‘Is léir gur cuma leis an Roinn’ – cáineadh déanta ar easpa cúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné nach bhfuil ‘faic’ déanta ag an Roinn Ardoideachais chun tacú le comhlíonadh sprioc earcaíochta an stáit i leith na Gaeilge

‘Is léir gur cuma leis an Roinn’ – cáineadh déanta ar easpa cúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal

Tá cáineadh déanta ar chur chuige na Roinne Ardoideachais maidir le cur le líon na gcéimeanna a chuirtear ar fáil in institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre.

Tá soláthar cúrsaí i nGaeilge aitheanta ina ngné thábhachtach den sprioc reachtaíochta go mbeidh 20% d’earcaigh chun na seirbhísí poiblí inniúil sa nGaeilge faoi 2030 ach deir Teachta Dála amháin nach bhfuil “faic” déanta ag an Roinn chun tacú le comhlíonadh na sprice.

Bhí ionadaithe ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta os comhair choiste Gaeilge an Oireachtais inné ach is beag sásamh a fuair leaschathaoirleach an choiste, an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil, ón gcruinniú.

“Ón méid a bhí le rá acu, ní bheadh aon mhuinín agam as an roinn, go háirithe ó thaobh oideachas trí mheán na Gaeilge sa tríú leibhéal,” a dúirt an Teachta Ó Cearúil le Tuairisc. “Is léir nach bhfuil béim ann, is léir nach bhfuil straitéis ann agus, i mo thuairimse, is léir gur cuma leo faoi chúrsaí a chur ar fáil trí mheán na Gaelainne.”

Maítear gur níos lú ná 1% de mhic léinn tríú leibhéal a fhreastalaíonn ar chúrsaí a múintear ar a laghad cuid díobh trí Ghaeilge.

Ghlac Jean O’Mahony, Ceann an Aonaid Foghlaimeoirí Ardoideachais agus Ceann an Aonaid Scileanna sa roinn, go raibh líon na mac léinn a bhíonn ag freastal ar chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge “íseal”, ach dúirt sí go raibh tábhacht leis an neamhspleáchas atá ag na hinstitiúidí féin maidir le céard iad na cúrsaí a chuirtear ar fáil.

“Dá ndéanfadh siad cinneadh ar maidin go raibh siad ag iarraidh cur leis an soláthar cúrsaí trí mheán na Gaeilge, d’fhéadfadh siad.

“Níl ról ag an roinn a rá le hollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal cé na cúrsaí is féidir leo a sholáthar,” a dúirt O’Mahony.

Jean O’Mahony ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Dúirt O’Mahony go leanann an roinn “treoir pholaitiúil” agus go rabhthas ag obair i dtreo na spriocanna atá ag an rialtas, ach dúirt an Teachta Ó Cearúil gur léir nach bhfuil aon rud déanta chun an sprioc 20% a bhaint amach.

“An ‘treoir pholaitiúil’ atá ann ná go mbeadh 20% de na hearcaigh chun na hearnála poiblí ina gcainteoirí Gaelainne. Sin an ‘treoir pholaitiúil’. Téigh agus déan é. Níl aon rud déanta acu,” ar sé.

“Ní théann an rialtas ná polaiteoirí chuig an Roinn Ardoideachais ag rá leo ‘Tá níos mó cainteoirí Fraincise ag teastáil uainn,’ nó ‘Tá níos mó innealtóirí ag teastáil uainn.’ Ní tharlaíonn sin. Cé fáth go gcaithfeadh sé sin tarlú leis an nGaelainn?

“Téigh agus déan cinnte go bhfuil daoine le Gaelainn ar fáil don earnáil phoiblí. Agus don earnáil phríobháideach chomh maith, ach tá an reachtaíocht ann go mbeadh 20% [d’earcaigh na hearnála poiblí] in ann Gaeilge den scoth a úsáid faoi 2030. Is léir nach bhfuil an Roinn Ardoideachais ag déanamh a cuid chun é sin a bhaint amach.”

Dúirt Jean O’Mahony go ndéanann an earnáil tríú leibhéal freastal maith ar na héilimh atá ann, den chuid is mó, agus go gcaithfí breathnú ar an éileamh a bhí ann dá thuilleadh cúrsaí i nGaeilge.

Dúirt sí go raibh an tÚdarás um Ardoideachas i mbun plé le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge maidir leis an ‘fhéidearthacht atá ann taighde a dhéanamh” ar an éileamh atá ann do chúrsaí trí mheán na Gaeilge. Thug sí le fios go gcaithfí  a chinntiú nach cur amú airgid a bheadh in aon infheistíocht phoiblí a dhéanfaí chun cur le soláthar na gcúrsaí Gaeilge.

Níos déanaí sa gcruinniú, dúirt O’Mahony gur léirigh na hiarratais CAO i mbliana go raibh tóir ar na cúrsaí a bhfuil an Ghaeilge luaite mar chuid díobh.

Cháin an Teachta Naoise Ó Cearúil an nós atá ann go gcaitear éileamh a léiriú sula gcuirtear seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil.

“Cé fáth go dtiteann sé an t-am ar fad ar phobal labhartha na Gaelainne an t-éileamh a thaispeáint? Is léir go bhfuil éileamh ann. Féach ar líon na nGaelscoileanna agus líon na nGaelcholáistí. Féach ar líon na gcainteoirí Gaelainne fud fad na tíre.

“Is léir domsa go bhfuil riail amháin do lucht labhartha an Bhéarla agus ansin riail eile do lucht labhartha na Gaelainne.”

Deir an Teachta Ó Cearúil go bhfuil sé i gceist aige dul i dteagmháil lena chomhghleacaí ó Fhianna Fáil, an tAire Ardoideachais James Lawless, faoin scéal ach go bhfuil sé ag iarraidh tuilleadh fianaise a bhailiú ar dtús.

Tá ionadaithe ó chuid de na hollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal le teacht os comhair an choiste sna seachtainí amach romhainn chun soláthar na gcúrsaí trí Ghaeilge a phlé.

“Tá mise ar buile i ndiaidh an chruinnithe, le bheith macánta. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás le teacht amach go fóillín. B’fhearr liom dul chuige le gach rud seachas ‘drip-feeding’ a dhéanamh ar na fadhbanna sa tríú leibhéal,” a dúirt Ó Cearúil.

I ráiteas a d’eisigh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, bhí sé ar aon fhocal leis an Teachta Ó Cearúil agus cáineadh géar déanta aige ar an Roinn Ardoideachais.

An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh

Dúirt sé gur léirigh an Roinn ag an gcruinniú nach bhfuil “spéis dá laghad acu” an soláthar Gaeilge ag an tríú leibhéal a fhorbairt.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go mbíonn coinníollacha leis an airgead a chuireann an stát ar fáil do na hinstitiúidí tríú leibhéal agus nach féidir glacadh le leithscéalta maidir le neamhspleáchas na n-institiúidí.

“Níl sé sásúil mar sin oifigigh na Roinne a bheith ag rá nach féidir leo faic a dhéanamh chun na hinstitiúidí céanna a spreagadh le breis cúrsaí trí mheán na Gaeilge a sholáthar.

“Níl ciall leis an argóint go mbíonn institiúidí ag freagairt éileamh nuair is léir nach féidir le mic léinn ach cúrsaí atá ar fáil dóibh a roghnú, agus níl rogha ar bith curtha ar fáil ag formhór na n-institiúid.”

Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil súil aige go spreagfaidh an cruinniú an Roinn chun gnímh ar an gceist.

Fág freagra ar '‘Is léir gur cuma leis an Roinn’ – cáineadh déanta ar easpa cúrsaí trí Ghaeilge ag an tríú leibhéal'