Is fiú go mór seal a chaitheamh ag ealaín thart le ‘Roderic O’Conor and the Moderns’

Duine de shliocht chlann ríoga Uí Chonchubhair ab ea Roderic O’Conor, ealaíontóir a raibh aithne aige ar mhaithe na n-ealaíon lena linn agus a bhfuil léargas ar a shaothar féin ar fáil faoi láthair sa Ghailearaí Náisiúnta

Is fiú go mór seal a chaitheamh ag ealaín thart le ‘Roderic O’Conor and the Moderns’

Is breá liom taispeántais ealaíne. Níl rud ar bith is fearr liom ná cuairt a thabhairt ar thaispeántas ‘speisialta’ – ceann a cuireadh le chéile d’aon turas le haghaidh ócáid ar leith, nó chun ealaíontóirí áirithe a cheiliúradh. Bhí an taispeántas a bhain le Vermeer, sa nGailearaí Náisiúnta tamall ó shin, ar cheann acu sin. Tá an t-ádh orainn sa tír seo go bhfuil pictiúr le Vermeer againn, a bhuíochas sin don Tiarna Alfred Beit agus a bhean, a bhronn orainn é i 1987. Agus taispeánadh deich gcinn de shaothair Vermeer – an tríú cuid dá shaothar ar fad, an uair sin.

Ach tá an t-ádh orainn freisin go bhfuil bailiúchán an-mhaith pictiúr dár gcuid féin againn sa nGailearaí Náisiúnta, ealaíontóirí Éireannacha ina measc. Is mó aird a thugaimid orthu nuair a chuirtear taispeántas speisialta le chéile, a chuireann a gcuid saothar i gcomhthéacs staire, ealaíne agus sóisialta.

Chuala mé faoi Roderic O’Connor go minic cheana ach ní bheinn in ann tada a inseacht duit faoi go dtí le cúpla lá anuas. Duine de na healaíontóirí Éireannacha sin a chuaigh go dtí an Bhriotáin agus a rinne cúpla pictiúr tarraingteach de chailíní áitiúla i gcultacha na Briotáine. B’in a raibh d’eolas agam ina thaobh.

Thug an taispeántas reatha sa nGailearaí Náisiúnta deis dom eolas níos fearr a chur air. ‘Roderic O’Conor and the Moderns’ an teideal atá ar an taispeántas.

Agus an chéad rud a fuair mé amach faoi, gurbh as Ros Comáin dó, mo chontae dúchais! Ba i mBaile an Mhuilinn a rugadh é sa mbliain 1860. Agus níos fearr fós, duine de shliocht chlann ríoga Uí Chonchubhair a bhí ann. Is féidir an stair ghinealais a ríomh siar chomh fada leis an 10ú haois nuair a bhí Conchubhar ina Ard-Rí ar Chonnachta agus ba é Ruairí (Roderick) Ó Conchubhair an tArd-Rí deireanach a bhí ar Éirinn sa 12ú haois. Agus mar a bheifeá ag súil leis, tháinig an lá gur díshealbhaíodh iad agus fágadh beo bocht iad.

Ar bhealach éigin, d’éirigh le duine acu roinnt talún a fháil ar ais, rud a d’fhág go raibh an chlann níb fhearr as. (Muintir Ros Comáin – an-seiftiúil.)

Tá teach mór a bhfuil ceangal díreach aige le muintir Uí Chonchubhair, ‘Teach Clonalis,’ gar do Chaisleán Riabhach, agus tá sé oscailte do chuairteoirí. Ba sa 19ú haois a tógadh é, ach is cosúil nach bhfuil aon cheo fanta de na seanchaisleáin a bhí uair amháin ag na  huaisle seo.

Ní raibh Roderic ina oidhre díreach ar an teideal ná ar an teach, ach níor fágadh gan pingin rua é ach an oiread. Bhí a athair ina bhreitheamh agus bhí tailte ag muintir a mháthar, as Co na Mí.

Ar nós go leor de chlanna uaisle na hÉireann, cuireadh oideachas ar Roderic thar lear, i scoil cháiliúil Ampleforth i Sasana. Agus i ndáiríre, ba bheag baint a bhí aige le hÉirinn as sin amach.

Díol suntais gur sa bhFrainc a chuir sé faoi. Ba mhinic a chaith ealaíontóirí Éireannacha tréimhse sa bhFrainc in éineacht le healaíontóirí eile ach bhí seisean eisceachtúil sa mhéid is gur fhan sé ansin.

Ach an rud is spéisiúla ar fad faoin Éireannach seo, agus seo an áit a chuireann an taispeántas i gcomhthéacs áirithe é, ná na daoine a raibh sé cairdiúil leo agus a raibh tionchar acu air. Níor casadh Vincent Van Gogh air go pearsanta, ach bhí an-tionchar aige ar stíl O’Conor.

Nuair a shiúlann tú isteach i gceann de na seomraí taispeántais, tá pictiúr álainn, lán le fuinneamh agus samhlaíocht, le Van Gogh ina lár. Aithníonn tú láithreach an tionchar a bhí aige ar O’Conor. Tá roinnt mhaith pictiúr tírdhreach le O’Conor sa seó agus is cinnte go raibh tionchar láidir ag na hImpriseanaithe air. Deirtear nach raibh meas chomh mór sin ar O’Conor féin ag an am, toisc gur ‘strainséir’ a bhí ann i gcónaí- sa tír seo agus sa bhFrainc.

Bhí aithne phearsanta aige ar Gauguin- go deimhin bhí sé beartaithe aige uair amháin filleadh ar Shamó, sna Aigéan Ciúin ó Dheas, nó oileáin na mara theas, in éineacht le Gauguin ach thit an plean as a chéile. Tá pictiúr mór i lár an taispeántais – sórt ‘Suipéar Deireanach’ a bhfuil Gauguin in áit Íosa Críost agus tá Roderic O’Conor ag an mbord in éindí leis na cairde eile.

Chuir mé suim in alt faoi san Irish Times inar dúradh gur bhain sé leas as scéim oifigiúil de chuid an Rialtais ag tús an 20ú haois, inar tugadh ‘spreagadh’ d’úinéirí talún fáil réidh lena n-eastát (an tAcht Talún). Ón uair sin ar aghaidh bhí sé in ann maireachtáil ar a chuid airgid féin. Murab ionann agus go leor de na healaíontóirí bochta timpeall air sa bhFrainc, ní raibh aon ghanntanas air.

Ar feadh tamaill i bPáras, bhí sé cairdiúil le scríbhneoirí a bhain le dream Bloomsbury agus bhí ‘spite’ beag feamainne aige do Somerset Maugham. Mar sin féin, cheannaigh Maugham roinnt pictiúr le O’Conor agus deirtear go bhfuil an carachtar Clutton, ealaíontóir sa leabhar Of Human Bondage, bunaithe air.

Cé nach bhfuil mórán eolais againn faoina chaidreamh le mná i gcaitheamh a shaoil, rinne sé rud ciallmhar agus é ag dul in aois. Phós sé bean óg, arb ealaíontóir í. Bhí bearna mhór 34 bliain eatarthu, agus ní raibh sí ach ag tosú ag péinteáil í féin nuair a thosaigh seisean ag éirí tinn. Thug sí aire mhaith dó agus fuair sé bás i 1940.

– Tá an taispeántas ‘Roderic O’Conor and the Moderns’ ar siúl go dtí an 28 Deireadh Fómhair. Is féidir níos mó eolais a fháil faoi Clonalis House anseo

Fág freagra ar 'Is fiú go mór seal a chaitheamh ag ealaín thart le ‘Roderic O’Conor and the Moderns’'