Leabhar ó údar ar mó a chuid eolais faoi mhionchúinní litríocht na Gaeilge ná aon duine beo eile

Nochtadh solasmhar atá i leabhar nua Philip O’Leary ar dhrámaíocht na Gaeilge mar a bhí ar feadh daichead bliain agus músclaíonn ann ceisteanna atá beo gan réiteach i gcónaí

Leabhar ó údar ar mó a chuid eolais faoi mhionchúinní litríocht na Gaeilge ná aon duine beo eile

Setting the stage!

Más ceadmhach tosnú le cliché arís, ní hí an drámaíocht an fhoirm litríochta Gaeilge is fairsinge a cleachtadh suas is anuas le ficsean agus le filíocht. Níos measa ná sin is cinnte gurb í is lú a scríobhadh ina taobh, óir níl ach dornán beag saothar a chuaigh riamh i ngleic leis an ábhar, cuid acu le Philip O’Leary, údar an leabhair seo féin Setting the Stage: transitional playwrights in Irish 1910-1950 (Cork University Press €39). 

Agus ós rud é go bhfuil an stáitse agam tá leabhar eile tagtha tur te ón gcló le seachtain anuas, mar atá, Ó Chleamairí go Ceamaraí in eagar ag Éadaoin Ní Mhuircheartaigh, Róisín Ní Ghairbhí agus Pádraig Ó Liatháin (Cló Léann na Gaeilge) ar cnuasach aistí ilghnéitheacha faoin drámaíocht atá ann.

Ina choinne sin thall bhí tréimhsí ann ina raibh comáint fhíochmhar faoin drámaíocht agus ina raibh cuid de na scríbhneoirí is nótálta sa Ghaeilge ina bun go rábach. Bíodh a theist sin ar an leabhar cheana a chuir O’Leary de An Underground Theatre: major playwrights in the Irish language 1930-1980 (2017) ina bpléann sé go mion saothair stáitse Mhairéid Ní Ghráda, Sheáin Uí Thuama, Chríostóra Uí Fhloinn, Eoghain Uí Thuairisc agus Shéamuis Uí Néill. 

Ba dhóigh leat gur saghas réamhshaothar é seo don cheann thuasluaite agus déarfaí nach raibh aon duine de na drámadóirí atá idir chamáin phléite anseo chomh táscúil leis an dream cheana. Mar sin féin, is léiriú cuimsitheach agus plé meáite atá sa leabhar seo ar Phiaras Béaslaí, Gearóid Ó Lochlainn, Leon Ó Broin, Séamus de Bhilmot agus Walter Macken ar díol leabhair agus airde iad. 

Fág an réamhrá agus an t-iarfhocal as an áireamh, tugtar caibidil faoi leith suas do gach duine den chúigear ina ndéantar trácht ar a mbeatha is ar a saothar go ginearálta, agus ina bpléitear drámaí faoi leith go mion agus go macánta.

Is furasta ábhar grinn a dhéanamh anois de na hiarrachtaí tosaigh sin ar fad ina bhféadfadh cúpla dosaen aisteoirí a bheith luaite le dráma, nó go mairfeadh sé seacht n-uaire an chloig dá léireofaí siar amach go hiomlán é, nó go raibh teidil ar nós Bó i bPollAn Táilliúir Cleasach orthu, ar dócha nach dtaispeánfaí ar TG4 iad anois. Ach ba ghá na drámaí simplí tuaithe sin i dtosach ionas go bhfaigheadh daoine cleachtadh ar an ealaín féin, agus go donndeimhin go bhfaigheadh an lucht féachana taithí ar a bheith ag féachaint orthu. Níl an t-údar drochmheastúil ar iarracht ar bith, ach déanann iad a shuíomh go beacht ina ndúchas agus ina dtimpeallacht féin. 

Maidir leis na caibidlí ar leith leantar patrún soiléir go maith. Tugtar eolas beathaisnéise agus réim an scríbhneora dúinn, déantar achoimre ghonta shoiléir ar na drámaí, déantar trácht ar conas ar glacadh leo agus pléitear log, cineál agus minicíocht a léirithe.

Murab ionann agus an ceathrar eile anseo ba cheart go mbeadh eolas fairsing go maith ar Phiaras Béaslaí, gan trácht ar leabhar mór Phádraig Uí Shiadhail ina thaobh. Mar sin féin, toisc nach léirítear a chuid drámaí níos mó, is fíorluachmhar dúinn an cuntas a thugann Philip O’Leary uaidh. Is cosúil gur chreid sé go diongbháilte in ealaín na hamharclainne agus an gá leis an lucht féachana a thabhairt leis. Chuige sin scríobh sé sraith de dhrámaí gearra grinn a bhí i gcónaí dea-dhéanta agus dea-chóirithe. Scríobh sé drámaí níos uaillmhianaí chomh maith, cuid acu ‘cóirithe’ ón bhFraincis, fara bundrámaí ar cheart níos mó airde a thabhairt orthu, dar leis an údar.

Ceann díobh sin is ea Cúigeachas a ndeirtear ina thaobh ‘deserves to be known better’ agus de réir an chuntais is léir go bpriocfadh sé suim daoine áirithe ar aon nós. An príomhcharachtar, is Ciarraíoch é a bhfuil an dúil mhallaithe aige i ngach rud Muimhneach, go háirithe Gaoluinn, nó Gaelainn na Mumhan ionas nach ligfeadh sé d’iníon leis aon duine a phósadh nárbh as an gcúige é. Bheadh an-éileamh air in Amharclann Ghaoth Dobhair. Deir O’Leary mar gheall ar An Danar go bhfuil ar cheann den dá nó trí dhráma is fearr a cumadh sa leathchéad bliain thosaigh den athbheochan. Ní beag sin de mholadh.

B’fhéidir gurb é Gearóid Mac Lochlainn an duine is mó a tharraing drámaíocht na Gaeilge ar urla theann isteach san bhfichiú haois. Thar aon duine eile den chúigear b’fhear amharclainne go smior a bhí ann. Go deimhin, is go glantimpistiúil a déanadh drámadóir as de thoradh riachtanais. Ba mhó de léiritheoir agus d’aisteoir é ná scríbhneoir, ach ba dhuine é nuair a chonaic sé deacrachtaí agus fadhbanna, in áit dul ag éagaoin is ag olagón ina dtaobh, chrom sé ar réiteach a lorg. Tugtar ‘idéalaí pragmatach’ air. Chuaigh sé chun na Danmhairge chomh luath le 1907 d’fhonn ceird na hamharclannaíochta a fhoghlaim, agus fad is a bhí sé ann dhein sé ‘obair thaidhleoireachta’ ar son na hÉireann.

Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an Gate Theatre le Mac Liammóir, Edwards agus Bannard-Cogley, chuir sé an complacht Aisteoirí Átha Cliath ar bun, d’aistrigh sé drámaí ó theangacha iasachta seachas an Béarla, agus is liosta le háireamh na páirteanna éagsúla a bhí aige mar aisteoir, ceann acu sa chéad léiriú de The Quare Fellow le Behan. É seo go léir fara bundrámaí dá chuid féin a sholáthar, rud nach ndéanfadh sé murach go raibh ganntanas de dhrámaí maithe, dar leis, ann. Ach dúirt sé gur chlos dó ‘nach rófhuirist fiú bundráma maith Béarla d’fhágháil sa tír seo’ ach an oiread.

I dtosach na caibidle ar Leon Ó Broin meabhraítear dúinn gur dócha gur dhein an fear é féin dearmad gur scríobh sé drámaí riamh más iontaoibh é a dhírbheathaisnéis féin. Agus fós bhí sé ag scríobh drámaí le leathchéad bliain. B’fhéidir nach cúis iontais dúinn é sin i gcás duine chomh hildánach leis. Tar éis an tsaoil scríobh sé gearrscéalta, beathaisnéisí móra saibhre (Parnell agus An Maidíneach go háirithe) i nGaeilge agus i mBéarla, leabhair staire eile, bhí sé ar chéad bhord eagarthóirí an Ghúim, ar dhuine de bhunaitheoirí An Cumann le Béaloideas Éireann, gan trácht ar an obair laethúil mar rúnaí ar an Roinn Poist agus Telegrafa rud a d’fhág go raibh anáil mhór aige ar chúrsaí RTÉ, idir raidió agus teilifís. 

Ba eisean a shocraigh, leis, go mbeadh an tAngelus le cloisint ar na haerthonnta, i dtreo is gur féidir linn a rá go gcloisimid toradh a chuid saothair faoi dhó gach lá.

Scríobh sé ocht ndráma ar fad, cinn ghearra mar ba nós an chuid ba mhó díobh, agus ceann díobh ina bhfuil mar charachtar ‘a Tan with a heart of gold’ (más Tan a bhí ann dáiríre!) Fairis sin, b’aisteoir, ba mholtóir agus b’aistritheoir é i saol na drámaíochta. Ar leor sin?

Is é Séamus de Bhilmot an té is lú aithne den chomplacht seo ar fad. Thug seisean seirbhís phoiblí uaidh leis, agus ar nós gach duine sa leabhar seo bhí baint ghníomhach eile aige le saol na hamharclannaíochta. Is é is suaithinsí uaidh mar dhrámadóir, áfach, ná gur chuir sé ábhar polaitíochta inár láthair gan leithscéal, ábhar a mhúscail is a mhúsclaíonn ceisteanna móra morálta faoin saol poiblí. Cad déarfaí leis an gcur síos seo sa leabhar ar a dhráma Grádh Níos Mó? ‘Set in the present in the capital city of the fictitious European Country of Urania, the play dramatizes the events surrounding the invasion of the country by its former imperial overlord, which uses the pretext of a border dispute to reduce Urania to its previous colonial status.’ Scríobhadh an dráma sna 1930idí. Cé a dúirt nach raibh drámaíocht na Gaeilge ag féachaint roimpi?

Admhaítear gurb é Walter Macken an drámadóir is tábhachtaí den chúigear seo cé gur mar úrscéalaí sa Bhéarla is mó a aithnítear anois é. Arís eile ar ais, b’aisteoir é chomh maith agus léiritheoir, agus é sáite san obair a bhí ar siúl ag an Taibhdhearc i dtosach agus in Amharclann na Mainistreach ina dhiaidh sin. An Cailín Aimsire Abú ba ea an saothar ba mhó éileamh uaidh, agus léirigh complachtaí amaitéaracha é go minic ar feadh i bhfad. Bhain sé leas as go leor den ábhar i ndráma eile Oighreacht na Mara i gcomhair an úrscéil Rain on the Wind. Ceist mhaith mhór is ea an bhfuil aon seans ann go ndéanfar na drámaí seo a stáitsiú arís?

Leabhar é seo ina dtagann na cúraimí céanna chun barra arís is arís eile ann maidir le drámaíocht na Gaeilge de. Easpa scríbhneoirí, gannchúis lucht féachana, gan aon amharclann faoi leith, drochGhaeilge ag aisteoirí, téamaí seanchaite, faillí an phobail…tá’s againn go léir. Ach tá an chuma air go raibh riamh mar sin.

Leabhar scolártha inléite é seo ó údar a bhfuil eolas cuimsitheach mós fairsing aige ar litríocht na Gaeilge de gach cineál mar atá léirithe aige i sraith de leabhair eolgaiseacha le fada de bhlianta, agus is údar é a bhfuil níos mó ar eolas aige faoi mhionchúinní agus faoi scríbhneoirí leathdhearmadta na teanga ná aon duine beo eile. Nochtadh solasmhar é seo ar dhrámaíocht na Gaeilge mar a bhí ar feadh daichead bliain agus músclaíonn ann ceisteanna atá beo gan réiteach i gcónaí.

Tá moladh faoi leith ag dul do Chló Ollscoile Chorcaí as an slacht atá ar an leabhar, an slacht san is dual dóibh.

Fág freagra ar 'Leabhar ó údar ar mó a chuid eolais faoi mhionchúinní litríocht na Gaeilge ná aon duine beo eile'