Is siocair ailse iad toitíní leictreonacha, ach níl siad chomh holc le gnáth-thoitíní

Meastar anois nach bhfuil toitíní leictreonacha iomlán sábháilte ach tá lucht taighde ar aon intinn go bhfuil siad níos sábháilte ná gnáth-thoitíní

Is siocair ailse iad toitíní leictreonacha, ach níl siad chomh holc le gnáth-thoitíní

Tá fianaise ar fáil i sraith alt nua a foilsíodh in Proceedings of the National Academy of the USA a thaispeánann go bhfuil toit ó thoitíní leictreonacha contúirteach ach nach bhfuil siad chomh holc leis na gnáth-thoitíni.

Measctar nicitín le leacht cosúil le gliocról nó gliocól próipiléine sa toitín leictreonach. Déanann an gléas nó an toitín sin gal den mheascán agus ionanálaítear í.

Síltear go bhfuil toitíní leictreonacha níos sábháilte ná gnáth-thoitíní, mar níl ach nicitín amháin sa ghal s’acu agus síltear nach bhfuil dochar i ngliocról nó sa ghliocól próipiléine.

Tá i bhfad níos mó ceimiceán in astaíochtaí gnáth-thoitíní.  Tá nicitín agus ceimiceáin eile cosúil le nítreasaimín a thagann ón nicitín féin nuair a dóitear é.  Anuas air sin, tá níos mó ná 7000 ceimiceán eile sa toit agus cuireann cuid mhór de na ceimiceáin isteach ar shláinte an duine.

Bíonn cuid de na ceimiceáin seo ag athrú DNA i gcealla an choirp.  Má athraítear seicheamh DNA i ngéin atá ag feidhmiú chun smacht a choinneáil ar fhás na gceall, beidh na cealla ag fás gan smacht.  Agus in amanna, forbraíonn cnapanna nó siadaí as na cealla seo.

Bíonn siadaí scamhóige coitianta i ndaoine a bhíodh ag caitheamh toitíní mar is sna scamhóga atá na ceimiceáin ag teacht isteach sa chorp.  Ach, scaipeann an fhuil na ceimiceáin ar fud an choirp agus déantar damáiste sna cealla i mbaill éagsúla.

Toisc nach n-athraíonn nicitín féin seicheamh DNA agus nach bhfuil ceimiceáin eile a imoibríonn le DNA sna toitíní leictreonacha, síltear nach gcuireann na toitíní seo isteach ar an chorp mar a chuireann gnáth-thoitíní.  Ach measadh go raibh ceimiceáin a shíolraíonn ó nicitín féin in innimh DNA a athrú. 

Chun a fháil amach an raibh ceimiceáin ag síolrú as an nicitín sa ghal, rinneadh anailís ar lucha a d’ionanálaigh gal na dtoitíní leictreonacha.  Thángthas ar nítreasaimín sna lucha a fuair an ghal ón nicitín agus ní raibh an nítreaisamín i gcorp na luch a fuair an ghal nár tháinig ón nicitín.

Nuair a imoibríonn nítreasaimín le DNA cuirtear meitilghrúpa (CH3-) ar dí-ocsaguanóisín agus táirgtear meitil-dí-ocsaguanóisín. Athraíonn an malartú seo an seicheamh DNA.

Chun fáil amach an raibh an nítreasamín ag imoibriú le DNA i gcealla na luch, rinneadh anailís ar DNA na n-ainmhithe a fuair an ghal ón nicitín agus ainmhithe eile a fuair gal gan nicitín.  Thángthas ar mheitil-dí-ocsaguanóisín sna lucha a fuair an ghal le nicitín ach níor thángthas ar mheitil-dí-ocsaguanóisín sna hainmhithe a fuair an ghal gan nicitín.

Ciallaíonn an fhianaise go dtáirgtear nítreasaimín ó nicitín sna cealla agus go n-athraíonn an nítreasaimín sin seicheamh DNA na luiche.

An gcuireann nicitín agus nítreasaimín isteach ar chealla an duine? Chun fáil amach an ndéantar an dochar céanna i gcealla an duine, cuireadh cealla ag fás ar maos i nicitín sa tsaotharlann. I ndiaidh do na cealla bheith ag fás i nicitín, bhí na hathruithe céanna tagtha ar DNA an duine agus a bhí ar chealla choirp na luch.

Nuair a cuireadh cealla an duine ar maos i nicitín bhí níos mó athruithe sa DNA.  Bhí i bhfad níos mó cealla a raibh tréithe ailse le fáil iontu ann nuair a bhí siad ar maos i nicitín agus fíorbheagán díobh nuair nach raibh aon nicitín ann.

Is léir ó na torthaí seo go síolraíonn ceimiceáin ón nicitín sa chorp agus go n-athraíonn siad seicheamh DNA na gceall.  Cealla a bhfuil na hathruithe seo tagtha ar a nDNA,  forbraíonn cnapanna de chealla uathu, mar a chítear in othair a bhfuil ailse orthu.

Meastar anois nach bhfuil toitíní leictreonacha iomlán sábháilte.  Is féidir leis na ceimiceáin a shíolraíonn ó nicitín tús a chur le hailse.  Mar sin féin, tá lucht taighde ar aon intinn go bhfuil na toitíní leictreonacha níos sábháilte ná gnáth-thoitíní ó thaobh na sláinte de.

Fág freagra ar 'Is siocair ailse iad toitíní leictreonacha, ach níl siad chomh holc le gnáth-thoitíní'

  • tomás

    I bhfianaise a bhfuil ráite san aiste sin thuas cén chaoi in ainm Dé a bhfuil toitíní dleathach ar chor ar bith?