No vamos a ponernos de rodillas ante los argentinos (‘ní raghaimid síos ar ár nglúine os comhair na nAirgintíneach’) a bhí scríte ar fhalla ard lán graifítí i gcalafort Montevideo. Ráiteas lom a thuigfeadh go leor Éireannach, b’fhéidir: ní mian le tír bheag a bheith faoi scáth na gcomharsan mór i gcónaí. Tá Urugua tuairim is dhá oiread níos mó ná Éire ach níl ach 3.3 milliún duine ag maireachtaint ann. Cúig uaire déag níos mó atá an Airgintín agus tá 43 milliún duine ann. Tá an Bhrasaíl níos mó fós, dar ndóigh, ach toisc Spáinnis a bheith á labhairt ag muintir na hAirgintíne agus Urugua araon, is mó an aird – agus an t-amhras, uaireanta – a bhíonn acu ar a chéile.
An tseachtain seo, d’imigh Uachtarán Urugua ar a phinsean nuair a tháinig deireadh lena thréimhse oifige cúig bliana. I bhfianaise thoirt bheag Urugua, níor cheart go dtuillfeadh scéal mar sin mórán airde go hidirnáisiúnta. Ach ní haon ghnáth-Uachtarán é José Mujica, nó Pepe mar is fearr aithne air, fiú i measc a namhad polaitiúil. Laoch is ea é do go leor, polaiteoir neamhchoitianta amach is amach: fear macánta, umhal nach raibh oiread na fríde de ghalántacht ná de chur i gcéill ag baint leis agus a thuill ardmheas dá bharr.
Chuir go leor, idir mhuintir Urugua féin agus iriseoirí idirnáisiúnta, an-suim i gcúlra réabhlóideach Mujica. Beagnach 80 bliain ó shin a rugadh é, de shinsear Bascach agus Iodálach, imircigh bheo bhochta a tháinig go Meiriceá Theas ar thóir saol níos fearr. Ag deireadh na 1960í, agus é go mór faoi anáil réabhlóid Chúba, chláraigh Mujica leis an ngluaiseacht MLN-Tupamaros, grúpa armtha a dhein iarracht seilbh a ghlacadh ar chathair bheag gar do Montevideo agus a raibh baint acu le hionsaithe eile ar fud na tíre.
Gabhadh é cúpla babhta agus d’éirigh leis féin agus dáréag Tupamaros eile teitheadh go drámatúil as an bpríosún trí bhrící na gcillíní a bhaint óna chéile agus tolláin a thochailt faoi thalamh. Thug sé 13 bliana i ngéibheann, áit ar céasadh go leanúnach é go fisiciúil agus go siceolaíoch. I mbeathaisnéis sármhaith leis an iriseoir Mauricio Rabuffetti, José Mujica: La Revolución Tranquila (2014), scríobhtar gur dhóbair do Mujica a mheabhair a chailliúint cúpla babhta lena raibh á fhulaingt aige.
B’shin iad blianta na deachtóireachta agus bhí tréaniarracht ar bun ag réimeas Juan María Bordaberry na Tupamaros a chloí. Tugadh pardún do phríosúnaigh pholaitiúla nuair a cuireadh an daonlathas i réim arís i 1985 agus chinn Mujica cúl a thabhairt leis an ngunna. Bhí sé páirteach i mbunú an Movimiento de Participación Popular (Gluaiseacht Rannpháirtíocht an Phobail), ar chuid é de chomhghuaillíocht na heite clé, Frente Amplio (Fronta Leathan). Bhuaigh Frente Amplio toghchán uachtaránachta 2009 agus insealbhaíodh Mujica an bhliain dar gcionn.
Anuas ar a chúlra réabhlóideach, ba í stíl mhaireachtála Pepe ba mhó ar chuir daoine i bhfad is i gcóngar suim inti. Dhiúltaigh sé maireachtaint in Áras an Uachtaráin i Montevideo agus lean air ag cur faoi ar a fheirm bheag ar imeall na príomhchathrach, áit a bhfásadh sé torthaí agus bláthanna. Dhíoladh sé féin agus a bhean na bláthanna go dtí gur toghadh ina Uachtarán é ach níorbh fholáir dó scarúint dá ghnó de cheal ama. Níor theastaigh cócaire ná tiománaí pearsanta ó Mujica agus lean sé air ag réiteach a chuid béilte féin, iriseoirí ón Guardian nó an New York Times á chur faoi agallamh ag bord na cistine go minic agus é ag tairiscint anlann blasta dóibh.
Choimeád sé a sheanmhótar caite Volkswagen Beetle mar chóir thaistil cé gur thairg sheikh Arabach $1 milliún dollar dó dá ndíolfadh sé í. Thugadh sé a mhadra tríchosach, Manuela, leis sa Bheetle go minic (chaill Manuela bhocht an chos i gciotrainn). Dhiúltaíodh sé carbhat a chaitheamh agus ba go leisciúil a chuireadh sé air a chulaith dá gcaithfeadh sé bualadh le ceann stáit eile. Níorbh ait an radharc é i láthair ag preasócáid agus cuaráin nó treabhsar gearr á gcaitheamh aige. Ach níorbh iad madra na dtrí chos ná an Beetle amháin a thuill meas an phobail do Mujica. Nuair a toghadh é, d’fhógair sé go dtabharfadh sé tuairim 87 faoin gcéad dá thuarastal uaidh chun tacú lena pháirtí polaitiúil féin agus le Plan Junto, eagraíocht a thógann tithe sóisialta do na bochtáin.
Tharraing polasaithe Mujica cáil agus conspóid dó sa bhaile agus thar lear chomh maith. Níorbh fhada tofa é gur fhógair sé go ndéanfadh sé an marijuana dleathach in Urugua chun dul i ngleic leis an gcreachadh a bhí á dhéanamh ag an gcócaon ar óige na tíre. Cháin sé polasaí na Stát Aontaithe agus rialtaisí eile Mheiriceá Theas i leith drugaí agus dúirt go raibh cogadh de shaghas eile de dhíth i gcoinne na mangairí: ní hamháin go ndéanfaí an marijuana dleathach in Urugua ach ghlacfadh an stát féin smacht ar tháirgeadh agus ar dháileadh an druga le cinntiú go mbeadh sé sábháilte. Is é Urugua an t-aon stát ar domhan ina dtarlaíonn a leithéid.
Thit líon na ndaoine a bhí gafa le drugaí crua go mór ó shin i leith. Dhein Mujica leasuithe reachtúla a bhain le ceisteanna sóisialta eile chomh maith. Deineadh an ginmhilleadh dleathach agus ceadaíodh comhionannas pósta do dhaoine aeracha, an tarna tír i Meiriceá Laidineach chun a leithéid a dhéanamh. Tír an-saolta is ea Urugua suas lena comharsana agus is beag tionchar a bhíonn ag an Eaglais Chaitliceach ná ag aon eaglais eile ar an rialtas ná ar an bpobal. Leagtar an-bhéim ar chomhionannas agus is dream umhal iad muintir Urugua nach cás leo bréag-ghalántacht ná éirí in airde. Creidtear gur chabhraigh na tréithe cultúrtha sin le feachtas morálta Mujica ach mar sin féin ba ghá diongbháilteacht agus seasmhacht chun bád na reachtaíochta a thabhairt go ceann scríbe.
Ba mhinic a chuir Pepe an lasair sa bharrach thar toinn ag fóraim idirnáisiúnta. In aitheasc ag Tionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i 2012, cháin sé cultúr an tomhaltachais go tréan agus thug foláireamh gur bagairt mhór é an meon úselo y tírelo (úsáid é agus caith uait é) do chaomhnú an chomhshaoil.
Thuill na hóráidí seo, agus a thuilleadh nach iad, aird as cuimse dó féin agus d’fhéach na milliúin orthu ar Youtube. Thuill José Mujica ardmheas mar pholaiteoir i measc a phobail féin agus thar lear toisc gur tuigeadh do chách nach raibh cur i gcéill dá laghad ar bun aige agus go ndéanadh sé beart de réir a bhriathair i gcónaí.
Breathnóir
Alt spéisiúil – is beag rud a chloistear faoin pholaiteoir suntasach seo sna meáin Bhéarla. Ach cén fáth a bhfuil an scéal sa chatagóir ‘Nuacht Náisiúnta’?