Nach iontach na hathruithe atá tagtha le deich mbliana anuas ar an oiliúnt a chuirtear ar imreoirí óga iománaíochta.
Tá trealamh nua á úsaid go rialta anois agus nach iontach an chabhair é an rópa agus leathdhosaen sliotar greamaithe leis agus an tairne fada a théann isteach sa talamh agus sliotar amháin ceangailte leis.
Is féidir a lán druileanna a dhéanamh leis an gceann sin agus an rud is fearr faoi ná nach mbogann na liathróidí in aon chor. Is féidir le himreoirí bualadh ar an dtalamh a chleachtadh ina mbeirteanna nó ina n-aonar.
Táthar ábalta húcáil agus blocáil ar an dtalamh a dhéanamh leis na fearais seo chomh maith.
Píosa trealaimh eile atá áisiúil is ea an liathróid luasctha.
Is féidir le suas le triúr é seo a úsáid le chéile.Tagann an sliotar timpeall go tapaidh má bhuailtear i gceart é agus an cleas atá ann ná an liathróid a bhualadh ar chlé agus ar dheis gach ré uair.
Dar ndóigh tá an buailteoir sliotair ann freisin. Tá sé an-úsáideach sa chúlgháirdín féin. Buaileann an t-imreoir an sliotar i gcoinne líontáin agus filleann an sliotar céanna ar ais i bhfaiteadh na súl.
Ach i mo thuairimse is é an balla iomána an rud is áisiúla agus is tábhachtaí atá ann. Tá na ballaí seo ag a lán clubanna na laethanta seo . Faraor, an botún a rinne cuid mhaith de na clubanna céanna ná gur thóg siad ballaí a bhí róbheag.
Ba cheart go mbeadh an balla iomána mór go leor do tríocha imreoir a bheadh ag smachtú an sliotair cúpla céad uair an duine in aon seisiún amháin.
Rud eile atá an–tábhachtach ná go mbeadh traenáil cheart faighte ag an gcóitseálaí atá i bhfeighil ar an mballa mar, má thiteann an t-óganach isteach le drochnósanna, is deacair iad a bhriseadh.
Is iad na himreoirí is fearr amuigh ná na himreoirí sin a raibh na nósanna cearta ó thosach acu. Níl aon amhras faoi sin.
Féach aird ar leitheidí Tony Kelly, Colm Galvin,Joe Canning,Conor Lehane agus mórán eile nach iad agus chífidh tú scil den scoth i ngach rud a dhéanann siad. Bí cinnte go n-úsáideann siad an balla go minic . D’úsáid na sean réalta binn a tí. Is minic a chuala mé D.J Carey ag caint faoin méid ama a chaith se ag binn an tí le camán agus liathróid.
Má chuirtear oiliúint cheart i dtosach ar imreoir is féidir leis traenáil a dhéanamh ina aonar pé áit ina bhfuil balla . Is cuma an i gCill Mhantáin, Ceatharlach nó Ciarrai atá sé lonnaithe is féidir an iománaíocht a cleachtadh ag aon am a oireann dó agus gan aon duine a bheith leis.
Is é Paudie Butler, iarstiúrthóir iománaíochta CLG, an seaneolaí ar an mballa iomána.
Tá cuid mhaith físeán curtha suas ar youtube ag clubanna éagsúla de sheisiúin a rinne Páidí leo.
Is fiú féachaint orthu agus foghlaim uathu mar is an-áis é an balla iomána don imreoir atá dáiríre faoi na scileanna a fhoghlaim i gceart. Tá luas an chluiche dochreidte sa la atá inniu ann agus níl aon áit is fearr ná an balla iomána chun dul i dtaithí ar an luas sin.