‘Is féidir linn do rothar a dheisiú ar €150, ach ní bheidh tú in ann rothaíocht air’

Cuma an gcreideann tú go bhfuil iarracht ar bun d’aon ghnó ag an tSín agus tíortha eile san Áise an bonn a bhaint den domhan thiar, sin é atá ag tarlú 

‘Is féidir linn do rothar a dheisiú ar €150, ach ní bheidh tú in ann rothaíocht air’

Mí nó dhó ó shin, bhí comhrá osréalaíoch agam le fear an tsiopa rothar.

Bhí mé tar éis mo rothar a fhágáil istigh an mhaidin sin. Bhí torann aisteach uaidh agus an giar is airde in úsáid agam. Chuir fear an tsiopa glaoch orm an tráthnóna céanna.

‘Is féidir linn do rothar a dheisiú agus cosnóidh sé sin €150, ach ní bheidh tú in ann rothaíocht air, mar níl fáil faoi láthair ar cheann de na páirteanna atá ag teastáil, an caiséad, sin iad na rothaí beaga fiaclacha timpeall ar an acastóir cúil.’

‘Cén uair a mbeidh fáil ar an bpíosa sin mar sin, meas tú?’

‘Mí Dheireadh Fómhair ar a luaithe. Caithfidh sé a theacht ón tSín.’

An mhaidin dár gcionn bhailigh mé mo rothar – gan caoi curtha air ach inúsáidte go fóill – agus mearbhall orm.

Bhí dhá chúis leis an moill a bheadh ar an diabhal caiséad, a mhínigh fear an tsiopa dom.

Sa chéad áit, a bhuíochas le géarchéim an choróinvíris, tá ráchairt chomh mór sin ar rothair agus ar pháirteanna rothair ar fud an domhain nach bhfuil na monarchana in ann don éileamh.

Sa dara háit, tá córais táirgthe agus seachadta an domhain curtha trí chéile ag an víreas céanna.

Mionsonra tábhachtach a haon: tharla an eachtra seo mí sular bhlocáil long choimeádán an Ever Given Canáil Shuais ar feadh sé lá i ndeireadh an Mhárta.

Mionsonra tábhachtach a dó: tharla an eachtra seo san Ísiltír, mar a bhfuil tréimhse á caitheamh agam faoi láthair.

Tír a tháirgeann go leor leor rothar.

Ach nach dtáirgeann páirteanna rothar, is léir.

Agus mé ag rothaíocht abhaile ar mo rothar torannach, rabhadh fhear an tsiopa fós i mo chluasa – ‘féadfaidh tú úsáid a bhaint as, ach d’fhéadfadh an caiséad briseadh ag am ar bith’ – thosaigh mé ag machnamh faoin gcruachás inar chuir sinne sa domhan thiar muid féin.

Ní fear mór teoiricí comhcheilge mé. Ach cuma an gcreideann tú go bhfuil iarracht ar bun d’aon ghnó ag an tSín an bonn a bhaint den domhan thiar, sin é atá ag tarlú agus an domhan thiar go hiomlán spleách ar earraí saora ón domhan thoir. Páirteanna rothar, éadaí, micrishliseanna agus earraí leictreonacha eile: is ar éigean a dhéantar iad a thuilleadh san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Tá an déantúsaíocht ag imeacht, nó imithe cheana féin, agus leis sin, eolas agus scileanna.

Mar bharr ar an donas, táimid i dtaobh le córais táirgthe agus seachadta atá chomh leochaileach céanna le slabhra rothair. Lúb amháin ar lár agus titeann na córais sin as a chéile, mar a chonaic muid nuair a bhí Canáil Shuais faoi ghlas.

Orainn féin agus ar ár gcuid sainte atá an locht ar ndóigh, ag iarraidh earraí a cheannacht ar phraghas íseal. Agus ar an gcúis chéanna sin beidh sé an-deacair an fhadhb a réiteach: ní bheidh rath ar aon iarracht monarcha páirteanna rothar, monarcha éadaí nó a macasamhla a athbhunú san Eoraip nó i Meiriceá Thuaidh mura mbeidh muintir an domhain thiar sásta praghas i bhfad níos airde a íoc ar na hearraí a dtáirgfí iontu.

Idir an dá linn, mionsampla é rothar s’agamsa den domhan domhandaithe, caipitlíoch, tomhaltach ina mairimid. Chuir mé braon beag ola ar an slabhra agus d’imigh an torann. Inné féin, chuir mé turas 60 ciliméadar díom chuig teach mo chol ceathrair agus ar ais. Ach tá a fhios agam go dtiocfaidh an lá go dteipfidh ar an diabhal caiséad.

PS: Chuaigh mé ag rothaíocht díreach tar éis dom an chéad dréacht den cholún seo a scríobh agus nár tháinig an tuar faoin tairngreacht?

Fág freagra ar '‘Is féidir linn do rothar a dheisiú ar €150, ach ní bheidh tú in ann rothaíocht air’'

  • An tSiúnach

    Dearcadh spéisiúil. Léiríonn sé lagar an chórais do deimhin, an iontaoibh tugtha leis an Oirthear agus muid in Eorpa crúogach ag dearadh gan déantús. Is aoibhinn liom do scríbhneoireacht.

    Ar taobh practiciúil, táimse i mbun streachailt leis an fadhb céanna faoi láthair na huaire. Tugaim faoi deara sna rútaí seo nach bhfuil roinnt siopaí sásta páirteanna a hordú le gairid agus tá roinnt eile sásta leis an gnó. Tá siad ag díol a lán rothair agus níl suim ag roinnt acub sna mionairgid nuair atá an éileamh sin ar na rothair nua.

    Mo chomhairle, iarr ar an meicneoir más féidir leis an caiséad a chur ar an roth má faigheann tú é agus cuir súil ar na leithéidí de Donedeal nó an siopa millteach mór Éireannach (Sasanach, is dóigh) ar líne! Déarfainn leis an praghas sin a luaigh sé gur is gá níos mó ná caiséad agus slabhra, ach muna bhfuil tá siad le fáil ar líne ach bí cinnte go bhfuil an méid giaranna cosúil leis an sean-cheann agus go feileann an slabhra nua an méid giaranna freisin.
    Go n-éirí leat agus go raibh tú ar ais ar an diallait gan moill