Is iad na súile fuinneoga na hinchinne: an féidir galar Alzheimer a thabhairt faoi deara iontu?

CUIMHNE AGUS DEARMAD: Colún míosúil faoin ngalar Alzheimer: Léiríonn taighde nua as Meiriceá go bhfuil an chosúlacht ann gur féidir galar Alzheimer a thabhairt faoi deara sna súile…

Is iad na súile fuinneoga na hinchinne: an féidir galar Alzheimer a thabhairt faoi deara iontu?

Ag an staid seo, agus cúig bliana ann ó deimhníodh go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair, ba leor do strainséir nach mbeadh ar an eolas faoin diagnóis sin cúpla soicind a chaitheamh ina cuideachta lena thabhairt faoi deara go bhfuil an galar sin uirthi.

Níor ghá do mo mháthair a béal a oscailt fiú amháin. Ba leor breathnú isteach ina súile.

‘An stánadh Alzheimer úd’ a thugaim féin ar an bhféachaint a bhíonn ina cuid súl nach mór an t-am ar fad na laethanta seo. Ní cuma fholamh a bhíonn ar a súile go díreach ach cuma ‘as fócas’. Ach aisteach go leor, ag an am céanna, téann na súile sin tríot. Le tamall anuas, ulchabhán agus mearbhall air a mheabhraíonn mo mháthair dom go fisiciúil.

Ní haon ionadh gur féidir an galar atá uirthi a thabhairt faoi deara chomh soiléir sin ina cuid súl. Léiríonn taighde nua ó Mheiriceá go bhfuil an chosúlacht ann gur féidir galar Alzheimer a thabhairt faoi deara sna súile i bhfad sular féidir é a thabhairt faoi deara ó shiomptóim ar nós na díchuimhne.

‘Is í an tsúil fuinneog na hinchinne,’ a dúirt an t-oftailmeolaí an Dr. Christine Greer, stiúrthóir Institiúid na nGalar Néaramheathlúcháin in Boca Raton, Florida, agus í ag tagairt don staidéar ar CNN.

‘Is féidir breathnú díreach isteach sa néarchóras ach díriú ar chúl na súile, ar an néaróg optaice agus ar an reitine.’

‘Tosaíonn galar Alzheimer san inchinn deich nó scór bliain, nó níos mó, sular féidir aon díchuimhne a thabhairt faoi deara,’ a mhínigh an Dr. Isaac Richardson, néareolaí ag an Institiúid chéanna in Boca Raton.

Dá bhféadfaí an galar a thabhairt faoi deara agus gan é ach ina fhíorthús, d’fhéadfadh daoine a stíl bheatha a athrú ag an bpointe sin agus fachtóirí riosca áirithe ar nós ardhbhrú fola, colaistéaról ard agus diaibéiteas a choinneáil faoi smacht, de réir an Dr. Richardson.

‘Amach anseo,’ a dúirt an Dr Richardson, ‘d’fhéadfadh teicnící nua bunaithe ar a bhfuarthas amach sa taighde seo cur ar ár gcumas galar Alzheimer a thabhairt faoi deara níos túisce agus níos beaichte, agus d’fhéadfadh siad cur ar ár gcumas freisin súil a choinneáil – ar bhealach neamhionrach, níor ghá ach breathnú isteach sa tsúil – ar an gcaoi a bhfuil an galar ag forbairt.

Faraor géar, ag an staid seo, ní gá duit a bheith i do dhochtúir na súl le tabhairt faoi deara go bhfuil galar Alzheimer ar mo mháthair. Ach níl dabht ar bith orm go mbeadh a stíl bheatha athraithe aici dá mbeadh a fhios aici deich nó scór bliain ó shin go bhféadfadh sé sin moill a chur ar fhorbairt an ghalair – fiú mura mbeadh ann ach moill leathbhliana féin.

Fág freagra ar 'Is iad na súile fuinneoga na hinchinne: an féidir galar Alzheimer a thabhairt faoi deara iontu?'