Leabhar a ghluaiseann ar aghaidh mar a ghabhadh Christy Ring go saoráideach trí raingléis de chosantóirí Chill Chainnigh

Tá leagan Béarla foilsithe faoi dheireadh de Scéal na hIomána le Liam Ó Caithnia, ar cheann de leabhair mhóra na hÉireann é

Leabhar a ghluaiseann ar aghaidh mar a ghabhadh Christy Ring go saoráideach trí raingléis de chosantóirí Chill Chainnigh

The Epic Origins of Hurling: Ireland’s ancient sport Leagan Béarla den leabhar ‘Scéal na hIomána’ le Liam Ó Caithnia

Goilleann sé orm léirmheas a scríobh ar an leabhar seo. Dá mbeadh an saol ina cheart ní bheadh aon ghá leis. Ina choinne sin thall, tagann loinnir bheag áthais orm go bhfuil sé ann ar son na ndaoine sin go léir a bhí dall air go dtí seo, dá ndeoin nó dá n-ainneoin.

Scéal na hIomána le Liam Ó Caithnia ar cheann de leabhair mhóra na hÉireann. Ní mór amháin sa mhéid is go stopfadh sé urchar dá mbeifeá ina ghátar, ach mór ina mheon, ina fhairsinge, ina chuid eolais, ina léargas staire, ina stíl ghlan Ghaeilge, ina mhórchroí.

Bhí sé ar cheann de na leabhair sin go bhféadfaimis maíomh as go raibh Éire ar eolas againn ar shlí nach raibh teacht ag daoine a raibh Béarla amháin acu. Aon cholún nuachtáin nó aiste spóirt a bhain leis an iomáint, go háirithe timpeall ar aimsir chraobhchluiche na hÉireann, nach raibh aon tagairt ann don leabhar míorúilteach sin, chaitheas uaim é go mear isteach sa chiseán bruscair.

Is amhlaidh anois go bhfuil leagan Béarla de foilsithe faoi dheireadh, cé nach aistriúchán iomlán dílis é, dá fheabhas mar shaothar é. Is é The Epic Origins of Hurling: Ireland’s ancient sport an teideal ábhairín tuathalach atá air, agus tá ráite go bhfuil sé ‘translated and abridged’. Ní luaitear aon aistritheoir amháin leis, mar is foireann oirearc a dhein, agus deirtear gurb iad My Club History (Umbrella Publishing) na foilsitheoirí. Ní dóigh liom go bhfuil fáil go fairsing air sna siopaí leabhar, nó ní fhacas féin é, ach is cinnte gur féidir é a cheannach ar líne.

Tá scéal ag baint le conas ar tharla ann dó. Bhí spéis riamh ag Pádraigín Riggs, mar dhuine dícheallach de lucht leanúna Thiobraid Árann go fiú le linn a ndrochshaoil fhada, go ndéanfaí aistriúchán air. Lá dá raibh, luaigh sí é leis an ngeografaí agus an foilsitheoir Willie Nolan a thug le fios di go raibh meitheal oibre curtha le chéile ag Donal Curtin cheana agus an bheart déanta acu.  B’as Cill na Mallacht i gCorcaigh é Donal, ach cónaí air i Luimneach, agus é páirteach leis an gclub cáiliúil Na Piarsaigh. Tá liosta den cheathrar déag gaiscíoch, idir fhir agus mhná, idir chléir agus thuata, a dhein an obair agus is dóibh siúd atá formhór na creidiúna ag dul. Fóiríor, fuair Donal bás sa bhliain 2009 sula bhfaca sé an tionscnamh seo curtha i gcrích.

Fairis sin, mar chomhtharlú glan, rith smaoineamh den saghas céanna le Brendan McGrath toisc é a bheith ina sheandalta de chuid Liam Uí Chaithnia, agus go mbeadh sé ina thionscnamh a thuillfeadh beagán airgid don scoil ina raibh siad beirt, Coláiste Naomh Seosaimh, (Fionnradharc, Baile Átha Cliath, nó an Baile Bocht, le ceart). Chuaigh seisean chun cainte le Liam Mac Mathúna, iardhalta eile de chuid Joey’s, mar a thugtar go coitianta ar an scoil, a dúirt leis go raibh a leithéid déanta cheana. Ní raibh le déanamh ach an dá iarracht a chur le chéile, rud nach raibh chomh furasta is ba dhóigh leat. Deineadh amhlaidh. Mar sin, tá cuid mhór den bhuíochas ag dul do Phádraigín Riggs a bhí os cionn an chóiriúcháin, óir caithfidh go raibh dua agus duainéis faoi leith ag baint le caighdeánú a dhéanamh ar obair na meithle, is gach duine díobh lena stíl agus lena fhriotal Béarla féin, gan trácht ar gach dris chosáin eile a leanann táilliúireacht mar seo. In ainneoin seo tá cuma neamhuamach aontaithe ar an saothar ar fad.

Tá 820 éigin leathanach in Scéal na hIomána agus tá tuairim is 300 leathanach téacs sa leabhar seo. Léiriú cruthanta gur achoimre, i bhfoirm, atá againn; ach táid ann a deir go raibh níos mó eolais i saothair Uí Chaithnia nach mbeadh choíche ag teastáil uait, agus is fíor leis go bhfuil an trealamh acadúil ar fad ar lár an uair seo, rud a fhágann go bhfuil soléite agus soghluaiste mar a ghabhadh Christy Ring go saoráideach trí raingléis de chosantóirí Chill Chainnigh.

Ina dhiaidh sin, tá gach rud ann. An iomáint sa seanchas, sa stair, sa bhéaloideas; an cur ina coinne ag dlíthe, ag údaráis, ag cléir; na cluichí idirchontae san 18ú haois faoi choimirce na dtiarnaí talún; gan na rialacha céanna a bheith ann tráth, fág go bhfuil díomá ar roinnt nach bhfuil cead iomrascála níos mó; ról an chaptaein; gur leor cúl amháin le cluiche a bhuachan (déarfá gur trua nach mar sin atá go minic anois nuair is cúilíní amháin a scóráiltear ó chúpla míle amach); mar a mhairfeadh cluichí ar feadh uaireanta fada an chloig, go minic go dtí titimín na hoíche; an camán, idir chruth agus dhéanamh; cineálacha sliotair, go fiú glúin tairbh dá mbéarfaí dian ort; feisteas na n-imreoirí; na háiteanna ina n-imrítí an cluiche; easpa réiteoirí, nó gan aon ghá a bheith leo, go dtí gur nocht Cumann Lúthchleas Gael; agus tuilleadh agus breis agus níos mó.

Tá míniú soiléir ar gach aon phonc díobh sin thuasluaite. Mar shampla, ní le holc chun na hiomána a ritheadh dlíthe ina coinne, cé go raibh na húdaráis amhrastúil ina taobh go minic. Is amhlaidh go mbíodh an cluiche chomh garbh sin (go háirithe i gcistin Ifrinn Thiobraid Árann agus i measc pící Loch Garman) go raibh eagla go ngortófaí daoine go dona, sa chás is nach marófaí iad. Bhí amhras, leis, go raibh baol go raibh tionól ar bith i mbaol a bheith ceannairceach, agus go deimhin, bhí Dónall Mór Ó Conaill láidir ina n-aghaidh san fheachtas uaidh ar son measúlacht na hÉireann.

Tá plé anseo ar conas mar a d’fhás an téarmaíocht, mar shampla, mar a bhí ‘cúl’ agus ‘báire’ in úsáid ar tús. Ait go leor, tugann an foclóir ‘tomboy’ ar ‘cailín báire’, ach is cosúil nach raibh ann ach mná óga ar thaithnigh na cluichí iomána leo. Duine is fiche ba choitianta a bhíodh ar na foirne roimh theacht an GAA, cé gur cúigear is fiche a bhí acu i gCiarraí (contae mór iomána sular loit an pheil í), agus seisear déag i gCorcaigh (mar ba leor sin).

Ar deireadh, cúrsaí iontais is ea an tslí ar éirigh le Micheál Cíosóg (a bhfuil beathaisnéis den scoth scríte ag Ó Caithnia air, leis) an cluiche scaipthe seo, an imirt leathchruthach seo, an caitheamh aimsire éagsúil seo ar fad a thabhairt chun rialtachta agus ceann de na heagraíochtaí is tábhachtaí sa tír a chur ar a bonnaibh laistigh de dhornán beag blianta. Ní hé sin branar an leabhair seo, ach is é a fhanann leat tar éis duit an macleabhar dílis seo de chuid Liam Uí Chaithnia a léamh.

Is cuí agus is cóir go bhfuil alt tuisceanach léannta ag an Ollamh Liam Mac Mathúna mar chomhlánú ar an leabhar ar an údar é féin agus ar ar bhain sé amach. Iarscoláire de chuid na scoile sin Naomh Seosaimh is ea Liam, rud a bhraitheann tú a bheith cruinn ceart agus oiriúnach.

Fág freagra ar 'Leabhar a ghluaiseann ar aghaidh mar a ghabhadh Christy Ring go saoráideach trí raingléis de chosantóirí Chill Chainnigh'

  • JP

    ‘Raingléis de chosantóirí’?
    Pa Henderson, Fran Larkin, Pa Dillon, Cha Whelan, Jim Treacy???
    Is daor dóite a cheannaigh Ringy aon scór uathusan!