Láithreoirí óga aimsire á lorg ag Cúla 4 – amárach dáta sprice an chomórtais

Tá Cúla 4 ag iarraidh go gcuirfidh cainteoirí maithe Gaeilge isteach ar an gcomórtas a bheadh Gaeilge a ndóthain acu leis an aimsir a chur i láthair go flúirseach

Aimsir

Amárach an lá deiridh le cur isteach ar chomórtas TG4 le deis a bhuachan An Aimsir Láithreach a chur i láthair in éineacht le réaltaí aimsire an stáisiúin. Féadfaidh gasúir bhunscoile, idir sé agus dhá bhliain déag d’aois,  cur isteach ar an gcomórtas.

Bíonn Aimsir na nÓg á chraoladh ar Chúla 4, an bloc clár do ghasúir ar TG4, i gcaitheamh an lae agus ní bhíonn ach glórtha na ngasúr le cloisteáil ar an réamhaisnéis beochana sin. Beidh an gasúr a bhuafaidh an comórtas seo, a dhúnfaidh tráthnóna amárach, le feiceáil ar an scáileán ar phríomhchlár na haimsire, díreach roimh Nuacht TG4.

Tabharfar na cúigear buaiteoirí ar thuras timpeall an stáisiúin freisin agus cuirfear oiliúint orthu maidir le hullmhú scripte agus cur i láthair na haimsire.

Tá Cúla 4 ag iarraidh go gcuirfidh cainteoirí maithe Gaeilge isteach ar an gcomórtas a mbeadh Gaeilge a ndóthain acu leis an aimsir a chur i láthair.

Tá an comórtas á reáchtáil mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus ní mór iarratas a chur isteach faoin 5 a chlog tráthnóna amárach. Caithfidh iarrthóirí físeán gearr ina mhínítear an fáth ar mhaith leo an An Aimsir Láithreach a chur i láthair a chur chuig cula4@tg4.ie. Caithfear sonraí teagmhála caomhnóir an pháiste a chur leis an iarratas freisin.

Fág freagra ar 'Láithreoirí óga aimsire á lorg ag Cúla 4 – amárach dáta sprice an chomórtais'