Is maith iad na comharthaí téarnaimh ach tá a fhios i Maigh Eo féin nach féidir brath orthu

Tá coinneal an dóchais lasta chomh minic sin anois ag Maigh Eo nach bhfuil an té is teanntásaí féin acu ag iarraidh an anachain a tharraing air féin….

Is maith iad na comharthaí téarnaimh ach tá a fhios i Maigh Eo féin nach féidir brath orthu

David McBrien agus Aidan O'Shea. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Faoin am seo Dé Domhnaigh seo chugainn beidh sé ina Gheimhreadh go hoifigiúil. Cheana féin diabhal mórán nach ionann a bhfuil de mhéaracha ar leathlámh leat agus teocht an tráthnóna. Tá giortú uaireanta an chloig ar sholas an lae agus deireadh an fháis linn. Tá dath athraithe ag duilleoga glasa na gcrann agus a mbunáite anois chomh lom agus atá mo chloigeann maol féin. Tá uisce ciúin gormghlas Chuan na Gaillimhe éirithe dorcha, cantalach. Níl an t-éan féin in ann a theacht ar a chuid gan beagán anró agus tá an luchóg fhéir ar a bionda ar thóir scoilt i mballa nó poll i gclár a thabharfadh foscadh agus beagán teasa di in áiléar an tí nó sa seid.

Ach sa mbliain seo 2020, a thug aicídí agus anó léi nár facthas a leithéid cheana riamh, tá áit amháin ina bhfuil ord sin an nádúir féin curtha ar a thóin. Níl sé i bhfad uainn ach an oiread – i bhfad níos gaire ná Domhan Theas Eoghainín na nÉan á “an áit a mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí”.

Ó bhuaigh siad ar Ghaillimh sa tSraith Náisiúnta Peile Dé Domhnaigh seo caite ar Pháirc Iarfhlatha Naofa i dTuaim, áit a raibh farasbarr 17 pointe acu, níl le feiceáil ar phlánaí Mhaigh Eo ach comharthaí téarnaimh. Dá mairfeadh File Caoch an chontae i gcónaí is é is dócha gur leis na focail “anois teacht an gheimhridh” a chuirfeadh sé tús lena dhán.

I gCoillte Mach an tseachtain seo tá siad ann a mhionnódh gur níos luaithe sa lá a éiríonn an ghrian ansiúd na laethanta seo . Deir fear as Clár Chlainne Mhuiris liom go bhfuil uachtar lus an chromchinn ag brath ar ghobadh aníos as an talamh. Tá bláth ar Sceathach an Mhíle agus feilméaraí ag cuimhneamh síol coirce, eorna, seagail is lín a chur i dtalamh timpeall Bhalla agus Bhéal an Átha Mhóir.

Ariamh anall ní raibh piolla ag an dochtúir a sháródh greadadh céadach a bheith tugtha don chomharsa ar pháirc na himeartha agus is milse fós é a bheith déanta ar a dtalamh siúd. Cén bhrí ach i gcás Mhaigh Eo anois, a leithéid tarlaithe nuair nár tháinig roimhe ach tubaiste i ndiaidh tubaiste – buailte ag Áth Cliath, ag contae na Mí (nach bhfuair ach seacht scór), ag Ciarraí agus ag Muineachán i dtús an tséasúir. Ba dheacair ag an dream ba dhóchasaí dá bhfuil gan a bheith in ísle brí.

Agus thuigfeá dóibh.

Tá muid ag caint ar lucht leanta foirne a bhfuil Cluiche Ceannais na hÉireann bainte amach acu ceithre huaire le deich mbliana, na babhtaí leathcheannais ceithre huaire eile agus aon chluiche ceathrú ceannais amháin. Go deimhin murach bundúnachas Chill Dara dhá bhliain ó shin nuair nach mbogfadh a mbabhta cáilithe as an Droichead Nua, bheadh oilithreacht Pháirc an Chrócaigh déanta ag lucht leanta Mhaigh Eo faoi dhó sa mbliain ar a laghad ó 2011 – agus iad fillte abhaile ón turas deireanach gach bliain acu (agus go leor eile) ar ‘phócaí folmha agus cloigeann tinn’.

Tá dílseacht agus dúthracht as cuimse ag baint leo agus ní taobh le uair amháin atá meas léirithe agam ar a misneach ar an leathanach seo.

Bíonn súil le muir acu de shíor agus níl aon athrú ar mo phort nach bhfuil aon chontae sa tír taobh amuigh de mo cheann féin a mb’fhearr liom Corn Mhig Uidhir acu.

As an síol is lú a fhásann an crann is airde, a deir siad, agus blas ar bith ach go raibh an cic deireanach tarraingthe ar an liathróid i dTuaim Dé Domhnaigh seo caite nuair a cluineadh an fhuaim ba laige d’adharc na seilge.

Faoi ardtráthnóna bhí fear chomh staidéartha le John Casey – iarpheileadóir de chuid an chontae a d’imir i gcluichí ceannais 1996 agus 1997 – ag meabhrú i dtvuít go mba sa mbliain 1951 go deireadh a thug Maigh Eo a leithéid de lascadh do Ghaillimh i dTuaim.
‘Just putting it out there,’ a deir an Cathasach, fear ar fiú cluas a thabhairt dá thuairim agus é i mbun anailíse agus scríbhneoireachta. Tabhair faoi deara nár dhúirt sé amach é, ach is é a bhí i gceist aige gur bhliain a bhí i 1951 inar bhuaigh siad Craobh na hÉireann freisin – an uair dheireanach acu sin a dhéanamh dá ndéarfainn é.

Ní hí an teorainn atá ag Twitter ar líon na bhfocal ba chúis lena theanga a bheith coinnithe ina phluic ag John Casey. Níl aon chall a inseacht dósan ná dá leathbhádóirí nach tréad caora aonair agus tá coinneal an dóchais lasta chomh minic sin anois ag Maigh Eo nach bhfuil an té is teanntásaí féin acu ag iarraidh an anachain a tharraing air féin.

Cinnte is fadó cheana ó facthas imirt chomh spleodrach ó ógánach scór bliain d’aois agus a facthas ó Mark Moran Dé Domhnaigh seo caite. Is fíor nach raibh Oisín Mullin agus Eoghan McLaughlin atá ar comhaois leis i bhfad chun deiridh air. Ní fada anois ach an oiread go mbeidh fáil arís ag Maigh Eo ar Colm Boyle, Donie Vaughan, Tom Parsons, Séamie O’Shea agus Kevin McLoughlin.

Ach le fírinne, ní féidir ach a rá freisin go raibh peileadóirí na Gaillimhe thar a bheith go dona. Ní minic a tharlaíonn sé nach bhfaigheann oiread agus duine amháin féin den fhoireann a bhuailtear an lámh in uachtar ar a chéile comhraic, ach b’in mar a bhí i dTuaim.

Is maith ann iad na comharthaí téarnaimh ach tá a fhios i Maigh Eo fiú nach féidir brath orthu. Is minic a tharla gur taobh le cuan a bádh bád. Nach ndearna File Caoch Chill Aodáin féin trácht ar a leithéid i gceann eile dá chuid dánta.

Fág freagra ar 'Is maith iad na comharthaí téarnaimh ach tá a fhios i Maigh Eo féin nach féidir brath orthu'