Is mó suim a bheas sa gcur chuige ná sa scór in aghaidh na Seapáine

Bhí cúiseanna dóchais agus cúiseanna imní ag baint le himirt na hÉireann in aghaidh na Nua-Shéalainne

Is mó suim a bheas sa gcur chuige ná sa scór in aghaidh na Seapáine

Jack Crowley. Pictiúr: INPHO/Ben Brady

Éire v An tSeapáin

Más tús dearfach le haon séasúr rugbaí atá uainn seans gur cheart cluiche i gcoinne na nAll Blacks a sheachaint.

Mar a thuar mé seachtain ó shin, bhí imreoirí na Nua-Shéalainne róláidir dúinn thar ochtó nóiméad a bhí crua agus fisiciúil. Mar sin féin, bhí foireann na hÉireann iomaíoch an chuid ba mó den chluiche agus thar a bheith iomaíoch sa tréimhse sin den chluiche a raibh siad gann ar imreoir de bharr an chárta dheirg fiche nóiméad a bronnadh ar Thadhg Beirne

Ainneoin an bhearna trí phointe dhéag nó ceithre úd i gcoinne aon cheann amháin a bhí i bhfabhar na nAll Blacks ag deireadh an chluiche, tá neart rudaí dearfacha le tuairisciú.

Bhí an paca iomaíoch, sa gclibirt go háirithe. Bhí tosaithe, cuid acu fiú a bhí ar iarraidh ar Chúige Laighean nuair a d’imir siad i gcoinne Chúige Mumhan cúpla seachtain ó shin, leithéidí Baird, Furlong, Van de Flier, thar a beith feiceálach agus éifeachtach. D’iompair Conan, a bhí ag imirt ina chéad chluiche an séasúr seo, an t-uafás liathróide. Bhí ciceáil Gibson-Park an-éifeachtach agus bhí imirt McCloskey, O’Brien agus Lowe sna cúil, láidir agus sciliúil.

Is fiú a mheabhrú nach raibh na hAll Blacks ach aon phointe amháin chun cinn sa 62ú nóiméad. Ach idir sin agus deireadh an chluiche, fuair na hAll Blacks dhá úd eile agus theip orainne scór de chineál ar bith a chlárú. Seans gurbh é sin an difear idir foireann a bhí ag imirt ag deireadh a séasúir, mar a bhí na hAll Blacks, agus foireann a bhí ag tús a séasúir féin.

Ach chomh maith leis an dea-imirt a bhí le tuairisciú, chonacthas go leor den imirt dhiúltach agus bhí neart cúiseanna imní le tuairisciú freisin. Ar bharr an liosta sin tá cur chuige na hÉireann sa síneadh amach agus an easpa tacaíochta a bhí ar fáil don té a bhí ag iompar na liathróide isteach sa gcliseadh. Chaill muid seilbh de bharr na heaspa tacaíochta sin nó thug muid cic éirice uainn agus bhí ceisteanna ann maidir le héifeacht na cosanta.

Ach bhí gné amháin den chluiche sin in Chicago nach raibh tionchar ag aon imreoir ná ag aon bhainisteoir air, sin cur chuige an réiteora agus a chuid oifigeach cúnta. Is leor a rá go raibh tionchar diúltach ag cuid de chinntí an réiteora ar an gcluiche. Más le bainistíocht rugbaí an domhain béim a chur ar ardchaighdeáin imeartha agus iad ag iarraidh an cluiche a fhorbairt ar leibhéal idirnáisiúnta, caithfidh siad a chinntiú go bhfuil na réiteoirí agus na hoifigigh chomh hoilte céanna leis na himreoirí.

Dóthain ráite faoi sin anois.

Bhí seachtain ag Andy Farrell leis na deacrachtaí sin a cheartú roimh chuairt na Seapáine ar Staid Aviva inniu. Seans gurb é seo an cluiche is fusa de na trí chluiche atá le himirt againn sa mbaile an mhí seo. Fuair an tSeapáin léasadh 61-7 ón Afraic Theas an Satharn seo caite. Drochthús dóibhsean ach mar bharr ar an mí-ádh, tá taithí mhaith againne i gcoinne na Seapáine, foireann a d’imir muid trí huaire déag agus nár chaill muid ina gcoinne ach uair amháin, sin i gCorn an Domhain in 2019.

Ní haon ábhar iontais gur muid rogha na n-údar don chluiche seo, ach is mó suim a bheas ag lucht leanúna rugbaí na tíre seo sa gcur chuige ná sa scór. Is fiú a lua freisin go bhfuil Tom Farrell ag fáil a chéad chaipín idirnáisiúnta inniu, ní mór do Andy Farrell deis agus triail a thabhairt d’aon tallann nua atá ar fáil. Cuimhnigh go bhfuil cluiche i gcoinne na hAstráile agus na hAfraice Theas fós le teacht.

Fág freagra ar 'Is mó suim a bheas sa gcur chuige ná sa scór in aghaidh na Seapáine'