1.63 billiún duine in aghaidh na míosa a thugann cuairt ar ChatGPT.
Baineann 86.5 milliún duine úsáid as Siri, 85 milliún as Google Assistant agus 77.2 milliún as Alexa.
Agus líon na gcuardach ar Google? 99,000 gach soicind – is ionann sin agus dhá thrilliún gach bliain.
Ní ceisteanna ar nós ‘Cé a ghnóthaigh Corn Uí Riada anuraidh?’ amháin a chuirtear ar shuíomhanna cuardaigh agus ar bhotaí comhrá.
Léiríonn taighde gur fearr le 58% de na fir san Iorua Google ná a gcuid cairde má theastaíonn comhairle uathu faoi chúrsaí grá agus caidrimh.
Ar éigean gur féidir saol an lae inniu a shamhlú gan an intleacht shaorga (AI), gan trácht ar shaol an lae amárach.
Cheana féin, baineann dochtúirí agus máinlianna úsáid as AI ina gcuid oibre, chun scagadh a dhéanamh ar x-ghathuithe mar shampla. Is nós le mórchuid daoine – mé féin san áireamh – taighde a dhéanamh ar líne sula dtugann siad cuairt ar an dochtúir, agus ní fada uainn an lá, shamhlóinn, go mbeidh orainn dul ag caint le bota comhrá, seachas glaoch a chur ar an gclinic, má theastaíonn coinne dochtúra uainn. Agus cá bhfios ansin nach bhfeicfimid dochtúir daonna in aon chor, ach go réiteoidh an bota comhrá féin an fhadhb.
Is ann don síceolaí digiteach cheana féin freisin. Le gairid, seoladh an suíomh Meeno (tá aip ann, freisin), seirbhís AI-bhunaithe a thugann comhairle faoi cheisteanna pearsanta. Ceisteanna bunúsacha a réitíonn Meeno go fóilleach: cabhair le cinneadh a dhéanamh, mar shampla. (Bhain mé féin triail as comhrá leis an aip agus a luaithe agus a chlóigh mé isteach na focail ‘dúmhál mothúchánach’ le haghaidh an chraic, mhol an bota dom labhairt le fíorshíceolaí.)
Creid é nó ná creid ach is ann don mharbh digiteach cheana féin chomh maith. Sa tSín, tá daoine in ann ‘abhatár’ a ordú ón gcomhlacht Super Brain ar thart ar €1,300, samhail dhigiteach de ghaol nó cara a cailleadh agus a labhraíonn leat díreach mar a labhraíodh an té a chuaigh ar shlí na fírinne.
Ach mura dteastaíonn uait ach corrchomhrá le duine a raibh cion agat air agus a cailleadh, tá sé éasca go leor bota comhrá a thógáil tú féin ach teachtaireachtaí ríomhphoist ón té a cailleadh, nó frásaí a d’úsáideadh an duine sin go minic, a chur isteach in ChatGPT nó aip éigin eile. Má chuireann tú dóthain eolais isteach, labhróidh an bota ar ais leat ón saol eile, mar dhea.
An é sin an cineál todhchaí atá uainn? B’fhéidir é, más fianaise iad ná staitisticí faoin líon cuairteanna a thugtar ar bhotaí comhrá agus ar shuíomhanna cuardaigh, agus an tóir atá ar na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag leithéidí Meeno agus Super Brain.
Ar an gcúis sin, tá sé ríthábhachtach go bhfuil ‘uirlis bunaithe ar an intleacht shaorga agus ar acmhainní saibhre na Gaeilge’ le forbairt, nó ní bheidh an Ghaeilge in ann coinneáil suas leis na forbairtí teicneolaíochta agus sóisialta atá romhainn.
Ach molaim ainm níos mealltaí ná ‘uirlis bunaithe ar an intleacht shaorga agus ar acmhainní saibhre na Gaeilge’.
Céard faoi ‘Caitríona’?
Ar ndóigh tá Caitríona Pháidín ag labhairt linn ó chré na cille ó bhí 1949 ann, agus is aici a bhíonn a fhios faoi chuile shórt.
Fág freagra ar 'Seo chugainn an dochtúir, an síceolaí, agus creid é nó ná creid, an marbh digiteach'