Is ionann slánú na Gaeilge agus slánú an phobail

Thuig an Cadhnach go maith gur gníomh thar a bheith polaitiúil é iarracht a dhéanamh athrú teanga a chur i bhfeidhm ar aon sochaí

Is ionann slánú na Gaeilge agus slánú an phobail

Agus mé ag léamh an ailt ar Tuairisc.ie le Colmcille Ó Monacháin faoi na Gaeltachtaithe, rith ceist liom: céard ba bhrí i ndáiríre le ráiteas cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain nuair a dúirt sé gurb é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaithe?

Thuig an Cadhnach go maith gur gníomh thar a bheith polaitiúil é iarracht a dhéanamh athrú teanga a chur i bhfeidhm ar aon sochaí. Thuig sé gur thiontaigh na Gaeil ar an mBéarla toisc go raibh fórsaí eacnamaíochta is sóisialta an stáit ag iarraidh a leithéid a bhrú.

Má bhí an Ghaeilge le tabhairt ar ais mar theanga choiteann na tíre, bheadh sé riachtanach go mbeadh an stát – an córas eacnamaíochta is sóisialta – taobh thiar den iarracht.

Is cuimhin linn, ar ndóigh, a raibh le rá ag Dónall Ó Corcra san Hidden Ireland, nuair a mhaígh sé go raibh an stát taobh thiar den Ghaeilge den chéad uair le seacht gcéad bliain. Deargbhréag, is cuimhin liom, a thug Tarlach de Blácam air sin.  Agus bhí an Cadhnach den tuairim chéanna.

Tá an scéal níos measa anois, ó thaobh an stáit de, ná mar a bhí sna seascaidí is sna seachtóidí nuair a d’fhógair an Cadhnach an ceangal idir an Ghaeilge agus an Sóisialachas a mheas sé a bheith riachtanach má bhí athbheochan le bheith ann.

Is ar éigean go bhfuil Gaeilge ar bith ag na státseirbhísigh is sinsearaí, agus is corrdhuine acu a bhfuil aon mheas aige ar an teanga nó ar an gcultúr a bhaineann léi.

Thuig an Cadhnach freisin, ar ndóigh, mar fhear Gaeltachta, go raibh cosaint na Gaeltachta lárnach d’aon iarracht le Gaeilge a chur chun cinn áit ar bith.  Murar féidir linn pobal a bhfuil Gaeilge acu mar theanga phobail a chaomhnú, a gcultúr a choinneáil beo is a fhorbairt, cén chaoi a dtógfaí pobal nua le Gaeilge bheo acu?

Thacaigh sé go láidir mar sin le Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, ach thuig sé nach raibh aon choimhlint bhunúsach ann idir cosaint agus caomhnú na Gaeltachta agus cur chun cinn na teanga sa gcuid eile den tír.

Bhí tacaíocht stáit riachtanach don dá ghné.

Ach cén cineál stáit?

Más fíor gur imigh an teanga i léig toisc go raibh stát na linne naimhdeach di féin is don fhéiniúlacht Éireannach a bhain léi, bhí gá le stát eile.

Thréig páirtithe an tSaorstáit – Fine Gael agus Fianna Fáil – oidhreacht 1916 maidir leis an teanga toisc go raibh leas eacnamaíochta eile níos tábhachtaí dóibh.

Agus sin mar atá i gcónaí.

Thuig an Cadhnach go raibh cúis mhaith eacnamúil ag an meánaicme an Ghaeilge a thréigean, ach go raibh réabhlóid eacnamaíochta, shóisialta is chultúrtha riachtanach dóibh siúd a fágadh bocht, dearóil is taobh amuigh.

Réabhlóid a bhí ag teastáil, le maoin a bhaint uathu siúd a bhí naimhdeach don teanga is í a chur ar fáil dóibh siúd a bhí ag iarraidh an pobal Éireannach a cuireadh faoi chois ag Gabháil na nGall ar Éirinn a chur in uachtar réime arís – Athghabháil na hÉireann mar a d’fhógair Séamus Ó Conghaile é.

Agus thuig sé, mar a dúirt sé sa bpaimfléad deireanach uaidh, gur ionann slánú na Gaeilge agus slánú an phobail a labhair í, agus b’in é an fáth

go ndúirt sé go raibh dualgas ar lucht na

Gaeilge a bheith ina sóisialaithe.

Sa gcomhthéacs sin is é Sinn Féin an páirtí is mó a sheasann leis an nGaeilge, cibé locht is féidir a aimsiú orthu ó am go ham.  Is mó? Toisc go dtuigeann siad an ceangal idir athshlánú na teanga agus athshlánú an phobail.

Ní fheicim go raibh aon bhunús mar sin leis an ionsaí fada a rinne Colmcille Ó Monacháin ar an bpáirtí sin.

Agus ní thuigim céard is brí le ‘Gaeltachtaithe’ mar is cosúil nach faoi mhuintir na Gaeltachta atá sé ag caint, ach fúinne ar fad a labhraíonn an Ghaeilge.

B’fhearr dul ar ais agus a raibh le rá ag na gCadhnach a léamh in athuair, an ceangal a chonaic sé idir an teanga agus athghabháil na hÉireann, idir athbheochan na Gaeilge agus athbheochan phobal na hÉireann.

Ceapaim go bhfuil tuiscint níos fearr le baint as sin, in ionad focal gan bhrí a chumadh.

Fág freagra ar 'Is ionann slánú na Gaeilge agus slánú an phobail'

  • Eoghan Ó Néill

    Seo linn go léir, ‘NO PASARÁN! ( Fonn – ‘An Internationale’)

    Ó shléibhte maorga an Iardheiscirt go coillte móra Chill Mhantáin,
    Ó Roscomáin go Gort a’ Choirce agus soir chuig Cois Abhn’Dall,
    Tá ár bpobal scaipthe fud an Oileáin, níl muid líonmhar mar bhí tráth,
    ach in ár gcroíthe mhair an chuimhne ar ghuth ár sinsir linn a’ rá!

    Éirígí-suas a chomráidí tá Ré an Dúchais ag teacht,
    Is seasfaimid le chéile tá Ré an Tosta thart;
    Éirígí-suas a chomráidí go taobh na gréine ar Shliabh na mBan,
    Is seasfaimíd le chéile, seo linn go léir ‘ NO PASARÁN!’

    Táid ann a deireann nárbh fhiú muid, gurb’ fhearr í chaitheamh i leataobh,
    go sotallach ar chaiplí arda ba chosúil gur leo an chraobh;
    Ach fán, táid ann nár ghéill ariamh, an dúchas beoga ina gcroí’,
    Seanscéalta ár sinsir ag na páistí sport is scléip amuigh ag spraoí.

    Éirígí-suas a chomráidí tá Ré an Dúchais ag teacht,
    Is seasfaimid le chéile tá Ré an Tosta thart;
    Éirígí-suas a chomráidí go taobh na gréine ar Shliabh na mBan,
    Is seasfaimíd le chéile, seo linn go léir ‘NO PASARÁN!’

  • Colin Ryan

    Dearcadh ró-idéalach, gan dabht, cé go dtuigim an bunús atá leis. Níl sé i ndán d’aon chuid de phobal na hÉireann athbheochan a dhéanamh ar an dóigh úd ach amháin mionlach de Ghaeilgeoirí, agus ní féidir leosan teacht gan Bhéarla. Laoch ba ea an Cadhnach, ach ní fáidh fear ina dhúchas.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Thréig páirtithe an tSaorstáit – Fine Gael agus Fianna Fáil – oidhreacht 1916 maidir leis an teanga toisc go raibh leas eacnamaíochta eile níos tábhachtaí dóibh.”

    Bhí sé tréigthe roimhe sin, tá faitíos orm. Ca bhfuil ‘oidhreacht 1916 maidir leis an teanga’? Níor aimsíos riamh é. Níl tagairt ar bith don Ghaeilge, bealach amháin ná bealach eile, i bhFórógra na Cásca. Níor baineadh mórán usáid as an nGaeilge i gCogadh na Saoirse ach an oiread.

  • Colmcille Ó Monacháin

    (Ar an ábhar nach féidir folíniú a úsáid anseo le béim a chur ar fhocail, cuirim CEANNLITREACHA ar fhocail thábhachtacha thíos.)

    Fiafraíonn Eoin Ó Murchú san alt thuas (Tuairisc.ie, 19 Aibreán 2021) “céard ba bhrí i ndáiríre le ráiteas cáiliúil Mháirtín Uí Chadhain nuair a dúirt sé gurb é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaithe”. Ar ndóigh, is ag Máirtín Ó Cadhain féin is fearr a fhios cad é a bhí ar intinn aige, ach níl sé anseo inniu lena mhíniú dúinn.

    Seo a leanas mo thuiscintse air.

    Is sa chéad chuid den abairt atá an doiléire i.e. “lucht na Gaeilge”. Cé hair a raibh a chuid cainte dírithe? Is téarma gan chruinneas é “lucht na Gaeilge”, téarma a bhí in úsáid san am, agus atá in úsáid go fóill de dheasca gur beag forbairt a rinneadh ar fhealsúnacht ná ar eagraíocht ‘lucht na Gaeilge’ ó shin i leith. In 1969 a thug sé an léacht úd ‘Gluaiseacht na Gaeilge: Gluaiseacht ar Strae’, i dTír Chonaill, ag comhdháil de chuid an Chomhchaidrimh. Creidim go raibh an ráiteas dírithe ar an chuid sin den lucht éisteachta agus de phobal na Gaeilge a bhí tiomanta do chur chun cinn phobal na Gaeilge, do chosaint agus do fhorbairt na Gaeltachta. Bhí sé dírithe ar an dream sin a raibh a bpríomhdhílseacht tugtha acu cheana féin do ‘chúis na Gaeilge’, do chúis phobal na Gaeilge. Dá roghnódh sé téarma níos beaichte, seans gur ‘Gaeltachtaithe’ a thabharfadh sé ar an dream sin, agus seans nach rómhór ar chor ar bith an difear a bheadh idir sainmhíniú an Chadhnaigh ar an téarma agus an sainmhíniú (gairid) a thug mé féin ar an Ghaeltachtaí san alt a scríobh mé ar Tuairisc.ie, 6 Aibreán 2021, is é sin “Duine a shaothraíonn chun Gaeltacht a chur ar bun, a chruthú, a thógáil”. Agus mar dhuine, é féin, a thug a phríomhdhílseacht riamh don Ghaeilge agus do phobal na Gaeilge, agus mar Shóisialaí, bhí an Cadhnach ag tathant orthu teagasc agus streachailt an tSóisialachais a chur chun tairbhe dá gcúis. Bhí sé ag rá leo nach n-éireodh leo a gcúis a chur i gcrích mura gcuirfeadh siad córas sóisialach in ionad an chórais a bhí ann. Bhí sé ag rá leo gurbh é a ndualgas a bheith ina Sóisialaithe i.e. tosaíocht a thabhairt don tSóisialachas ar gach cineál eile fealsúnachta polaitiúla socheacnamaíche.

    Féach nárbh ionann sin agus a iarraidh orthu tosaíocht a thabhairt don tSóisialachas ar an Ghaelachas.

    Cuimhnímis ar rudaí eile a dúirt Máirtín Ó Cadhain sa léacht áirithe sin: “Ní féidir an slánú seo a dhéanamh ach le hAthghabháil na hÉireann – seilbh na hÉireann agus a cuid maoine uilig a thabhairt ar ais do mhuintir na hÉireann. Is ionann mar sin an Réabhlóid [RÉABHLÓID] is gá chun na hAthghabhála sin agus slánú na Gaeilge. Mar sin gníomh ar bith a bhorrfas le meanmna phobal na Gaeilge, is cuid agus cuid thábhachtach den Athghabháil é.” Bhí seo le rá aige faoin Reabhlóid sin: “Seo í Athghabháil na hÉireann, an Réabhlóid, réabhlóid intinne agus réabhlóid anama [RÉABHLÓID INTINNE AGUS RÉABHLÓID ANAMA], réabhlóid i gcúrsaí maoine, seilbhe agus maireachtála, maireachtáil mar Ghaeil leis na rudaí is dual dúinn mar Ghaeil [MAIREACHTÁIL MAR GHAEIL LEIS NA RUDAÍ IS DUAL DÚINN MAR GHAEIL].” Dúirt an Cadhnach fosta (am eile) go mbeadh an Ghaeilge bheith “ina naomhghaoth, ina haonmheán [ina hAONmheán] leis an aigne Éireannach a fhoilsiú dhúinn féin agus don domhan arís”.

    San alt a scríobh mé ar Tuairisc.ie, 6 Aibreán 2021, d’fhéach mé leis an téarma sin, ‘lucht na Gaeilge’, a chur i leataobh. Agus féach gur chuir mé coincheap chun tosaigh a d’fhágfadh go mbeadh ráiteas Uí Chadhain inghlactha agus sothuigthe ag an té atá ina Ghaeltachtaí agus ina Shóisialaí: “Déarfainn féin nach cóir d’aon Ghael bheith ina Shóisialaí Éireannach – ba chóir dó bheith ina Ghaeltachtaí Shóisialach.”

    Ba mhian liom a chur i gcion ar Ghaeil – AR GHAEIL – gurb é a mbundualgas bheith Gaelach, agus gur sa dara háit a thagann aon dualgas eile atá orthu. Gurb é a mbundualgas bheith Gaelach agus gurb é a ndualgas, dá réir sin, tosaíocht a thabhairt don Ghaelachas ar cibé fealsúnacht pholaitiúil eile atá acu. Más sóisialaithe iad, bíodh siad ina nGaeltachtaithe Sóisialacha; más caipitlithe, bíodh siad ina nGaeltachtaithe Caipitlíocha; más aontachtaithe, bíodh siad ina nGaeltachtaithe Aontachtacha etc.

    Deir Eoin Ó Murchú nach dtuigeann sé “céard is brí le ‘Gaeltachtaithe’”, gur “focal gan bhrí” atá ann. Is an fáth, a deir sé, nach dtuigeann sé a bhrí gur “cosúil nach faoi mhuintir na Gaeltachta atá sé [Colmcille Ó Monacháin] ag caint, ach fúinne ar fad a labhraíonn an Ghaeilge”. B’fhéidir nár mhiste do Eoin tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an rud. An té ar mian leis a thuiscint, tuigfidh sé é. Ach ná bíodh aon imní ar Eoin – gheobhaidh sé tuilleadh mínithe air – ní raibh san alt sin agam ach tús plé, agus beidh ailt eile ann, faoina bheith slán dom.

    Tá seo ina alt ag Eoin: “Thréig páirtithe an tSaorstáit – Fine Gael agus Fianna Fáil – oidhreacht 1916 maidir leis an teanga toisc go raibh leas eacnamaíochta eile níos tábhachtaí dóibh.” B’fhiú dó Forógra na Poblachta a léamh arís – ní fheicfidh sé tagairt ar bith don teanga ann. Is fada roimh bhunú an tSaorstáit a thosaigh páirtithe agus eagraíochtaí polaitíochta ‘náisiúnaíocha’ a thabhairt áit thánaisteach do chúis na teanga, nó á tréigbheáil fiú; déanta na fírinne, níor chreid cuid acu riamh inti. Fágadh in áit a carta í mar gur tugadh tosaíocht do chúiseanna polaitiúla eile (ba chúinge). Cuireadh cuspóirí cúnga in ionad na Réabhlóide a theastaigh.

    Maidir le tosaíochtaí lucht eagraithe an Éirí Amach, féach, mar thús, ‘1916: Trí Cheist, Trí Fhreagra – Ceist 1’, le Liam Mac Cóil, Feasta, Iúil 2016.

    “Ní fheicim go raibh aon bhunús mar sin leis an ionsaí fada a rinne Colmcille Ó Monacháin ar an bpáirtí sin [Sinn Féin]”, a deir Eoin Ó Murchú. An raibh sé rófhada?! An á ionsaí a bhí mé? An é nach bhfuil cead agam polasaí Sinn Féin i leith na Gaeilge a cheistiú ná a phlé? Nó ceisteanna chur faoina gcuid Gaelachais? Is beag mo shuim in Sinn Féin, déanta na fírinne. Ní dhearna mé ach roinnt fíricí a thabhairt faoi Sinn Féin, ar mhaithe lena léiriú nach as an tsóisialachas, AS FÉIN, a thiocfaidh slánú phobal na Gaeilge.

    Deir Eoin nach bhfeiceann sé go raibh “aon bhunús” leis “an ionsaí”; deir sé sin d’ainneoin nár shéan sé agus nár phléigh sé aon cheann de na fíricí faoi Sinn Féin a chuir mé síos i m’alt. Is leor le hEoin an maíomh gan taca seo: “Sa gcomhthéacs sin [sin cáiliú suimiúil!] is é Sinn Féin an páirtí is mó [IS MÓ] a sheasann leis an nGaeilge”. Is mór agus is beag an maíomh é! “Mise is gaiste!” arsa seilide leis na seilidí eile! Agus deir Eoin gur léir gurb é Sinn Féin is mó a sheasann leis an Ghaeilge “toisc go dtuigeann siad an ceangal idir athshlánú na teanga agus athshlánú an phobail”.

    Deirtear go bhfuil Twitter ar cheann de na gléasanna cumarsáide is éifeachtaí chun dul i gcion ar an phobal. Tá cuntas Twitter ag na páirtithe polaitíochta uilig. Chaith mé súil ghasta ar chuntas Sinn Féin go bhfeicinn an raibh fianaise ann a thaispeánfadh go dtuigeann Sinn Féin “an ceangal idir athshlánú na teanga agus athshlánú an phobail”.

    Sinn Féin@sinnfeinireland (tvuíteanna 1 Aibreán 2021, suas go dtí c. 21:00, 19 Aibreán 2021): c. 166 dtvuít i mBéarla, c. 7 dtvuít i nGaeilge (4 acu sin ag fógairt go mbeadh duine as an pháirtí faoi agallamh ar Raidió na Gaeltachta).

    Thig le hEoin, má tá an t-am aige, súil a chaitheamh ar chuntais Twitter na bpáirtithe eile go bhfeice sé an bhfuil seilidí lúfara ar bith ag teacht chun cinn nó an bhfuil Sinn Féin i mbaol a scoite i rása mór an leamh-Ghaelachais.

    Níl mé ag rá nach bhfuil daoine Gaelacha i Sinn Féin. Ach is mór idir an Gaeltachtaí Sóisialach agus Sinn Féin ‘Sóisialach’ ‘7/173ú Gaeltachtach’.

    Luaigh mé na hailt sin le Liam Mhic Cóil (tá téagar sa teoiric a chuir sé inár láthair ar Feasta); tá an chuma air nach raibh in ‘Éire Ghaelach’, ag ceannasaíocht anglafónach chúngchuspóireach an IRB, ach capall sásta a d’úsáid siad le iad féin a thabhairt a fhad le hArd-Oifig an Phoist; ar theacht go ceann scríbe dóibh, chuaigh siad agus léigh siad Forógra Béarla na Poblachta ar chéimeanna na hArd-Oifige (is é an íoróin bhrónach gurbh é an Piarsach a léigh é, fear a bhí Gaelach). Fágadh an capall úd ar phlásóg taobh thiar den Ard-Oifig. Tugadh suas chuig plásóg chúlráideach ar chúl Theach Laighean í roinnt blianta ina dhiaidh sin. Is beag a chluintear fúithi, anois, ó pháirtí ar bith. Caitheann Sinn Féin corrghlac fodair aici, anois is arís; ach is annamh sin, nó tá capall eile ag Sinn Féin anois, an dtuigeann tú – an Sóisialachas. Agus faigheann sí dorn gráin uair sa ráithe ó Fhianna Fáil – “Mair, a chapaill, agus gheobhair féar!” Ní bhacann Fine Gael ar chor ar bith léi.

    Mo chomhairlese do Ghaeltachtaithe, idir shóisialaithe agus eile, a gcapaillíní féin a bheith acu feasta agus gan ligean do aon duine eile bheith ag marcaíocht orthu!

  • S. Mac Muirí

    Is féidir leathghlacadh le maíomh Eoin gurb iad SF is mó a thacaíonn leis an teangaidh ach is beag is fiú mar mhaíomh an méid sin. Bhíos ag tiomáint siar thar leac chuimhneacháin Donnchaidh Mhic Niallais i nGleann Cholm Cille Domhnach Cásca 2019 nuair a chonaic mé slua cruinn thart air. Tháinig mé amach as an gcarr 7 d’aithin go leor de lucht na Gaeilge as gach cearn ar domhan a bheadh ag freastal ar Oideas Gael an tseachtain sin. Bhí muintir na háite ann chomh maith 7 mhothaigh mé na gasúir ag labhairt na Gaeilge. Triúr cainteoirí SF? Béarla ag gach éinne ó thús deireadh. 3 fhocal, 4, 5 b’fhéidir 6 fhocal Gaeilge ar a mhéid. D’fhiafraigh mé de dhaoine im’ thimpeall ar labhraíodh Gaeilg ar bith roimhe sin. Dúirt beirt liom go mba náireach an beart 7 dúirt bean liom mura gcuirfinnse díom mar gheall air go raibh sise réidh le labhairt amach. Mhínigh mé don slua gur sa nGaeltacht a bhí muinn, gur iompaigh an dá rialtas a dtóin leis an teangaidh is gur ordaigh siad do mhuintir na Gaeltachta beartanna áitiúla teangadh a leagan amach daofa féin, gur chaith Donnchadh Mac Niallais a shaol oibre amuigh sa ngalltacht ach go raibh sé de mhaith 7 de stuaim ann a chlann a thógáil le Gaeilg d’ainneoin gach dris chosáin. Ní raibh sé leath sách maith go dtiocfadh aon chonlán polaitíochta isteach sa nGaeltacht ag béarlóireacht ag a leac chuimhneacháin 7 go mba chóir go mbeadh siad ar ais an bhliain dár gcionn 2020 lena dhéanamh i nGaeilg.
    Ní bhím i dteagmháil le Cc Ó Monacháin ach cheapfainn gur taithí den gcineál sin le SFFFFG srl. a dheachtaigh a ‘ionsaigh’ orthu. Iadsan SF, a mhaíonn a mbá leis an teangaidh mar a mhaíodh FF rompu nuair a bhídís siúd i lár an aonaigh tráth. Tá dream amháin níos fearr ná iad. RSF. D’fhág mé roinnt iarchimí síos ag teach leanna le haghaidh ceapairí 7 braon tae in éis comóradh SF ón reilig bliain amháin, 7 mhínigh mé go rabhas ag filleadh ar an reilig le haghaidh comóradh RSF. Ag an darna comóradh labhraíodh níos mó Gaeilge ná béarla, fuaimníodh ainmneacha daoine srl. i gceart, níor meascadh básanna Chogadh na Saoirse le Cogadh na Daoirse 7 tagraíodh le meas do Finíní a bhí curtha sa reilig. Chuimhníos ar shocraid Phoblachtach blianta gairide roimhe sin. Chonaic mé fear FF, dar liom, ar guardal lena dheasóg sínte amach roimhe mar easpag, fir i ndiaidh chéile go humhail á craitheadh. Insíodh dom ar ball gur td SFéineach a bhí ann. Bhí sé athraithe as éadan 7 tá SF amhlaidh. An t-aon ní suntais a bhaineann le SF anois is ea gur conlán uile Éireann iad, go fóill.
    RSF SF FF FG CUMANN na nGAEDHEAL Liobrálaithe. Níl ann ach síog / sraithlíne, continuum dá dtiteann dream ar dheis de leataobh le gach céim chun tosaigh. Ní thiocfaidh RSF isteach ná éinne mar iad aniar ón taobh clé feasta. Is cuma fúthu go léir ar aon chuma nó is conláin bhéarla gach ceann acu, ní ba ghaelaí, de bheagán, ar chlí, ní ba ghallda, de mhórán, ar dheis. Má tá aon FÍRÉAN (mar a bheireadh do chara uasal MÓC ar na ‘gaeltachtaithe’) ina measc tá a mhuinín curtha i gclaíomh briste aige a fhad is a bhaineann sé le gnóthaí na Gaeilge. Sna 1970í chonaic mé go leor d’iarchimí a d’fhoghlaim Gaeilge ón bhfear céanna MÓC sna 40í. Bhí 5, 6 nó 7 bhfocal ag cuid acu faoin am ar casadh don iad. Tháinig siad amach as an ngéibheann ag spalpadh Gaeilge 7 chailleadar í in achar bliana. Claimhte briste. Níor de na fíréin iad, na díthreabhaigh bhochta.
    Níl aon dath níos tábhachtaí ná an teanga 7 is tábhachtaí an teanga thar gach ní ar domhan. Níl sa duine gan teanga ach fágálach. Ní dhéanfaidh sé fónamh go héag. Ní fiú a bheith leis, ná lena chonlán.

  • Seán Mag Leannáin

    “Tá an chuma air nach raibh in ‘Éire Ghaelach’, ag ceannasaíocht anglafónach chúngchuspóireach an IRB, ach capall sásta a d’úsáid siad le iad féin a thabhairt a fhad le hArd-Oifig an Phoist; ar theacht go ceann scríbe dóibh, chuaigh siad agus léigh siad Forógra Béarla na Poblachta ar chéimeanna na hArd-Oifige (is é an íoróin bhrónach gurbh é an Piarsach a léigh é, fear a bhí Gaelach). Fágadh an capall úd ar phlásóg taobh thiar den Ard-Oifig. Tugadh suas chuig plásóg chúlráideach ar chúl Theach Laighean í roinnt blianta ina dhiaidh sin. Is beag a chluintear fúithi, anois, ó pháirtí ar bith. Caitheann Sinn Féin corrghlac fodair aici, anois is arís; ach is annamh sin, nó tá capall eile ag Sinn Féin anois, an dtuigeann tú – an Sóisialachas. Agus faigheann sí dorn gráin uair sa ráithe ó Fhianna Fáil – “Mair, a chapaill, agus gheobhair féar!” Ní bhacann Fine Gael ar chor ar bith léi.

    Mo chomhairlese do Ghaeltachtaithe, idir shóisialaithe agus eile, a gcapaillíní féin a bheith acu feasta agus gan ligean do aon duine eile bheith ag marcaíocht orthu!”

    Plé spéisiúil anseo gan dabht. Ráiteas láidir ó Colmcille Ó Monacháin agus cuma na fírinne air. Bíonn an fhírinne searbh. San am céanna ní dóigh liom gur iomlán na fírinne é. Bhí agus tá tacaíocht an Stáit don teanga, dá lochtaí é, lárnach i gcónaí.

  • Luke Callinan

    Thosaigh Colmcille Ó Monacháin amach sa gcéad alt sin ag iarraidh plé a dhéanamh ar an mbaint a bhí ag an Sóisialachas leis an nGaeilge i gcomhthéacs ráiteas cáiliúil an Chadhnaigh: ‘Sílim gur fiú an cheist a chíoradh, féachaint an é dualgas “lucht an Gaeilge” bheith ina sóisialaithe. B’fhiú ceist eile a phlé – an é a leas bheith ina sóisialaithe? An bhfuil fianaise ann go dtabharfaidh na sóisialaithe aird ar “chearta na nGael”?’.

    Ábhar cainte an-spéisiúil ach is ar seachrán uilig ón gceist a d’imigh an píosa ina dhiaidh sin. Sílim go bhfuil a mhéar leagtha air ag Eoin nuair a deir sé “Thuig an Cadhnach go raibh cúis mhaith eacnamúil ag an meánaicme an Ghaeilge a thréigean, ach go raibh réabhlóid eacnamaíochta, shóisialta is chultúrtha riachtanach dóibh siúd a fágadh bocht, dearóil is taobh amuigh. Réabhlóid a bhí ag teastáil, le maoin a bhaint uathu siúd a bhí naimhdeach don teanga is í a chur ar fáil dóibh siúd a bhí ag iarraidh an pobal Éireannach a cuireadh faoi chois ag Gabháil na nGall ar Éirinn a chur in uachtar réime arís…”

    Trí lionsa an tsóisialachais, tá luach ar an uile cuid den saol agus ní ar an earra is mó a bhainfeas luach ar an margadh. Dúirt an scríbhneoir aitheanta Ngūgī Wa Thiong’o go bhfuil muid tar éis glacadh le ordlathais mar ghnáthchuid den saol – gur gá teanga amháin a chur faoi chois le teanga eile a chothú, gur gá pobal amháin a imeallú le go mbeidh rath ar phobal eile. Féachann an caipitleachas leis na hordlathais sin a ghreannadh isteach i meon an phobail d’fhonn struchtúir chumhachta a chinntiú. Duine géarchúiseach a bhí sa gCadhnach a thuigfeadh céard a d’fhéadfaí a bhaint amach ach tuiscint ag lucht na Gaeilge ar an gcomhthéacs sin agus cén chaoi é a athrú. Mar a dúirt sóisialaí mór le rá eile Rosa Luxemburg “Zu sagen was ist, bleibt die revolutionärste Tat” (Is é an gníomh is réabhlóidí i gcónaí é an saol mar atá sé a aithneachtáil).

  • S. Mac Muirí

    @LUKE
    Is maith ann na teoiricí 7 is breá an rud na ráitis, ó Róisín Bhaile Lugha srl., anall chugainn, ach más le SF thú an dtiocfadh leat Gaeilg a chur ar an suíomh idirlín s’acu ionas go bhféadfadh fíréin na Gaeilge, an tsóisialachais 7 an ábharachais dhialachtaic teacht air ina rogha teangadh?
    Ná lean daoine nach ndéanfaidh ach callán mar a rinne dreamanna eile rompu. Athraigh an lch./suíomh soin go Gaeilg gan mhoill 7 beidh meas againn ort.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Deir Luke Callinan thuas go ndeachaigh mé ar seachrán ó na ceisteanna a d’ardaigh mé i dtús m’ailt, ’Má tá Gaeltacht uainn, bímis inár nGaeltachtaithe’, 6 Aibreán 2021, Tuairsc.ie.

    Maidir leis an chaint seo aige faoin rud is sóisialachas fíor ann (‘tá luach ar an uile chuid den saol agus ní ar an earra is mó a bhainfeas luach ar an margadh’), ba cheart dó féachaint leis an cheacht sin a chur abhaile ar a pháirtí féin, Sinn Féin.

    Ba léir don té a dhéanfadh léamh cothrom ar m’alt cá hair a raibh mé ag díriú: féach na tagairtí seo agam san alt: “sa CHINEÁL SÓISIALACHAIS atá san fhaisean in Éirinn”, “Tá stríoc láidir den leagan amach ábharaíoch/fóntaíoch/pragmataíoch (i.e. an dearcadh nach bhfeiceann fiúntas ach i nithe saolta/’úsáideacha’/’buntáisteacha’) sa LEAGAN LIOBRÁLACH DEN tSÓISIALACHAS ATÁ SAN FHAISEAN IN ÉIRINN AN LAE INNIU”.

    An bhfuil Luke Callinan ag maíomh, lena chuid cainte ar ‘ordlathais’ etc., gur FOIRM ÍONGHLAN den tsóisialachas atá ag Sinn Féin?

    Féach go bhfuil ORDLATHAS dá chuid féin á chur i bhfeidhm ag Sinn Féin: ordlathas teanga, ar leibhéal an-phraiticiúil; is é an Béarla teanga oibre an Pháirtí, agus ní hí an Ghaeilge, agus ní dhéanann sé fiú iarracht ionraic ar bheith dátheangach.

    A chead sin ag Sinn Féin, ar ndóigh, ach fágann sin gur fada idir é agus cuid cainte Luke Callinan faoi fhíorphrionsabail an tsóisialachais.

    An bhfuil Luke ag iarraidh a chur i gcion orainn gurb é an córas sóisialach a bhunóidh Sinn Féin a shábhálfaidh pobal na Gaeilge? Ar ndóigh, níl Sinn Féin ábalta a láithreán gréasáin a chur ar fáil go dátheangach; cén seans go gcuirfidh sé córas rialtais, dlí, riaracháin etc. ar fáil a thabharfadh a gcearta do na Gaeil.

    Is iomaí cineál cumhachta ann seachas cumhacht rialtais. Tá cumhacht ag gach duine agus ag gach dream; agus más fiú a dhath iad, feidhmíonn siad an chumhacht sin anois, inniu, leis an rud a dhéanamh a gcreideann siad ann.

  • Eoin Ó Murchú

    Ceapaim go bhfuil dhá cheist á cur i ndáiríre ag Colmcille: 1) an é dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaithe (is ceapaim go bhfuil sé go tabhairt freagra dhiultach ar na gceist sin); agus 2) an é dualgas sóisialaithe a bheith in “nGaeltachtaithe”.
    Tá argóint le déanamh againne, lucht na Gaeilge, le sóisialaithe le taispeáint nach féidir féiniúlacht na hÉireann a bheith ann gan an Ghaeilge a bheith i lár na troda. Agus aontaím le Colmcille nach cóir dúinne fanacht ciúin is béasach má déantar neamhaird orainn.
    Ach caithfidh muid na hargóintí is na firici a chur le chéile le athghabháil na hÉireann a mhíniú mar a fheiceann muide é.
    Sin é, ceapaim, jab mór atá romhainn.