ar 'Léamh tomhaiste cuimsitheach sollúnta ar eachtraí fuilteacha Dhomhnach na Fola'

  • Liam Óg

    Lá tragóideach ar son na hÉireann agus an CLG.
    Cuimhnímis orthu uilig.
    Iontach chun na ceithre fhoireann céanna (Áth Cliath, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus an Cabhán) a fheiceáil ar ais sna leath-cluichí ceannaise den chéad uair ó 1920

    Ar Dheis Dé go raibh a n-anamacha dílse