Is deacair a shamhlú go gcuirfear síneadh le haislingí an Chláir agus Chorcaí tráthnóna

Lena meascán den bhfoighne is den bhfuadar éiríonn le Doire a gcéilí comhraic a thachtadh tar éis tamaill

Is deacair a shamhlú go gcuirfear síneadh le haislingí an Chláir agus Chorcaí tráthnóna

Nach diail é agus nach iontach chomh maith go mbeidh contae an Chláir nó Doire i gcluiche leathcheannais caide na hÉireann tar éis na himeartha tráthnóna inniu i bPáirc a’ Chrócaigh?

Bhíos féin i láthair i bPáirc a’ Chrócaigh tríocha bliain ó shin nuair a d’fhág na Cláraigh na ba aige baile agus thuirling ar an ardchathair do chluiche leathcheannais na bliana 1992. Bhíodar lán de sprid, de cheol is de dhea-ghiúmar an uair úd agus cé go raibh a lucht leanúna tearc go maith don mbabhta cáilithe deireanach in aghaidh Ros Comáin coicíos ó shin, bhí an sprid chéanna le braistint uathu.

Bliain díreach tar éis don gClár teacht agus imeacht ar chuma réalta an eireabaill, bhí sé i ndán do Dhoire a gcéad chraobh shinsir a bhuachtaint i 1993 le foireann a d’fhág rian buan ar shamhlaíocht an ógánaigh seo agus mé ag teacht chun coinlíochta mar pheileadóir. Níor dhein ceachtar den dá fhoireann aon ghaisce mór ó shin ach bhíos thar n-ais i dTír na nÓg arís coicíos ó shin agus mé neadaithe i measc lucht leanúna chontae an Chláir i Seastán Ó hÓgáin agus foireann Cholm Collins ag teacht aniar go tréan sna nóimeataí deireanacha cinniúnacha.

Ba bhreá liom dá mbuafadh contae an Chláir arís tráthnóna, más ar mhaithe le fear Lios Ceannúir féin é. Fear é seo a bhí taobh liom sa seastán an lá deireanach. Bhí sé na ceithre fichid bliain má bhí sé lá agus bhí an sprid, an ceol is an nádúir chéanna ann is a chífidh tú i measc gach lucht leanúna a mhaireann coitianta ar a ndóchas seachas ar a n-ionchas.

Fiú nuair a bhí a fhoireann cúig phointe chun deiridh ag déanamh ar dheireadh na himeartha bhí na haon liú ag fear Lios Ceannúir ag súil le breis ó imreoirí an Chláir. Fuair sé an braon breise uathu in aghaidh Ros Comáin agus le 1-3 ins na nóimeataí deireanacha, bhí an lá leis agus leo. Táim deimhnitheach go bhfaca deor ina shúil ar shéideadh na feadóige agus ní dóigh liom go raibh sé leis féin.

Is deacair a shamhlú, áfach, go gcuirfear síneadh leis an aisling tráthnóna. Tá Doire ag gabháil aduaidh, súil thairis a gcuid acu agus iad ullamh chun gach aon bhraon rómánsaíochta a fháscadh agus a shú amach as an imirt. Pé acu is áin linn é nó nach áin, tá a gcur chuige thar a bheith éifeachtach agus lena meascán den bhfoighne is den bhfuadar éiríonn le Doire a gcéilí comhraic a thachtadh tar éis tamaill.

Is dócha go gcuirfidh siad Chrissy McKaigue i ndiaidh Keelan Sexton agus Brendan Rogers ar Eoin Cleary. Beidh siad ag súil go mbrisfidh Conor Glass forlámhas Chathail Uí Conchúir is Darren O’Neill i lár an ghoirt. Fágfar Tristan O’Callaghan, dá réir, i mbáide an Chláir ag tochas a chinn ag iarraidh a dhéanamh amach cá mbeidh a thriall leis an gcic amach.

Nuair ba mhó a tháinig an brú ar O’Callaghan coicíos ó shin, ba léir go raibh teora leis an méid d’fhéadfaí a dhéanamh agus b’fhuraist a shamhlú conas go bhféadfadh rudaí titim as a chéile dá airde a théann sé féin is a chomhghleacaithe ar dhréimire na craoibhe.

Con O’Callaghan.©INPHO/Ryan Byrne

Sa dara cluiche ceathrú ceannais, ní dócha go mbeidh aon stró ar Áth Cliath Corcaigh a chur de dhroim seoil ach beifear ag faire amach, mar sin féin, do chomharthaí sóirt a dtéarnamh nó a mhalairt in imirt Átha Cliath.

An bhfuil tionchar Chon O’Callaghan chomh mór sin go bhféadfadh sé anáil na beatha a chur i dtosaithe Átha Cliath leis féin agus an éireoidh le Dean Rock agus Cormac Costelloe na cosáin a réiteach dó sa tslí céanna is a deineadh i ndeireadh na Bealtaine?

Taibhsíodh do scata agus Áth Cliath ag titim go Roinn 2 na sraithe san earrach go raibh na cosa ag teip ar shárchosantóirí ár linne, Michael Fitzsimons agus James McCarthy. An amhlaidh ná raibh anseo ach taibhse nó iarracht ar mhiansásamh don gcuid eile againn? Ní hamháin go raibh McCarthy agus Fitzsimons i mbarr a maitheasa nuair a facthas go deireanach iad ach bhí John Small níos déine ná riamh sa mharcáil agus an fear nua, Lee Gannon, os cionn a bhuille.

Tabharfaidh Seánie Powter cosaint áirithe do líne lánchúil Chorcaí agus bí siúráilte nach mbeidh Corcaigh chomh saonta is a bhí Cill Dara i gcluiche ceannais Laighean.

Tógfaidh sé rud éigin ar leith, áfach, rud as an ngnáth agus léim mhór samhlaíochta agus creidimh ó Chorcaigh chun teacht aniar aduaidh ar na Dubs agus iad siúd luite amach orthu féin as seo go deireadh na craoibhe.

Ar an méid is lú agus ag an leibhéal is bunúsaí, beidh Corcaigh ag súil gur féidir leo fanacht sa rás chomh fada nó níos a shia ná mar a dheineadar i bPáirc Uí Rinn in aghaidh Chiarraí. Má éiríonn leo san a dhéanamh chomh maith le blaiseadh de shoilse geala na cathrach a thabhairt do bhuíon imreoirí atá ag maireachtaint ar an mbeagán ar chúl stáitse le tamall, beidh tráthnóna maith oibre agus rud fónta déanta.

Ná bí ag súil le míorúiltí uathu, áfach. Tiocfaidh siadsan beagán ar bheagán agus nuair is lú a bheifear ag súil leo.

 

Fág freagra ar 'Is deacair a shamhlú go gcuirfear síneadh le haislingí an Chláir agus Chorcaí tráthnóna'