Téann íobairt na fola is na beatha ó mheabhair orm féin ach le fada an lá tá tochas gan scríobadh i m’intinn ag Micheál Ó Coileáin agus a bhás.
Tá cual leabhar foilsithe a bhréagnaíonn a chéile agus de ghrá na síochána buaileadh cos ar a lán is cuireadh sa gcré iad le lucht an eolais.
Ar ndóigh dá gcuirfí coiste cróinéara ar an bhfear bocht, ní bheadh an chomhcheilg á lua.
Ní haon iontas mar sin gur thapaigh mé an deis dul ar bhus go Béal na Blá do Tuairisc Dé Domhnaigh, turas a bhí á eagrú ag Comhairleoir Contae de chuid Fhine Gael. Nárbh iontach an seans é le haithne a chur ar na léinte gorma a chreideann gur bhunaigh an Coileánach a bpáirtí féin 11 bliain i ndiaidh a bháis?
Agus an Corcaíoch Meda Ryan á léamh agam ar an mbus, d’fhiafraigh an seanfheilméara as an Eachréidh a bhí ina shuí le m‘ais dom faoin leabhar. Nuair a luaigh mé údar mo chuid fiosrachta leis chuir sé cogar i mo chluais: ‘Tá a fhios againn ar fad cé a mharaigh é.’
Léirigh mé m’aineolas dó agus le cogairín eile siar díreach i mo chluais scaoil sé méaróg bheag ghéar eile, “De Valera.”
As an racht athmhuintearais i mo chroí, dúirt mé gurbh iontach an scéal go mbeadh ceannaire an dá pháirtí a shíolraigh as Cogadh na gCarad ag leacht an Choileánaigh inniu. Chuir sé strainc air fhéin: “Mar chomaoin orthu [FF] a rinne muid é.”
Aon fhear séimh amháin a d’fhiafraigh díom inné an rabhas i mo bhall de pháirtí Fhine Gael ach nuair a mhíníos nach raibh, dúirt sé – “Perhaps, you’ll join us now?”
Scanraigh mé ansin go mbeadh seanspaidhteanna is seanspallaí á gcaitheamh go tráthnóna ach a mhalairt ar fad a bhí fíor.
Formhór mór an 10,000 duine a bhí ag Béal na Blá inné, ag ceiliúradh na staire a bhíodar agus ag léiriú ómóis d’fhear óg amháin de na céadta a leagadh ar mhaithe le haisling is tart na córa.
Ba léir dúinn uilig go raibh daoine muinteartha an Choileánaigh ansin inné ag fód a bháis agus cuimhní, mórtas is aiféala a dteaghlaigh féin acusan. Chomh maith leis na deisceabail dhílse, teaghlaigh agus leanaí ba mhó a bhí ansin don ócáid shollúnta.
I mo shuí ar an gcnocán aerach sin, bhíos ag breathnú ar an mbealach a thaistil conbhua an mhí-áidh 100 bliain is an lá inné. Ina shuí le m’ais bhí fear a bhí níos gaire don chéad ná don nócha agus é cróilí go maith don chnocán.
Bhí fuílleach le rá aige faoin saol fada a bhronn Dia air agus an comhrá cois teallaigh acu fhéin ach an fáth is mó ar theastaigh uaidh a bheith ann ar an Domhnach ná go raibh a mháthair ina cailín aimsire ag freastal ar bhuíon an Choileánaigh san óstán lá a bháis. Deirimse leat gur maith beo an neach í an stair.
Mar laoch agus mar ghaiscíoch a mhol an Taoiseach Corcaíoch fear na háite agus ba léir ón meangadh a bhí ar éadan an Mháirtínigh agus líofacht a chuid cainte gur bhraith sé an dea-ghuí agus an gean a bhí á scairdeadh air ag an slua. Bean le m’ais agus na deora ina slaoda léi a mhínigh dom agus ceirt á tabhairt agam di gur maraíodh a seanuncail sa gcogadh cathartha agus gur ghoill sé riamh ar a mháthair nár ceadaíodh di an Coileánach a lua ná a mholadh.
Ba don mháthair sin agus máithreacha eile na cogaíochta a deora agus cead aici féin anois cuimhneamh ar a fear gaoil gan faltanas d’ardcheannasaí an airm a mharaigh é. Nach iontach go deo an cumas maithiúnais a bhíonn ag daoine?
Chuir an Taoiseach an-bhéim ar an daonlathas agus an tiomantas dó a léiríonn an rialtas comhpháirtíochta atá againn faoi láthair.
A bhuíochas don Choileánach agus a leithéidí atá an tsaoirse againn ár gcinniúint féin a roghnú, a mhaígh sé.
Níor éirigh leis an Tánaiste Leo Varadkar lena thagairt do Walt Whitman agus Abraham Lincoln an slua a mhealladh chomh maith céanna.
An saighdiúir bocht ar tháinig meirfean air sa teas is mó a scanraigh an slua a cheap gur duine de na naoscairí thuas ar an gcnoc a bhí tar éis an Taoiseach bocht a leaindeáil.
Bhí díorma scaipthe thart anseo is ansiúd sa slua faoina mbratacha agus a dT-léinte glasa agus a manaí ag fógairt ‘globalist traitors out’ a thosaigh ag feadaíl agus ag búáil ar an Taoiseach agus an Tánaiste ach bháigh an slua a soiscéal le bualadh bos.
Cuibheas is ómós seachas maslaí a bhí ón slua. Ba bhreá liom an deis ceist a chur ar na mairbh faoina n-oidhrí sa Rialtas – ach ní mór an meas a bhí ag an gCoileánach ar an sóisialachas don tír seo.
Ba dheas mar a chríochnaigh a bhean ghaoil Eleanor Moore an searmanas nuair a mheabhraigh sí dúinn faoi na bláthanna a leag a sin-seanmháthair ag leacht a dearthár i 1923 ‘To Michael from Mary’.
Má chastar sna bólaí sin thú údar spéise an comhartha bóthair go dtí an leacht: Béal na Blá 1 km agus thíos faoi tá Béal na mBláth. An leagan Béarla de is dóigh! Agus ná goid é – an Chomhairle bánaithe ag gadaíocht comharthaí.
Ar ndóigh beidh mé ag breathnú ar Cold Case Collins, ar RTÉ 1, Dé Céadaoin ag 9.35 pm.
Concubhar
Alt den scoth. Ba cheart do Mháire níos mó taistil a dhéanamh.
Seán
Turas a d’eagruigh Comhairleoir Condae de chuid Fhine Gael. Nach íorónach sin mar dá mairfeadh an Coileánach, ní bheadh Fine Gael ar an bhfód.
JP
Léiriú ar an nimh a bhí idir an dá pháirtí é seo leanas: Bhí Dev ina Uachtarán agus é buailte faoi go deas san Áras. Bhí ‘cúram an rí’ ar siúl aige istigh sa leithreas álainn lá amháin nuair a tháinig cnag ar an bpríomh-dhoras amuigh. Osclaíodh agus cé bhí ann ach Costello é féin, bús allais leis (& léine bhreá ghorm uime). Theastaigh uaidh labhairt le Dev ar bhonn práinne. B’eo leis an dóirseoir go pras síos chuig Dev agus dúirt leis cé bhí chuige agus go raibh práinn ann. ‘Abair leis’, arsa Dev agus gach aon ghnúsacht aige.
… ‘nach féidir liom déileáil ach le haon Chac amháin san am’.