Laethanta breátha dheireadh an tsamhraidh, glanadh an fhómhair, an chornfhoiche Áiseach

Gach seachtain cuirtear ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

Laethanta breátha dheireadh an tsamhraidh, glanadh an fhómhair, an chornfhoiche Áiseach

An t-am seo an tseachtain seo caite, bhí goimhín san aer, bhí na héin ag cruinniú, ach anois tá an chuma ar an scéal go bhfuil laethanta breátha fágtha sa samhradh seo fós.

Tá an teas mór tagtha go Gaillimh agus tír is talamh cruinnithe ag an gCarraig Dhubh i mBóthar na Trá ag iarraidh iad féin a chaitheamh anuas ó bharr an chláir tumadóireachta.

Chuala mé ag dul tharam ar an mbóthar an lá cheana, beirt bhuachaillí óga, duine acu ag impí ar an leaid eile fanacht amuigh scaitheamh eile.

“Cuimhnigh, cuimhnigh cén chaoi a mbeidh muid i lár mhí Mheán Fómhair. Ná gabh isteach, ná gabh isteach,” a deir an saoi beag.

“Níl mé ag dul isteach ach dhá nóiméad,” arsa a chara.

“Dhá nóiméad, geallann tú dom é?” arsa an saoi.

“Cuimhnigh, beidh sé fuar, beidh muid istigh sa scoil, beidh sé dorcha taobh amuigh agus beidh muid ag cuimhneamh siar ar an lá seo agus ag iarraidh teacht ar ais chuige,” a deir an saoi óg lena chara.

“Ok, ok, relax, beidh mé ar ais théis dhá nóiméad!” arsa a chara.

Nach acu a bhí an ceart, áfach, gach sásamh a bhaint as na laethanta breátha seo.

Seo do sheans, rud ar bith a bhí ar intinn agat a dhéanamh sula mbeadh an samhradh thuas, déan anois é.

Níl fágtha anois ach coicís, mura bhfuil 99 ite fós agat éirigh den chathaoir agus rith amach is ceannaigh ceann go beo.

***

Rinne mé botún mór an tseachtain seo agus thosaigh mé ag glanadh an tí le haghaidh an fhómhair. Thosaigh sé nuair a ghlan muid amach na tarraiceáin istigh faoin staighre, ní raibh mé ag iarraidh ach na málaí scoile a réiteach agus an bruscar a chaitheamh amach.

Níl a fhios agam go díreach céard a tharla idir sin agus seo, ach tharraing muid amach chuile shórt as na cófraí. Níl a fhios agam céard a tháinig orm. Ach tá muid i dtrioblóid mhór anois.

Na rudaí ar fad a bhí i bhfolach go deas sna cófraí, tá siad sin anois caite ar fud an tí. Tá rudaí ar na leapacha, ar na seilfeanna, ar na fuinneoga, ar na boird, ag bun na staighre, ag ceann na staighre. Tá sé go dona. Agus tá suim caillte agam ann anois agus pé fonn glantacháin a bhí orm imithe.

De réir a chéile a thógtar na caisleáin a deirtear, agus is dóigh gur ar an gcaoi chéanna a chuirfear ina cheart é. Murach go bhfuil an aimsir chomh breá agus fonn ar dhuine a bheith amuigh faoin aer.

***

D’fhógair an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) fógra bithshlándála an tseachtain seo mar gheall go bhfacthas cornfhoiche Áiseach  i gcontae Chorcaí.

Níl aon chontúirt mhór ann do dhaoine ón bhfeithid seo, is í an chontúirt is mó a bhaineann leo ná go maraíonn siad na beacha dúchasacha. De réir an fhógra a d’eisigh an NPWS, d’fhéadfadh nead amháin den chornfhoiche Áiseach scrios a dhéanamh ar an líon beacha sa gceantar mórthimpeall uirthi.

Duine ón bpobal a chonaic an fheithid agus a chuir tuairisc isteach ar shuíomh idirlín an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta.

Tá tascfhórsa curtha le chéile anois faoi threoir an rialtais le súil a choinneáil ar an gcornfhoiche sna seachtainí amach romhainn agus le fáil amach an é gur ceann fánach a bhí i gCorcaigh nó an bhfuil neadacha socraithe suas sa tír seo ag an bhfeithid.

Táthar ag iarraidh ar an bpobal súil a choinneáil amach agus pictiúr a sheoladh isteach go dtí an tIonad Náisiúnta Bithéagsúlachta má fheictear ceann.

An chéad uair eile a mbeidh tú amuigh, coinnigh súil ghéar ar an bhfoiche sin atá ag damhsa thart ar do channa Club Orange. An bhféadfadh gur cornfhoiche Áiseach atá ann?

***

Ag éisteacht le

Samhradh Samhradh

Leagan álainn den amhrán traidisiúnta a chas Iarla Ó Lionáird in éineacht le baill eile The Gloaming i Teampall Chríost i gCorcaigh sa mbliain 2012.

https://youtu.be/CP0wcwCQbOs?si=OXyuUeNydXrhqoxa

Fág freagra ar 'Laethanta breátha dheireadh an tsamhraidh, glanadh an fhómhair, an chornfhoiche Áiseach'