Kevin Walsh éirithe as a chúram mar bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe

Tá foirne peile agus iomána na Gaillimhe sa tóir ar bhainisteoirí faoi láthair mar d’éirigh Micheál Donoghue as a chúram ar an bhfoireann iomána an mhí seo caite

Kevin Walsh éirithe as a chúram mar bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá sé fógartha go bhfuil Kevin Walsh ag éirí as mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir peile na Gaillimhe.

Chaith Walsh cúig bliana i gceannas ar an bhfoireann ach tá cinneadh déanta aige éirí as an gcúram.

Díbríodh Gaillimh ó chraobh na hÉireann mí Iúil nuair a fuair Maigh Eo an ceann is fearr orthu i mbabhta 4 de na cluichí cáilithe. Chlis ar na Gaillimhigh i gcoinne Ros Comáin i gcluiche ceannais Chonnacht níos luaithe sa bhliain.

D’fhógair bord an chontae cinneadh Walsh tráthnóna.

“Tá sé curtha in iúl ag Kevin Walsh do Chathaoirleach Bhord Peile Chontae na Gaillimhe, Pat Kearney agus do Chathaoirleach Choiste Peile na Gaillimhe, Kevin Clancy, go bhfuil sé ag éirí as a phost mar bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe tar éis cúig bliana.

“Ba mhaith le CLG na Gaillimhe a mbuíochas a chur in iúl do Kevin as a dhíograis agus a shaothar ar son na peile i nGaillimh agus as an méid a bhain sé amach le cúig bliana. D’éirigh le Gaillimh ardú céime go dtí Roinn a 1 a bhaint amach faoi stiúir Kevin agus ár n-áit ansin a dhaingniú.

“Ba mhaith le CLG na Gaillimhe aitheantas a thabhairt do Kevin as na struchtúir ghairmiúla a chur sé i bhfeidhm agus bhí CLG na Gaillimhe sásta tacú le Kevin chun a chuspóirí a bhaint amach agus an maoiniú a bhí riachtanach a chur ar fáil agus leanfaimid leis sin.

“Bhí athbhreithniú á dhéanamh ag CLG na Gaillimhe agus ag Kevin le seachtain agus tar éis dó a mhachnamh a dhéanamh, shocraigh sé nach leanfadh sé air mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir na Gaillimhe.”

Tá foirne peile agus iomána na Gaillimhe anois sa tóir ar bhainisteoirí mar d’éirigh Micheál Donoghue as mar bhainisteoir ar an bhfoireann iomána an mhí seo caite.

Bhí foireann peile na Gaillimhe in ísle brí nuair a ghlac Walsh ceannas orthu mí Mheán Fómhair 2014 ach neartaigh sé iad ó shin.

Bhuaigh Gaillimh craobh Chonnacht den chéad uair le hocht mbliana nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Ros Comáin sa chluiche ceannais in 2016. Bhain an fhoireann ardú céime amach go dtí Roinn 1 na sraithe an bhliain dár gcionn.

Ba í 2018 an bhliain ab fhearr a bhí ag Gaillimh faoi cheannas Walsh. Bhain siad áit amach i gcluiche ceannais Roinn 1 na sraithe, cé gur chaill siad in aghaidh Átha Cliath. Bhuaigh Gaillimh craobh Chonnacht arís an samhradh sin agus chuaigh siad chomh fada le cluiche leathcheannais na hÉireann, cluiche inar sháraigh Áth Cliath arís iad.

Níor éirigh chomh maith céanna leo i mbliana áfach agus ní gach duine a bhí sásta leis an stíl imeartha a bhí ag an bhfoireann agus iad an-tugtha don chosaint.

Is iad iarbhainisteoir Mhaigh Eo, Stephen Rochford, agus iarpheileadóirí an chontae Pádraic Joyce agus John Divilly is mó atá luaite leis an bhfolúntas i láthair na huaire.

Bhí Rochford ina chóitseálaí ag foireann Dhún na nGall i mbliana ach bheadh an-mheas air i nGaillimh mar gheall ar a thréimhse i gceannas ar Chora Finne. Bhuaigh sé craobh chlubanna na hÉireann leo in 2015.

Tá Joyce i gceannas ar fhoireann faoi 20 na Gaillimhe, a bhain cluiche leathcheannais na hÉireann amach i mbliana. Bhí Divilly ina roghnóir ar an bhfoireann sin agus bhain sé cáil amach mar bhainisteoir ar fhoireann an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a bhuaigh Corn Mhic Shigiúir in 2016 agus in 2018.

Fág freagra ar 'Kevin Walsh éirithe as a chúram mar bhainisteoir ar fhoireann peile na Gaillimhe'