Laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018 agus bliain ‘thar a bheith tábhachtach’ roimhe

Deir TG4 gurbh í an chúis ba mhó leis an laghdú ar a lucht féachana anuraidh ná an drochaimsir ag tús na bliana seo caite a d’fhág gur cuireadh craoladh roinnt cluichí ar cheal

Laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018 agus bliain ‘thar a bheith tábhachtach’ roimhe

Tháinig laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018.

De réir figiúirí a chuir an stáisiúin ar fáil do Tuairisc.ie, ba é an meánsciar náisiúnta den lucht féachana a bhí ag TG4 anuraidh ná 1.76%.

1.87% an meánsciar a bhí ag an stáisiún in 2017 agus méadú 5% ab ea é sin ar an sciar den lucht féachana náisiúnta a bhí acu in 2016.

Tháinig laghdú 6% chomh maith in 2018 ar an meánsciar den lucht féachana a bhí ag TG4 ag an bpríomh-am craolta – 1.84% anuraidh i gcomparáid le 1.95% in 2017.

De réir straitéis cúig bliana TG4, is é an sprioc atá ag lucht an stáisiúin go mbeadh meánsciar 2.2% den lucht féachana náisiúnta acu faoi 2022 agus súil acu a bheith ar an séú cainéal is mó lucht féachana sa tír faoin mbliain sin.

Dúirt urlabhraí de chuid TG4 le Tuairisc.ie gurbh í an chúis ba mhó leis an laghdú ar an lucht féachana anuraidh ná an drochaimsir ag tús na bliana seo caite a d’fhág gur cuireadh craoladh roinnt cluichí ar ceal.

“Bhí bliain mhaith ag TG4 in 2018, cé go raibh roinnt brú ar an lucht féachana go luath sa mbliain, toisc gur chaill muid roinnt mhaith spóirt mar gheall ar an aimsir. Bhí mí an Mhárta agus mí Aibreáin 2018 lag dá bharr. Ó Mheán Fómhair ar aghaidh, tá treocht láidir dhearfach le feiceáil sa phríomh-am go háirithe agus an-suim á léiriú ag daoine sna cláracha nua,” a dúirt urlabhraí TG4.

Bhí TG4 i dtaobh le go leor athchraoltaí le linn 2018 toisc go rabhthas fós ag fanacht ar chláracha nua faoin gcóras nua coimisiúnaithe a thug Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont isteach in 2017, ach dúirt urlabhraí an stáisiúin go bhfuil toradh an chórais nua le feiceáil anois.

“Is i mí Mheán Fómhair is mó a thosaigh na cláir ón struchtúr nua coimisiúnaithe ag teacht chun cinn, agus tá tuilleadh de na sraitheanna nua san tosnaithe an Mhí seo, Bádóirí, Bailte, Ballaí srl.  Tá treocht láidir dhearfach le feiscint, sa phríomh-am go háirithe, dá thoradh sin.”

Mhaígh an t-urlabhraí chomh maith gur léirigh figiúirí Fios Físe, painéal Gaeilgeoirí a roghnaíonn eolas faoina mianta agus a nósanna féachanna a chur ar fáil don stáisiún gach seachtain, gur éirigh le TG4 dul i bhfeidhm ar a chroí-lucht féachana in 2018.

85%, ar an meán, de na daoine ar phaineál Fios Físe a d’fhéach ar an stáisiún ar a laghad uair sa tseachtain le linn na bliana seo caite agus ba é an meánráta sástachta leis an stáisiún i measc lucht an phainéil ná 8/10.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta gur bhliain “an-tábhachtach” do TG4 a bheadh in 2019 ó thaobh cúrsaí maoinithe agus straitéise.

Bliain thábhachtach a bheidh inti go háirithe do straitéis úr an stáisiúin atá bunaithe ar an sceideal a mhúnlú chun freastal ar mhianta dhá dhream ar leith – pobal na Gaeilge agus an pobal ‘náisiúnta’ – agus ar chóras nua coimisiúnaithe clár faoina mbronntar ollchonarthaí ilbhliantúla ar líon teoranta comhlachtaí neamhspleácha.

Dúirt urlabhraí an stáisiúin go raibh ceangal chomh maith idir ceist mhaoinithe an stáisiúin agus líon na ndaoine a bhíonn ag féachaint air.

“Dá mhéid atá muid in ann a infheistiú i gcláracha nua don sceideal, is ea is mó mar a bheidh feabhas le feiscint. Mar sin tá dul chun cinn maidir le hardú ar an lucht féachana fite fuaite le méadú ar acmhainní TG4 de réir mar atá leagtha amach sa straitéis cúig bliana. Mar a dúirt Alan [Esslemont], is bliain thar a bheith tábhachtach í 2019 do TG4 mar is i mbliana a gheofar amach cén glacadh i ndáiríre atá ag an lucht féachana leis an straitéis nua. 

“Leanfaimid chomh maith leis an mbrú chun an maoiniú cuí atá molta ag an BAI a fháil do TG4 – agus an tacaíocht chuí a fháil ó RTÉ maidir lena ndualgais reachtúla maidir le cláracha Gaeilge.”

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont in 2017 go dteastaíonn €6 mhilliún breise thar thréimhse cúig bliana le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge “fás arís”.

Mhol an BAI mí Dheireadh Fómhair seo caite go dtabharfaí €6 milliún breise do TG4 in aghaidh na bliana chun go mbeadh an stáisiún inmharthana.

Tá titim mhór tagtha ar lucht féachana TG4 le deich mbliana anuas, tréimhse inar thit lucht féachana go leor craoltóirí poiblí. Sciar 3.2% den lucht féachana a bhí ag an stáisiún in 2005, an bhliain is mó a raibh lucht féachana aige, i gcomparáid le 1.76% anuraidh.

Tá an stáisiún Gaeilge fós ar an seachtú caineál is mó lucht féachana in Éirinn, ach tá rabhadh tugtha ag Alan Esslemont cheana go bhféadfadh TG4 titim isteach sa “digital jungle” mar a thug sé ar na cainéil dhigiteacha ar fad a bhfuil sciar níos lú ná 1% den lucht féachana náisiúnta acu.

Deirtear chomh maith i gcáipéis straitéise de chuid TG4 a foilsíodh anuraidh go dtitfidh an sciar den lucht féachana atá ag an gcraoltóir go dtí thart ar 1% mura gcuirtear maoiniú breise ar fáil don stáisiún as seo go ceann cúig bliana.

Deirtear sa cháipéis sin nár chóir “beag is fiú a dhéanamh de scála na ndúshlán atá le sárú” ag an stáisiún agus gurb é seo  “tráth na cinniúna” dó.

Táthar ag iarraidh go méadófaí an maoiniú a fhaigheann an stáisiún ón státchiste ó €32.79 milliún go dtí €41.4 milliún faoi 2022.

Fág freagra ar 'Laghdú 6% ar lucht féachana TG4 in 2018 agus bliain ‘thar a bheith tábhachtach’ roimhe'

  • An Rógaire

    Cén céadatán de chláracha TG4 a bhíonn i ngaeilge?

  • Art

    Nuair atá rudaí fíor-shuimiúla ar an mbealach seo (Ballaí agus Éire Fhiáin – An Cósta Thiar) , bím ag féachaint ar líne ar an bhfón, An bhfuil na figiúirí ar líne san áireamh? Cad faoi daoine eile ar fud an domhain atá ag féachaint ar líne?.

  • Mártan Ó Náraigh

    TG4. Costas 33 milliún euro, 1.76 den lucht féachana. In dáiríre? Caiteachas gan chúis, gan tairbhe.

  • Pól Ó Braoin

    Ar nós Art breathnaím féin ar an bhfón… an gcuirtear an lucht féachana sin sna figiúirí a thugtar?