Laoch mór ár linne é Gerry Adams

Ba é Gerry Adams a léirigh go raibh bealach eile chun cinn ann, bealach síochánta, agus ba é a chuir ina luí ar Phoblachtánaigh i gcoitinne glacadh leis an straitéis sin

Laoch mór ár linne é Gerry Adams

Pictiúr: Mark Stedman/Photocall Ireland

Laoch mór ár linne é Gerry Adams, an fear a stiúir Gluaiseacht na Poblachta ar bhóthar na polaitíochta le haidhmeanna na saoirse a bhaint amach.

Ní aithneofá an méid sin agus tú ag léamh na n-ionsaithe fíochmhara ar Adams sna meáin scríofa agus chraolta, ach murach Adams agus a thuiscint agus an cur chuige straitéiseach a chruthaigh sé bheadh muid fós gafa i gcoimhlint fhoréigneach nó bheadh muid buailte síos ar fad mar phobal.

Ní raibh mé féin i bhfabhar an chomhraic armtha thiar sna seachtóidí, agus labhair mé is ghníomhaigh mé ina choinne, ach aithním an chrógacht agus an dílseacht dá bpobal a bhí acu siúd a throid.

Tá sé intuigthe go gceapfadh daoine nach raibh aon rogha acu nuair a chonaic siad a gcuid tithe trí thine i Sráid Bombay (os cionn 500 teach a dóadh go talamh) ag daoscarshlua a bhí á ngríosú chun gnímh ag an rialtas Aontachtach.

Tá sé intuigthe go gceapfadh daoine nach raibh aon rogha acu nuair nach raibh lucht an stáit ó dheas sásta tada a dhéanamh ach iad a fhágáil faoin éagothroime Óráisteach is iad faoi ionsaí ag Arm na Breataine.

Agus sinn ag trácht ar oidhreacht Adams, tá cúpla ceist mhór ann. Cad a spreag é le teacht ar an tuairim nach n-éireodh leis an gcomhrac armtha an bua a a fháil don phobal náisiúnach ó thuaidh agus go raibh gá le bealach eile dá bharr?

Agus cén chaoi ar éirigh leis tabhairt ar an ngluaiseacht go léir nach mór tacú leis na tuairimí sin?

Ach ag breathnú ar na cláracha teilifíse faoi Adams, ag RTÉ nó ag TV3, shílfeá nach raibh, dáiríre, ach ceist amháin ann: an raibh Gerry Adams riamh san IRA?  Ar ndóigh is cuma faoi sin, mar ba é Adams an té a léirigh go raibh bealach eile chun cinn ann, bealach síochánta, polaitiúil agus ba é a chuir ina luí ar Phoblachtánaigh i gcoitinne glacadh leis an straitéis sin.

Cén fáth mar sin nach ndéarfadh sé go raibh sé ina óglach? Tá freagra simplí ar an gceist sin. A luaithe is a déarfadh Adams rud ar bith den chineál sin bheadh sé os comhair na cúirte agus é cúisithe as a bheith ina bhall d’eagraíocht mhídhleathach. Bheadh téarma príosúnachta roimhe, ar mhaithe le rud a rá lena chuid naimhde a shásamh.

Maidir le scéal an IRA agus Adams, is é an rud is tábhachtaí ná nár cháin sé an tIRA riamh agus nár chuir sé aon ‘spás’ idir é féin agus an tIRA.

Anois, níl aon dabht ach gur tharla rudaí gránna sa gcogadh.  Tarlaíonn i ngach aon chogadh, agus tharla i gcogadh na saoirse sna Sé Chontae Fichead freisin. Ach aithnítear an Coileánach, Dan Breen, Seán Mac Eoin is daoine eile mar laochra, mar sin féin.

Ach ní luaitear na huafáis a chleacht Aontachtaithe is rialtas na Breataine i gcoinne na náisiúnach ó thuaidh ó Shráid Bombay go Domhnach na Fola, go dtí dronga an mharaithe.

Is ní luaitear ach an oiread na buamaí a chinn Margaret Thatcher go bpléascfaí iad, nó na mílte a fuair bás mar gheall ar sceimhlitheoireacht na Sasanach ina gcoinne.

Is é an t-éacht a rinne Adams agus an fáth gur chóir dúinn ar fad a bheith buíoch de, ná go raibh sé in ann an tuiscint a chruthú nach bhféadfaí níos mó a bhaint amach leis an lámh láidir is go raibh gá le straitéis neamhfhoréigneach chun cearta a bhaint amach.

Níorbh é sin amháin a thuig an méid sin mar bhí an tuiscint chéanna sin ag Cathal Goulding roimhe.  Ach d’éirigh le Adams an ghluaiseacht shealadach ar fad, nach mór, a thabhairt leis.  Murach eisean is ar éigean go dtarlódh sin.

Chuir sé a bheatha féin i mbaol san iarracht sin, ach fós féin bíonn daoine nach ndearna tada a cháineadh.

Ní hin le rá go bhfuil gach polasaí is gach gníomh de chuid Shinn Féin le moladh. I mo thuairim féin níl, go háirithe a bpolasaí maidir leis an mBreatimeacht, a thugann deis dúinn, measaim, briseadh saor ó Aontas a chuireann ár bhféincheannas ar ceal.

Ní dóigh liom gur fiú an tír a athaontú gan neamhspleáchas a bhaint amach ag an am céanna.

Ceapaim freisin gur fhan Sinn Féin rófhada chun cás láidir a dhéanamh don Ghaeilge ó thuaidh.  Nach ait mar sin féin go bhfuil níos mó tuisceana ag daoine i bhFine Gael, ag Varadkar is ag Coveney, ar an tábhacht a bhaineann le ceist na Gaeilge ná mar atá ag Fianna Fáil atá ag iarraidh, in éineacht leis an SDLP, ar Shinn Féin géilleadh faoin teanga.

Agus maidir le seicteachas, cé atá i mbun na “gcomhráite deacra”  le hAontachtóirí, Protastúnaigh is eile? Cé atá ag síneadh lámh na tuisceana is an athmhuintearais amach seachas Sinn Féin? Ach ní scríobhtar tada faoi sin sna meáin.

Níl tada le rá faoi seo, mar shampla, ag Mícheál Martin ach Sinn Féin a chur ar aon dul leis an DUP.

Anois, níl aon dabht ach go gcuireann cuimhne an chomhraic, uafáis mar Kingsmill, La Mon nó Abercorn, go háirithe, isteach ar an iarracht Aontachtóirí a mhealladh agus tacaíocht a fháil ó dheas ar son chothromas is meas ó thuaidh.

Ar a shon sin uile, is é Gerry Adams a d’athraigh scéal an Tuaiscirt sa gcaoi is go bhfuil deireadh curtha leis an bhforéigean gan géilleadh do lámh in uachtar na nAontachtóirí nó na Breataine.

Éacht ag laoch atá sa mhéid sin, dar liom.

Fág freagra ar 'Laoch mór ár linne é Gerry Adams'

  • leitheoir

    Ráite go maith is go stuama.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Agus ní raibh ‘laoch mór ár linne’ riamh san IRA? Mura raibh cén fáth nach raibh?

  • Eoin Ó Murchu

    Nach bhfuil an scéal sin mínithe agam, a Dhonncha? Nó an gceapann tú gur chóir é a chur sa bpríosún ar mhaithe le do thuiscint ar fhírinne a shásamh?

  • mairtin

    nil ann ach fiminteacht I Leith an Ghaeilge o sinn fein sa tuaisceart; nil said ach ag usaid an teanga mar uirlis polaitiochta; agus ta fios agat e sin o murchu.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bímse ag súil go n-inseodh polaiteoir an fhírinne. Bheinnse ag súil leis an méid céanna ó ‘laoch mór ár linne’!

    Ní ghlacaim leis an míniú leithscéalach lagbhríoch id alt: sé sin go mbeadh sé ‘cúisithe as a bheith ina bhall d’eagraíocht mhídhleathach’ agus ‘téarma príosún roimhe’ dá n-innseodh sé an fhírinne!