Lá dóchais a bhí i Lá na Mara i gCill Chiaráin

Bhí ár gcolúnaí go mór faoi gheasa ag Lá na Mara a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta i gConamara an tseachtain seo agus dóchas aige ina dhiaidh go dtiocfaidh a cheantar dúchais Gaeltachta slán fós

Lá dóchais a bhí i Lá na Mara i gCill Chiaráin

Micheál Ó Dubháin, Noreen Breathnach agus Clíona Ní Ghríofa

Nuair a cuireadh tús leis na cainteanna Lá na Mara i gCill Chiaráin, Conamara, an tseachtain seo bhí an chontúirt ann go dtosódh argóint fhíochmhar faoin bhfeirmeoireacht bradán.

Níor tharla sé. Níor dúradh oiread agus focal amháin in aghaidh Pháirc na Mara.

Ionadaí as Cónaidhm na Slatiascairí Bradán agus Breac Geal, Noel Carr, is gaire a chuaigh dhó, b’fhéidir. Ach fiú amháin eisean ní bhfuair sé aon locht ar Pháirc na Mara.

Ba léir gur thuig sé nárbh ionann an bradán fiáin agus an breac geal a chosaint agus Páirc na Mara a chur ó rath.

Rinne Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Mícheál Ó hÉanaigh, tagairt bheag don fheirmeoireacht bradán ach is ar fheirmeacha a shocrófaí ar an talamh tirim a chuir sé béim.

Leis an gceart a rá thug Ó hÉanaigh léargas breá cuimsitheach ar a bhfuil beartaithe ar Pháirc na Mara. Dúirt sé go bhfuair an tÚdarás léirithe spéise ó cheithre chomhlacht agus fiche a mbeadh fonn orthu tionscal a bhunú ar Pháirc na Mara. Tionscail a bheadh bunaithe ar an bhfeamainn a bheadh i 70% acu.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh go bhféadfadh 200 duine a bheith fostaithe ar Pháirc na Mara nuair a bheadh an áit faoi lán seoil. Bheadh tionchar ag a mbeadh ar bun ansin ar 400 post eile.

Bheifí ag súil, a dúirt sé, go bhfaighfí luach 50 milliún d’infheistíocht phríobháideach leis na tionscail a bhunú.

Chuirfí an-bhéim ar thaighde agus dhéanfaí ceangal dlúth le heolaithe ar fud an domhain.

Go deimhin, ar seisean, is féidir a rá gur tionscnamh áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta in éineacht atá i gceist.

Chuir Mícheál Ó hÉanaigh an-bhéim freisin ar an réimse gairmeacha a bheadh ar Pháirc na Mara. Thuig sé go dteastódh gnáthoibrithe i gcónaí ach bheadh taighdeoirí, innealtóirí agus eolaithe de chuile chineál ag fáil fostaíochta ina gcuideachta.

Fís í sin is ceart a chur os comhair óige an cheantair, a dúirt Mícheál Ó hÉanaigh.

Ba bhreá an ní gur tugadh daltaí scoile an cheantair i mbusanna go dtí an Lá Eolais. Thug cuairteoir as contae eile faoi deara go raibh tuiscint mhaith ag cuid acu ar a raibh ag tarlú.

“Is iontach láidir atá dúchas na farraige sa gceantar seo,” a dúirt sé. “Fiú amháin na gasúir tá sé iontu.”

Rinneadh neart cainte i rith an lae ar na hoisrí agus ar na muiríní atá i gcuan Chill Chiaráin. Bhí seastán ag Comharchumann Sliogéisc Chonamara ann.

Thug an Dr. Oliver Tully as Foras na Mara léacht breá ar stair na n-oisrí dúchasacha.

Mheabhraigh sé go raibh siad thar a bheith fairsing sa tír seo beagnach dhá chéad bliain ó shin ach chuaigh na beirtreacha i léig go tubaisteach ó shin agus teastaíonn aire na gloine uathu anois lena n-athbheochan.

Contúirt mhór amháin dhóibh galar ar a dtugtar bonamia.

Dúirt Oliver Tully go bhfuil suim thar na bearta á cur faoi láthair in athghiniúint beirtreacha oisrí ar fud an domhain. Thagair sé do thionscadal atá ar bun in gcalafort Nua-Eabhrac. ‘The Billion Oyster Project’ a thugtar air.

Nuair a cuireadh ina láthair gur dheacair a bheith ag súil go bhféadfadh Comharchumann Sliogéisc Chonamara mórán athghiniúna a dhéanamh ar na beirtreacha mura bhfaighidís cabhair láidir airgid dúirt sé go mbeadh cistí Eorpacha ann a bhféadfaí tarraingt astu.

Risteárd Mac Donncha

Cuireadh an-spéis sa gcuntas a thug Jim Keogh ar thionscal na feamainne agus ar an obair atá ar bun ag Arramara Teoranta i gCill Chiaráin.

D’inis sé dhúinn go bhfuil cheithre mhonarcha in Albain Nua (Nova Scotia) ag Acadian Seaplants, an comhlacht a cheannaigh Arramara. Tá 400 duine fostaithe acu.

24 oibrí atá i monarcha Arramara faoi láthair ach táthar ag súil go bhféadfar an líon sin a mhéadú ach soláthar maith feamainne a bheith ar fáil.

Cuireann Acadian Seaplants an-bhéim ar thaighde leanúnach, a dúirt sé. Tá eolaithe ag obair as éadan acu in Albain Nua.

Tá cuid den mheon sin ag teacht chun cinn in Arramara freisin.

Thug Mícheál Mac Monagail cuntas ar an gcaoi a bhfuil siad ag coinneáil súil ar fhás na feamainne agus ag mapáil na réimsí cladaigh a bhfuil an fheamainn fairsing orthu.

Tá siad ag baint leas as eolas satailíte leis an obair sin a dhéanamh.

Ní caint amháin a bhí againn Lá na Mara. Cuireadh bia blasta farraige ar fáil agus thug an cócaire JP McMahon taispeántas cócaireachta.

Lá dóchais a bhí ann go huile agus go hiomlán. Tá córas láidir leathanbhanda ar an mbealach. B’fhéidir go dtiocfadh an ceantar Gaeltachta seo slán fós.

Is é an trua nach gcuimhneodh an dream beag atá ag cur in aghaidh Pháirc na Mara ar an taobh sin den scéal.

Fág freagra ar 'Lá dóchais a bhí i Lá na Mara i gCill Chiaráin'