Is maith ann ‘Turas Bóthair’, aistear neamhghnách ar a bhfuil an lámh in uachtar ag an nGaeilge

Raistí cainte agus cuideachta ó chainteoirí Gaeilge de gach saghas líofachta, cúlra agus ceantair - Is fiú go mór scaitheamh a chaitheamh ag cúléisteacht le lucht 'Turas Bóthair' ar TG4

Is maith ann ‘Turas Bóthair’, aistear neamhghnách ar a bhfuil an lámh in uachtar ag an nGaeilge

Tá an seó cadrála Turas Bóthair tagtha ar ais chugainn don dara séasúr. Deis againn arís a bheith ag cúléisteacht le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta fad is atá siad ag tabhairt faoi ghnáthchúraimí an tsaoil. Meabhraítear dúinn ag tosach an chláir go bhfuil tuairim is dhá mhilliún mótar ar bhóithre na hÉireann agus go gcaitheann an gnáthdhuine, ar an meán, trí bliana dá shaol sáite i gcairteacha. De réir mo chomhairimh tá cúigear is fiche páirteach sa séasúr seo. Ina measc tá: Katie agus Bairbre, dlúthchairde ón nGaillimh; Siobhán agus Art, deartháir agus deirfiúr ó Chontae an Dúin; Máire agus Síle, seanchairde ó Chontae Chorcaí;  Caoimhe agus Orla, cairde scoile ó Bhaile Átha Cliath; Sally agus Bríd, múinteoirí scoile ó Dhún na nGall agus a lán eile nach iad.

Den chuid is mó is daoine caithiseacha, cainteacha iad ar fad. Is léir go gcuireann an ceamara beag cuid acu dá mbuille ach is beag a mbeann ag daoine eile ar an ngaireas céanna. Tá sé tábhachtach go mbeadh na rannpháirtithe ar a gcompord ionas go bhfaighimid comhráite nádúrtha, ionraice. Is léir go bhfuil súp á bhaint ag cuid mhaith acu as an gcúram.

Cad é raistí cainte agus cuileachta ó chainteoirí Gaeilge de gach saghas líofachta, cúlra agus ceantair. Seatanna aeir den tuath agus den chathair ag meabhrú dúinn i rith an ama go bhfuilimid ag imeacht ó cheann ceann an oileáin.

Piseoga, mallachtaí, púcaí, cúrsaí teicneolaíochta agus ginmhilleadh a bhí faoi chaibidil seachtain amháin. Sábháilteacht ar na bóithre, aingil, rothaithe, cúrsaí dlí agus cirt mar aon le jin a bhí idir chamáin an tseachtain seo caite.

Cur síos á dhéanamh ag duine amháin ar chos a baineadh de dhuine a bheith á cur san uaigh leis an mbuatais uirthi agus duine eile ag maíomh go mba cheart coirpigh a chur ag líonadh na ‘bpotholes’ seachas a bheith suite i bpríosún.

Cad é tuairimí faoi rothaithe. Daoine áirithe tuisceanach fúthu ach gan aon namhaid ag daoine eile ach iad. Máire Chorcaí ag maíomh nach bhfuil sí in ann rothaíocht mar nach bhfuil aon ghnó ag muintir Chléire do rothar. Joe Thír Chonaill agus Muiris Chorca Dhuibhne ag cur síos ar an tslí go n-éirigh leo ceadúnas tiomána a fháil gan aon scrúdú a dhéanamh.

Seo ceann den fhíorbheagán clár do dhaoine fásta ar TG4 ina bhfuil an lámh in uachtar go hiomlán ag an nGaeilge. Is iad an Nuacht agus Seal le Dáithí an dá chlár eile a ritheann liom as maoil mo chonláin. Is fiú go mór scaitheamh a chaitheamh ag cúléisteacht leis na turasanna bóthair seo.

Fág freagra ar 'Is maith ann ‘Turas Bóthair’, aistear neamhghnách ar a bhfuil an lámh in uachtar ag an nGaeilge'