Tá Údarás na Gaeltachta ag díriú ar leas a bhaint as “caidrimh thrádála níos láidre” le Ceanada agus le tíortha an Aontais Eorpaigh i bhfianaise na dtaraifí a d’fhógair uachtarán na Stát Aontaithe Mheiriceá Donald Trump.
Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc go bhfuil an eagraíocht forbartha Gaeltachta ag iarraidh na cliantchomhlachtaí atá faoina coimirce “a éagsúlú” agus iad a chosaint ó thionchar na dtaraifí.
“Táimid ag díriú ar bhealaí chun ár gcomhlachtaí a éagsúlú i dtreo margaí nua san Aontas Eorpach, chomh maith le leas a bhaint as an gcaidreamh trádála níos láidre idir an tAontas Eorpach agus Ceanada,” a dúradh i ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.
Dúradh go gcuirfidh Údarás na Gaeltachta “gach acmhainn ar fáil” le cabhrú le cliantchomhlachtaí na heagraíochta “an stoirm” atá tarraingthe ag Trump a sheasamh agus go gcoinneoidh oifigigh an Údaráis “súil ghéar” ar “éifeacht na dtaraifí” a d’fhógair sé an tseachtain seo caite.
“Táimid ag leanúint cur chuige cosúil leis an IDA agus Enterprise Ireland. Táimid ag obair go dlúth le gach comhlacht ar bhonn aonair chun tionchar na dtaraifí a mheas agus straitéisí a fhorbairt chun déileáil leo.
“Ní fhéadfaimis ag an bpointe seo tacaíocht shonrach a thairiscint do ghnólachtaí buailte, mar go bhfuil soiléiriú fós ag teastáil maidir le taraifí trasteorann i dTuaisceart Éireann agus conas a fhreagróidh an tAontas Eorpach do na taraifí chomh maith le haon athrú eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn,” a dúradh.
Thug an t-urlabhraí le fios do Tuairisc freisin go ndeachaigh €154 milliún d’earraí easpórtala ó chomhlachtaí Gaeltachta go Meiriceá Thuaidh in 2023. Níor tugadh figiúr sonrach do Stáit Aontaithe Mheiriceá ná don bhliain 2024 ach dúradh go raibh “ardú leanúnach” ag teacht ar easpórtálacha chliantchomhlachtaí an Údaráis go Meiriceá Thuaidh ó bhí 2019 ann.
D’fhógair Donald Trump Dé Céadaoin seo caite go ngearrfar 20% ar earraí a iompórtáiltear go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá as an Aontas Eorpach. Dúirt an Taoiseach Micheál Martin nach raibh na taraifí “inchosanta”, gur “údar mór aiféala iad” agus go ndéanfaidís dochar don gheilleagar domhanda.
Tá comhlachtaí cógaisíochta agus earraí leighis i measc na bhfostóirí is mó sa Ghaeltacht. Níor fhógair Trump aon taraif ar earnáil na cógaisíochta an tseachtain seo caite ach tá imní ann fós go bhfógróidh sé a leithéid amach anseo.
De réir na bhfigiúirí is déanaí ceimiceáin agus táirgí leighis ab iad 19% de na hearraí a easpórtálann cliantchomhlachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta. Earraí bia agus dí a bhí sa dara háit ar 16% agus earraí talmhaíocha, iascaireachta agus mara a bhí sa tríú háit le 11%.
Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta le díriú ar Cheanada agus an AE mar gheall ar tharaifí Trump'