Tá athrú ag teastáil ó dhaoine ach cén t-athrú?

Agus rogha á dhéanamh i dtoghchán acu, is minice ná a mhalairt a bhíonn daoine ag díriú ar a gcuid fadhbanna féin

Tá athrú ag teastáil ó dhaoine ach cén t-athrú?

Athrú. Teastaíonn athrú. Tá ag pobal ag iarraidh athrú. Caithfear cúrsaí a athrú. Bíodh tú ag éisteacht le teachtaireachtaí ó pholaiteoirí i dtoghcháin na tíre seo, na Breataine nó na Stát Aontaithe, tá an teachtaireacht sin á tabhairt ag na polaiteoirí ar fad. Ach céard a chiallaíonn an t-athrú? Agus faoin am a mbeidh na vótaí comhairthe sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha i dtús na seachtaine seo chugainn, an bhfeicfidh muid athruithe suntasacha?

De réir na saineolaithe ar eolaíocht na polaitíochta is sa gcoicís deiridh sula gcuireann siad a marc ar an bpáipéar a dhéanann daoine suas a n-intinn faoi cé dó a vótálfadh siad. Agus go minic is nuair a bheireann siad ar an bpeann luaidhe a chinneann daoine cé dó an dtabharfaidh siad a gcuid tacaíochta.

Céard a bheidh in intin daoine inniu agus iad ag vótáil? A gcuid deacrachtaí agus a mianta féin nó na teachtaireachtaí atá cloiste againn ó pholaiteoirí le tamall de sheachtainí? Is minice ná a mhalairt, mar a thuigfeá, a bhíonn daoine ag díriú ar a gcuid fadhbanna féin.

Bhí mé ag éisteacht le comhrá fada le gairid faoi dheacrachtaí pleanála agus na fadhbanna atá ag daoine cead a fháil teach a thógáil ar a gcuid talún féin. Ní raibh aon chaint ar phrionsabail a bhaineann le comhshaol ná le forbairt inbhuanaithe faoin tuath. Bhí sé follasach gur theastaigh ó dhaoine go bhfaighidís cead pleanála ar a gcuid talún féin nuair a dhéanfaidís iarratas ais. Cá bhfágann sin lucht pleanála agus polaiteoirí áitiúla atá ag iarraidh pleananna forbartha a chur i bhfeidhm? Agus an bhfuil aon léargas ann ar na hathruithe a deir na polaiteoirí atá á n-éileamh ag an bpobal?

Tá teachtaireacht leanúnach ag teacht ó Shinn Féin le tamall de bhlianta go dteastaíonn athruithe ar an gcóras polaitiúil agus rialacháin sa tír seo. Chuaigh an teachtaireacht sin i bhfeidhm go mór ar dhaoine tamall ó shin ach léiríonn na pobalbhreitheanna le roinnt seachtainí anois go bhfuil meath ar an tacaíocht sin agus sa dúil atá ag an bpobal i dteachtaireacht an pháirtí. Más tada é, tá an pobal ag dul i dtreo iarrthóirí aonair a bhfuil teachtaireacht ar leith acu a bhaineann le ceist ar leith i gceantar ar leith.

Cé a dúirt ‘all politics is local’ tráth? Déantar dearmad go minic ar thábhacht na tíreolaíochta freisin sna cúrsaí seo agus an fonn a bhíonn ar dhaoine ionadaí áitiúil ina gceantar féin a thoghadh.

Is é fírinne an scéil sna cásanna sin go dtiocfaidh vótaí ó na hiarrthóirí neamhspleácha nach dtoghtar, agus ó na mionpháirtithe ar fad atá san iomaíocht sa toghchán seo, ar ais de réir a chéile chuig na páirtithe móra. An mbeidh athruithe móra mar thoradh ar an bpróiseas sin? Is críonna an té a déarfadh ach déanfaidh siad cúpla lá spéisiúil i mbun comhairimh.

Fág freagra ar 'Tá athrú ag teastáil ó dhaoine ach cén t-athrú?'