Leagan Gaeilge den scannán ‘Puffin Rock and the New Friends’ le taispeáint den chéad uair

Tá an scannán beochana bunaithe ar an tsraith teilifíse Puffin Rock a mbíonn an-tóir uirthi i bhfad agus i ngearr

Leagan Gaeilge den scannán ‘Puffin Rock and the New Friends’ le taispeáint den chéad uair

Tá leagan Gaeilge den fhadscannán mór-ráchairte do pháistí Puffin Rock and the New Friends le taispeáint den chéad uair i mBaile Átha Cliath an mhí seo.

Tá an scannán beochana, ina bhfuil an príomhról ag an aisteoir Chris O’Dowd, bunaithe ar an tsraith teilifíse Puffin Rock a mbíonn an-tóir uirthi i bhfad agus i ngearr.

Ag Féile na dTeaghlach Institiúid Scannán na hÉireann (IFI) a bheidh an chéad léiriú de Puffin Rock agus Cairde Nua, leagan Gaeilge den fhadscannán a mbeidh fotheidil Bhéarla leis.

Amach ó chósta na hÉireann atá an t-oileán ‘Puffin Rock’ agus insítear sa tsraith agus sa scannán scéalta faoi eachtraí an fhuipín Oona agus a deartháir beag Baba.

Sa scannán Puffin Rock agus Cairde Nua tá a bhfuil i ndán don oileán féin idir dhá cheann na meá agus is faoi Oona agus a cairde a bhíonn sé a baile agus a pobal a thabhairt slán.

An Cartoon Saloon, a rinne scannán amhail Song of the Sea/Amhrán na Mara, a ainmníodh do dhuais Oscar, agus Dog Ears, stiúideo i nDoire, a rinne an scannán nua.

San IFI i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh an 20 Lúnasa a thaispeánfar Puffin Rock agus Cairde Nua den chéad uair.

Léirmheasanna moltacha a ghnóthaigh an leagan Béarla den scannán nuair a tháinig sé amach an mhí seo caite.

Beidh Féile na dTeaghlach an IFI ar siúl idir an 18-20 Lúnasa.

Fág freagra ar 'Leagan Gaeilge den scannán ‘Puffin Rock and the New Friends’ le taispeáint den chéad uair'