Léamh leamh, sollúnta, malltriallach a ar shaol Mary Magdalene agus a caidreamh le hÍosa Críost

Déanann scannán nua iarracht shollúnta an íomhá agus an scigphictiúr de striapach, ‘fallen woman’, an Bhéarla, a athrú ó bhonn

Mary Magdalene

Stiúrthóir: Garth Davis

Cliar: Rooney Mara, Joaquin Phoenix, Chiwetel Ejiofar, Tahar Tahim.

Is iad na blúiríní scríbhneoireachta ag deireadh an scannáin seo is mó a thugann éachtaint ar cad a bhí ag éirí as meitheal an tsaothair is iad ag iarraidh a léamh féin a dhéanamh ar Mháire Mhaigdiléana.

Cuirtear in iúl ansin gur fhógair an Pápa Gréagóir Mór in 591 gur striapach a bhí inti; scéal a cuireadh ina cheart in 2016 nuair a d’fhógair an Vatacáin go mbeadh sí aitheanta feasta mar ‘apostle of the apostles,’ í ar comhchéim anois lena comhghleacaithe fireanna.

Is léir mar sin nach bhfuil aon duine eile sa Bhíobla a bhfuil an míléamh agus an éagóir chéanna déanta air/uirthi is atá déanta ar Mháire Mhaigdiléana. Déanann an scannán seo iarracht shollúnta an íomhá agus an scigphictiúr de striapach, ‘fallen woman’, an Bhéarla, a athrú ó bhonn.

Níl go maith agus níl go holc go mór mhór más Críostaí tú, ach bíonn ort siúl ar an tanaí nuair a bhíonn cúrsaí reiligiúin idir chamáin ar na saolta seo.

Tá daoine ann agus ní lú leo an sioc ná an reiligiún agus tá sciar eile den lucht féachana a thabharfadh faoi shaothar reiligiúin amhail is gur gála de Guardians of the GalaxyThe Hobbit a bheadh ann.

An bhfuil sé indéanta na dreamanna éagsúla sin ar fad a thabhairt le chéile in aon saothar amháin? Ní dóigh liom é.

Dá réir, ní dóigh liom go bhfaighidh siad siúd nach bhfuil aon suim acu sa reiligiún aon súp as seo; agus ní róbhuíoch a bheidh lucht na heachtraíochta ach an oiread.

In ainneoin iarrachtaí ábalta Mara agus Phoenix is léamh leamh, sollúnta, malltriallach a dhéantar ar shaol Mháire agus a caidreamh le hÍosa Críost. Dhein The Da Vinci Code (2006), agus The Last Temptation of Christ (1988), scéal mhadra na n-ocht gcos den ghaol a bhí idir Máire agus Íosa; á rá gur leannáin ba ea iad. Cé go léiríonn an táirge seo go raibh dlúthcheangal eatarthu, agus gurbh í, ar a slí féin ar deireadh, ceann feadhna na n-aspal, cúbtar ó aon chaidreamh rómánsúil/gnéis a léiriú. Ós rud é gur loisceadar an choinneal bhí sé chomh maith acu an t-orlach a loisceadh.

Fágtar sinn le comhráite fadálacha le hÍosa ag cur de ar dalladh agus Máire ag baint lán na súl as le hiontas agus le hómós. Ar uairibh taibhsíodh dom go raibh Íosa agus  na deisceabail á léiriú mar shaghas seict. 

Tugtar sciuird thapa ar eachtraí móra i saol Chríost, eachtraí a bhfuil cur amach maith ag éinne a dhein teagasc Críostaí ar scoil orthu: aiséirí Lazarus, Domhnach na Pailme, an suipéar deireanach agus an Céasadh féin. Frithbhuaic ba ea an-chuid de agus bhí léiriú fuilteach déanta ag Mel Gibson ar an gcéasadh ina tháirge úd ó 2004, The Passion of the Christ.

Bhí an dream seo ar a gcroí díchill ón tús a léiriú gur fáisceadh Máire as sochaí a bhí go hiomlán patrarcach. Cuirtear forlámhas, agus go deimhin tíorántacht, na bhfear abhaile orainn arís agus arís eile. Níor chloígh Máire le gnásanna an ama sin agus dá réir, níorbh fholáir nó bhí sí gafa ag deamhain. ‘We are women, our lives are not our own,’ a deir bean eile le hÍosa agus drochmhianach inti faoin gcos ar bolg a bhí á himirt ar mhná. Téama cumhachtach, láidir é sin ach ní leor sin le cuma is dealramh a chur ar shaothar patuar.

Fág freagra ar 'Léamh leamh, sollúnta, malltriallach a ar shaol Mary Magdalene agus a caidreamh le hÍosa Críost'

  • léitheoir

    Tagaim leat. Thit mo chodladh orm leath-shlí tríd. Bhí 11 duine sa phictiúrlann ar fad. Fear/bean eile ag sranntarnaigh go sámh freisin. Mura mbeadh an ceol chun na bearnaí a líonadh bheadh gach n-aon ina dtromshuan. Bhfuil aon táirge le dealramh sa genre seo ag teacht ó Hollywood a thuilleadh? Is cuimhin liom Ben Hur (Him) agus na ‘Deich n-Aitheanta’ a bhí sármhaith, a cheapas. Gach aon chiúta á chaitheamh leis na haisteoirí ag an lucht féachana. Craic millteach ar fad. Seanabhlas orm ag fágáil na pictiúrlainne an babhta seo (arís) nuair is ardú meanman a bhí mé a lorg. Níorbh fhiú am ná airgead a chaitheamh leis an mboighreán seo.