Is léir tuairimí éagsúla a bheith ann faoi céard é dlí frithdhaonlathach

Níl mórán eolais againn faoin tSeoirsia, ach seans maith go gcloisfidh muid níos mó sna míonna beaga seo amach romhainn

Is léir tuairimí éagsúla a bheith ann faoi céard é dlí frithdhaonlathach

Tá an tSeoirsia go mór faoi chaibidil faoi láthair san Aontas Eorpach agus an-chuid conspóide ag baint le seasamh an rialtais agus argóintí faoi thodhchaí Eorpach a bheith i ndán don náisiún Áiseach Críostúil seo.

Tá an tSeoirsia lonnaithe sa réigiún Cugasach, ó dheas ón Rúis agus ar imeall na hAirméine, na Tuirce is na hAsarbáiseáine.  Bhí cogadh gearr idir an tSeoirsia agus an Rúis sa mbliain 2008 nuair a d’fhág an Oiséit Theas agus an Abkhas stát na Seoirsia le neamhspleáchas a fhógairt.  Ní thugann aitheantas do na stáit neamhspleácha sin ach an Rúis.

Tá easaontas i bpolaitíocht na tíre, idir an dream atá ag iarraidh cairdeas a choinneáil leis an Rúis agus dream eile atá naimhdeach don Rúis is a leanann bealach an Aontais Eorpaigh.

Is éard a spreag an chonspóid is deireanaí ná dlí nua a ritheadh trí pharlaimint na Seoirsia a deir go gcaithfidh gach eagraíocht neamhrialtasach (NGO) clárú mar ghníomhaire iasachta má thagann os cionn 20% dá cuid maoinithe ón iasacht.

Ionsaí ar an daonlathas atá sa dlí seo a thagann salach, a deirtear, ar phrionsabail an Aontais Eorpaigh.

Mar a tharlaíonn níl aon bhac ar na gníomhairí iasachta seo feidhmiú sa tír faoin dlí nua, ná nuachtán nó meáin eile a bheith ina seilbh acu.  Níl ann ach go gcaithfidh siad foinse a gcuid maoinithe a fhógairt.

Mar a tharlaíonn, tá dlí den chineál céanna sna Stáit Aontaithe, an Foreign Agents’ Registration Act.  Sé sprioc an Achta, dar le húdaráis Mheiriceá, gan cur isteach ar cheart na n-eagraíochtaí stocaireacht a dhéanamh ach é bheith soiléir cé atá taobh thiar dóibh.

B’éigean, mar shampla, d’eagraíochtaí sna Stáit Aontaithe a thug tacaíocht don IRA iad féin a chlárú faoin Acht sin, agus a gcuid cuntas is eile a fhoilsiú do scrúdú oscailte.

Maíonn na Seoirsiaigh gur ionann an dlí atá rite acusan tríd an bparlaimint.

Ach deir an tAontas Eorpach go dtagann an dlí seo – a dtugann siad Dlí Rúiseach air – salach ar an iarracht a rinne an tSeoirsia dul isteach san Aontas.

Chros uachtarán na tíre, ar den eite Eorpach í, an dlí ach bhí móramh ag an rialtas sa bparlaimint le cros an uachtaráin a chur ar ceal.

Ionsaí ar an daonlathas a leithéid, de réir an Aontais Eorpaigh.

Tá dreamanna atá i bhfabhar an Aontais ag eagrú agóidí sráide in aghaidh an rialtais faoin scéal seo, is tá baol ann go ndéanfar iarracht ‘réabhlóid dhaite’ a eagrú – mar a eagraíodh san Úcráin in 2014 agus i dtíortha eile – le fáil réidh le rialtas a dúradh a bhí tofa go daonlathach sular thosaigh an chonspóid seo.

Sé an rud is íorónta faoin scéal ná go bhfuil an rialtas reatha i bhfabhar ballraíocht san Aontas Eorpach a bhaint amach, ach amháin nach dteastaíonn uathu seasamh frithRúiseach glan a bheith acu.

Ach is cosúil gur peaca marfach é gan glacadh go huile is go hiomlán, gan aon mhoill is gan aon choinníoll, le dearcadh lucht an Atlantachais i dtaobh na rudaí seo.  Is beart frithdhaonlathach é, is cosúil, difear ar bith a bheith idir thú féin agus an tAontas.

Níl mórán eolais ag an gcuid is mó againn faoin tír sin, ach a luaithe is a luaitear an Rúis bíonn daoine áirithe sásta glacadh leis gur cheart an rialtas tofa a dhíbirt as oifig – bealach amháin nó bealach eile.

Agus ardaíonn an scéal seo roinnt ceisteanna.  An bhfuil sé frithdhaonlathach, i ndáiríre, nach mbeadh eagraíochtaí eachtrannacha in ann nuachtáin is meáin a cheannach gan é bheith soiléir cé acu an eagraíocht dhúchasach nó eagraíocht iasachta atá inti?

Níl sé i gceist faoin dlí seo stop nó bac a chur ar eachtrannaigh nuachtáin a cheannach, ach iachall á chur orthu a bheith oscailte faoi cé hiad féin.

Agus ceist eile: an bhfuil cead ag rialtas dlí mar seo a rith – mar a rith na Stáit Aontaithe ar ndóigh – nó an bhfuil na Stáit Aontaithe frithdhaonlathach freisin?  Nó an amhlaidh go bhfuil an ceart ag buíon an Atlantachais dlí ar bith a thabhairt isteach ach gur beart frithdhaonlathach ag éinne eile a leithéid a dhéanamh?

Níl mórán eolais againn faoin tSeoirsia, ach seans maith go gcloisfidh muid níos mó sna míonna beaga seo amach romhainn.

Ach sula dtosaíonn an bholscaireacht b’fhéidir gur cheart smaoineamh faoina bhfuil taobh thiar den chonspóid seo agus a bheith san airdeall sula mbriseann ‘réabhlóid dhaite’  amach os ár gcomhair.

Fág freagra ar 'Is léir tuairimí éagsúla a bheith ann faoi céard é dlí frithdhaonlathach'

  • Indrek

    Táthar den tuairim nach ar mhaithe leis an ‘trédhearcacht’ atá an dlí sin dréachtaithe, ach leis an bhfreasúra atá bunaithe ar eagraíochtaí neamhrialtasacha a chur faoi chois, go díreach mar atá déanta sa Rúis. Lena chois sin, tá bille nua á rith ag rialtas na Seoirsia anois le cur i gcoinne na bolscaireachta LADTA+ … An gcuireann sé sin rud ar bith i gcuimhne daoibh? Sin cleas eile a chonachtas cheana sa Rúis. Go deimhin, tá feachtas ar bun ag páirtí an rialtais, agus an t-olagarc Ivanishvili atá taobh thiar de, a gcumhacht a dhaingniú trí shrian a chur ar na breithimh, lucht agóide a bhatráil srl. Is cinnte nach bhfuil an treo sin ag teacht leis na luachanna atá againne san AE nó ag aon sochaí dhaonlathach eile. Deir údar an ailt gur beag eolas atá againne san Iarthar ar an tSeoirsia, agus go háirithe, de réir na tuairisce atá curtha faoinár mbráid aige, tá an chuma ar an scéal go gcaithfear é féin a chur san áireamh. Mar sin, má tá spéis agaibh sa scéal, b’fhearr dul i muinín foinsí iontaofa.

  • Eoin Ó Murchú

    Tugaim faoi ndear nach bhfreagraíonn Indrek aon cheann de na hargóinti a rinne mé. Tá cead ag eachtrannaigh nuachtáin a cheannach ach iad a cheannach go hoscailte agus fios a bheith ag an bpobal cé tá toabh thiar de eagráíocht ar bith a fhaigheann airgead ón iasacht.
    Bíonn daoine abhus ag tabhairt foláireamh dúinn go bhfuil gníomhairí iasachta ag iarraidh cur isteach ar ár bpolaitíocht abhus. Nach bhfuil an ceart céanna ag rialtas na Seoirsia an foláireamh céanna a thabhairt dá muintir?