Is tábhachtaí Acht Teanga Chomharthaíochta ná Acht Gaeilge don Tuaisceart – UUP

Deir Robbie Butler ón UUP go dtuigfí i gceart ‘a laghad tábhachta’ atá leis an reachtaíocht Ghaeilge, ach ‘breathnú i gceart’ ar cheist na reachtaíochta don teanga chomharthaíochta

Is tábhachtaí Acht Teanga Chomharthaíochta ná Acht Gaeilge don Tuaisceart – UUP

Is tábhachtaí Acht Teanga Chomharthaíochta ná Acht Gaeilge don Tuaisceart, dar le Robbie Butler ón UUP. Mhaígh Butler, a toghadh mar theachta tionóil i nGleann an Lagáin, gur chóir tús áite a thabhairt do reachtaíocht a chinnteodh cearta do dhaoine bodhra.

“Bhí próiseas mór comhairliúcháin ar bun anuraidh faoi Chreat nua na Teanga Comharthaíochta, agus bhí moltaí ann a chinnteodh go mbeadh teacht ag an bpobal bodhar ar na cearta, na freagrachtaí, na deiseanna agus ar an chaighdeán céanna saoil. Tháinig deireadh leis an bpróiseas comhairliúcháin sin mí Iúil seo caite agus níl aon athrú tagtha ar an scéal mar gheall ar thitim an Fheidhmeannais.

“Is í Teanga Éireannach na Comharthaíochta agus Teanga Bhriotanach na Comharthaíochta an príomh-mheán cumarsáide atá ag daoine atá bodhar agus úsáideann roinnt mhaith dá ngaolta agus dá gcairde na teangacha chomh maith. Cé go n-aithnítear gur teangacha iontu féin iad, níl aon chosaint reachtúil acu,” a dúirt Butler.

Dúirt sé gur “céim sa treo ceart” a bhí sa phróiseas comhairliúcháin anuraidh agus go bhfuil sé i gceist go dtabharfaí aitheantas oifigiúil don dá theanga sa reachtaíocht agus go dtabharfaí cosaint dóibh agus go gcuirfí chun cinn iad. Dúirt sé go dtacódh an reachtaíocht le tuismitheoirí agus clanna na mbodhar freisin.

“Is údar mór frustrachais é nach bhfuil aon dul chun cinn déanta ó shin. Ba deis ann le bliain anuas feabhas a chur ar chúrsaí do na bodhair ar fud Thuaisceart Éireann ach níor tharla faic,” a dúirt sé.

Dúirt Butler nach raibh aon amhras air ach gurb í ceist Acht Teanga Chomharthaíochta an phríomhcheist teanga sa Tuaisceart. Dúirt sé go dtuigfí i gceart “a laghad tábhachta” atá leis na “bunphrionsabail eile” teanga a bhfuiltear “ag troid fúthu”, ach “breathnú i gceart” ar cheist reachtaíocht na teanga Comharthaíochta.

Tá feachtas ar bun ar an dá thaobh den teorainn tuilleadh aitheantais a fháil do Theanga na Comharthaíochta. Ní aithnítear an teanga go hoifigiúil i gceachtar dlínse agus is minic a fhágtar daoine bodhra ar an trá fholamh agus iad ag iarraidh teacht ar sheirbhísí stáit sa teanga.

Tá trí chineál teanga chomharthaíochta á n-úsáid in Éirinn, Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL), Teanga Chomharthaíochta na Breataine (BSL) agus Teanga Chomharthaíochta Thuaisceart Éireann (NISL). Aithnítear ISL agus BSL sa Tuaisceart cé nach bhfuil cosaint reachtúil acu.

Tá ceist an Achta Gaeilge ar an dris chosáin is mó roimh na hiarrachtaí atá ar siúl Feidhmeannas Stormont a athbhunú agus ceist na reachtaíochta teanga ina hábhar mór aighnis idir Sinn Féin agus an DUP.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar Dé Domhnaigh gur chóir go mbeadh Acht Gaeilge ann ó thuaidh chun cearta teanga a “dhearbhú” agus “a chosaint”.

Fág freagra ar 'Is tábhachtaí Acht Teanga Chomharthaíochta ná Acht Gaeilge don Tuaisceart – UUP'