‘Is trua nach bhfuil imní ar bith ar Fhoras na Gaeilge faoi chás na meán Gaeilge’ – Cathal Goan

Tá €1 milliún breise d’earnáil na leabhar Gaeilge á lorg ag Foras na Gaeilge ach deir Cathaoirleach Bhord Comhar gur údar díomá é nach bhfuil siad chomh tógtha céanna faoi chás na meán scríofa Gaeilge

‘Is trua nach bhfuil imní ar bith ar Fhoras na Gaeilge faoi chás na meán Gaeilge’ – Cathal Goan

Deir iarcheannasaí RTÉ agus TG4 Cathal Goan gur trua nach bhfuil an “imní” chéanna ar Fhoras na Gaeilge faoi chás na meán Gaeilge agus atá orthu faoi chás na leabhar Gaeilge.

Bhí Goan, atá ina chathaoirleach ar bhord na hirise Comhar, ag trácht ar an éileamh a rinne Foras na Gaeilge i dTeach Laighean an tseachtain seo ar €1 milliún breise d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge.

Ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais Dé Céadaoin, rinne Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, cur síos ar na forbairtí ba mhaith leis an eagraíocht a dhéanamh ar chóras dáileacháin na leabhar Gaeilge.

Chuir Cathal Goan fáilte roimh chaint an Fhorais faoi earnáil na leabhar ach mhaígh sé gurbh í an chluas bhodhair a tugadh do lucht na n-irisí agus na nuachtán nuair a rinne siad cás ar son breis acmhainní.

“Ábhar misnigh dúinn gur labhair an tUasal  Ó Coinn chomh neamhbhalbh i dtaobh na gciorruithe ar Chlár na Leabhar Gaeilge ó 2008. Ábhar ollmhór díomá dúinn nár léiríodh imní ná buaireamh ar bith i gcás na meán Gaeilge a bhfuil leatrom níos géire is níos uileghabhálaí fulaingthe acu le linn na tréimhse céanna,” a dúirt Cathal Goan,

Bhí Cathaoirleach Bhord Comhar ina measc siúd a rinne cás do mhaoiniú breise do na meáin scríofa Ghaeilge ag cruinniú eile de choiste an Oireachtais níos túisce i mbliana.

In aighneacht a chuir Comhar faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán in Éirinn anuraidh, luaigh Goan go gcuireann Foras na Gaeilge €500,000 sa bhliain ar fáil do Comhar, Tuairisc.ie, agus Nós ó 2014 i leith, laghdú ón €800,000 sa bhliain a bhí i gceist d’earnáil na meán scríofa Gaeilge roimh 2010.

Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge

San aighneacht sin, a rinneadh in éineacht le Tuairisc.ie, dúradh go raibh an maoiniú a chuirtear ar fáil “easnamhach amach is amach” agus gur bac a bhí ann ar fhorbairt na hearnála.

Cuireadh an maoiniú a bhí á fháil ag na meáin scríofa Ghaeilge i gcomparáid leis an €60 milliún sa bhliain a chuireann an stát ar fáil do TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Le cúpla bliain tá laghdú 33% tagtha ar an maoiniú a fhaigheann Comhar ó Fhoras na Gaeilge chun an iris mhíosúil a fhoilsiú, ó €120,000 go dtí €80,000. Dúirt Goan anuraidh go mbraitheann lucht na hirise go bhfuil “corrán an bháis” á “ghéarú” dóibh ag lucht ceannais an Fhorais.

Deir Foras na Gaeilge go bhfuil €1,000,000 eile ag teastáil chun feabhas a chur ar an tseirbhís dáileacháin leabhar a chuireann an eagraíocht ar fáil. Méadú 100% a bheadh ansin ar an mbuiséad atá acu faoi láthair don earnáil foilsitheoireachta trí chéile.

Dúirt Séan Ó Coinn go raibh an t-éileamh ar mhaoiniú breise curtha in iúl acu d’Aire na Gaeltachta, Catherine Martin.

“Nuair a bhuail muid leis an Aire Martin ní ba luaithe i mbliana, chuir muid faoina bráid na ciorruithe a bhí déanta ar Chlár na Leabhar Gaeilge ag dul siar go dtí 2008 – ag pointe amháin, bhí os cionn €1.8m de bhuiséad ag Clár na Leabhar Gaeilge – agus [dúramar] gur mhaith linn a bheith ar ais, ar a laghad, ag an leibhéal sin. Dar linn, is gá dúinn dul os a chionn sin nuair a chuirtear, cur i gcás boilsciú san áireamh,” a dúirt Ó Coinn.

Fág freagra ar '‘Is trua nach bhfuil imní ar bith ar Fhoras na Gaeilge faoi chás na meán Gaeilge’ – Cathal Goan'