Tá an Pápa Leon ag iarraidh go mbainfí leas as caint stuama le fíricí a chur os comhair an phobail.
Agus a chuid cainte á déanamh aige sa Vatacáin, dúirt an Pápa nuacheaptha, gur ghá “bua luachmhar na saoirse cainte agus an phreasa” a chosaint.
Ina chéad chruinniú leis na meáin, rinne an Pápa an impí chéanna an athuair go mbeadh síocháin níos fearr sa domhan.
Bhí os cionn 1,000 iriseoir a bhí os a chomhair i halla Phóil V1 sa Vatacáin nuair a thagair sé don achainí a rinne a réamhtheachtaí Proinsias cheana nach mbeadh an chumarsáid bagrach.
“Faighimis réidh leis an gclaontacht, an faltanas, an t-antoisceachas, agus fiú an fuath, as an gcumarsáid, bíodh sí saor ón mbagairt.
“Déanaimis dí-armáil ar fhocail agus cuideoimid leis an domhan a dhí-armáil. Ní aon ghá againn le cumarsáid atá glórach agus fórsúil, a mhalairt atá de dhíth, cumarsáid atá ábalta éisteacht.”
Dúirt an Pápa Leon leis na hiriseoirí a bhí i láthair, go raibh “tábhacht bhunúsach leis an mbealach a ndéanaimid cumarsáid” agus mhol sé d’iriseoirí díriú ar an bhfírinne a thuairisciú seachas a bheith rannpháirteach sna scoilteanna claonta.
“Caithfimid diúltú do chogadh na bhfocal agus na n-íomhánna, caithfimid diúltú do pharaidím na cogaíochta,” a dúirt sé.
Ceann de na dúshláin is tábhachtaí a bhí le sárú, a dúirt sé leo, teacht slán ón “mearbhall focal atá gan ghrá agus ar minic dóibh a bheith idé-eolaíoch nó claonta”.
Ní mór do na meáin tabhairt faoin dúshlán leis an domhan a threorú amach as a leithéid sin de ‘Thúr Bháibil’ leis na focail a úsáideann siad agus an stíl a ghlactar,” a dúirt an Pápa.
“Ní seachadadh eolais amháin atá i gceist leis an gcumarsáid,” a dúirt sé, “tá cultúr á chruthú chomh maith, timpeallachtaí daonna agus digiteacha a bheidh ina spásanna ina ndéanfar comhrá agus plé”.
D’iarr an Pápa go scaoilfí saor iriseoirí atá i bpríosún de bharr a gcuid oibre. Goineann a bhfulaingt coinsias na náisiún agus an phobail idirnáisiúnta, a dúirt sé.
Dúirt an Pápa Leon leo chomh maith go gcaithfidh iriseoirí a bheith “freagrach agus stuama” agus iad ag baint leas as an intleacht shaorga lena chinntiú go “n-úsáidfear í ar mhaithe le gach uile dhuine, ionas go ndéanfaidh sí leas don chine daonna ar fad”.
An chéad Domhnach aige labhairt go poiblí ó bhalcóin láir Bhaisleac Naomh Peadar, rinne an Pápa impí go mbeadh síocháin chóir agus bhuan san Úcráin agus sos comhraic i nGaza.
D’iarr sé go gcuirfí deireadh leis na haighnis ar fud na cruinne, “an tríú cogadh domhanda ina phíosaí” mar a thug an Pápa Proinsias orthu.
Is é Leon XIV an chéad Phápa as Meiriceá a roghnaíodh mar cheannaire ar an 1.4 billiún duine atá san Eaglais Chaitliceach agus ó toghadh é Déardaoin seo caite tá sé ag léiriú a bhá leis na gnáthdhaoine, iadsan atá leochaileach agus imeallaithe.
Fág freagra ar '‘Is gá bua luachmhar na saoirse cainte agus an phreasa a chosaint’ – An Pápa'