Gheall siad aisghairm an achta nuair a bhí siad sa bhfreasúra. Ó tháinig Keir Starmer agus Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht níl tada déanta chun reachtaíocht chonspóideach na gCaomhach, Acht Thrioblóidí Thuaisceart Éireann, Oidhreacht agus Athmhuintearas 2023 a chur ar ceal. Tá imní agus amhras cothaithe acu áfach.
Céard atá ar intinn acu a dhéanamh? B’údar imní é go luath ina ré gur útamáil seachas aisghairm iomlán a bhí á beartú ag an Státrúnaí Hilary Benn. Leasú, a dúirt sé. Ba léir go raibh sé diongbháilte go gcoinneofar an Coimisiún a bunaíodh faoin Acht Oidhreachta, an ICRIR (Independent Commission for Reconciliation & Information Recovery) cé go raibh agus go bhfuil íobartaigh ina choinne. Is mó go mór an bhuairt agus an fhearg anois.
Dé hAoine seo caite dúirt Oifig Thuaisceart Éireann leis an áisíneacht Reuters go raibh iarratas déanta ag an Státrúnaí Benn chun achomharc a dhéanamh in aghaidh rialú na hArd-Chúirte gur sháraigh codanna den acht dlíthe chearta an duine agus creat Windsor. Dúradh le Reuters freisin go bhfuil sé i gceist an tAcht a aisghairm agus reacht nua a chur ina áit. Céard is brí leis sin? Cén ghá a bheadh le hachomharc in aghaidh achta a bheadh curtha ar ceal?
Deir Amnesty go bhfuil ceisteanna bunúsacha le freagairt ag an rialtas faoina thiomantas dá gheallúint an reachtaíocht a chur ar neamhní. Feall is ea an cinneadh is deireanaí ar íobartaigh a chreid go ndéanfaí an tAcht a aisghairm, arsa Gráinne Teggart, Leas-Stiúrthóir Amnesty i dTuaisceart Éireann. Níl siad ag seasamh lena bhfocal sollúnta roimh an toghchán, ar sí, go gcuirfidís ina ceart an éagóir a bhí á déanamh ag rialtas na gCaomhach. Bhí Amnesty agus dlíodóirí thar ceann roinnt íobartach ag tacú le teaghlaigh ag ócáid Dé Luain.
“Tá díomá agus déistin orm le rialtas na Breataine,” a dúirt Martina Dillon ar mharaigh dílseoirí a fear céile, Séamus Dillon, i nDún Geanainn i 1997. Bhí sí ar dhuine de na gearánaithe in aghaidh an Achta i gcúirt na n-achomharc i mBéal Feirste a rialaigh an mhí seo caite go raibh an iomarca cumhachta ag an rialtas chun faisnéis a cheilt, cor a bhain an bonn de liosta d’ionchoisní sula dtáinig an tAcht Oidhreachta i bhfeidhm sa Bhealtaine. Rialaíodh freisin dá gcoinneofaí an ICRIR nár mhór bealach a bheith ag íobartaigh páirt a ghlacadh sa bpróiseas.
Beagán le cois 100 lá ó tháinig siad i gcumhacht tá míshásamh le Starmer agus Benn ag treisiú. D’éiligh comhdháil ag deireadh na seachtaine go scorfaí an ICRIR, tá go leor míshuaimhneach nár deineadh aon ní chun an bac a chuir an tAcht Oidhreachta ar ionchoisní a chealú agus daoine ar buile faoin gcinneadh an cás a thabhairt chun na Cúirte Uachtaraí i Londain. Tá siad “ár dtabhairt chun cúirte chun diúltú dár gcaithréim” arsa Martina Dillon a mhóidigh go leanfaidh siad ag troid.
Chuir an dlíodóir Darragh Mackin ó chomhlacht dlí Phoenix i leith an rialtais go raibh siad ag baint leasa as an gcleasaíocht chéanna leis na Tóraithe. Ba é a bharúil go raibh an rialtas, fearacht na dTóraithe, ag cur ama agus airgid amú ar chásanna cúirte agus achomhairc in áit a ndualgas i leith na n-íobartach a chomhlíonadh.
Is deacair cur chuige an Lucht Oibre a thuiscint. Is mór idir é agus a ngeallúintí nuair a bhí siad sa bhfreasúra. Má bhí siad ionraic sa chéad áit céard faoi ndear an t-athrú? Gan dabht beidh roinnt sna seirbhísí faisnéise agus cosanta arbh fhearr leo cur chuige na dTóraithe chun bac a chur ar chúisimh agus ar fhiosruithe ach bhí a fhios sin ag Starmer nuair a gheall sé aisghairm an achta.
Is mór is fiú nár ghéill rialtas na hÉireann do bhladar Westminster nuair a bhíodar siúd ag iarraidh go n-éireodh Baile Átha Cliath as a gcás in aghaidh an achta sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.
Is léir go mbeidh gnóthaí eile ag déanamh tinnis do pháirtithe na Dála idir seo agus Nollaig ach ní mór do cibé dream a bheidh sa rialtas i ndiaidh an olltoghcháin brú a choinneáil ar rialtas na Breataine faoin gceist chráite seo. Tá na híobartaigh nach bhfuair ceart ná fírinne – más lámh láidir na bparaimíleatach nó foréigean stáit a d’fhulaing siad – ag fanacht i bhfad rófhada cheana féin.
Fág freagra ar 'Tada déanta ag Starmer faoi acht na dTrioblóidí a chur ar ceal, ach imní a chothú'