Is críonna an té a déarfadh cé a bheidh sa chéad rialtas eile

Níl cosúlacht ar bith ann go bhfuil an rialtas ag iarraidh réiteach macánta a fháil ar fhadhb na tithíochta

Is críonna an té a déarfadh cé a bheidh sa chéad rialtas eile

Cén dream polaitíochta a bheas i gceannas ar an gcéad rialtas eile in Éirinn? Is críonna an té a déarfadh. Tá rud amháin cinnte, áfach, agus is é sin nach rialtas aonpháirtí a bheas ann. Tá an lá sin caite. Comhrialtas eile atá i ndán dúinn chomh cinnte is atá gob ar phréachán.

Is iad Sinn Féin is láidre atá faoi láthair. Tá siad chun cinn ar Fhine Gael agus tá a dhá oiread tacaíochta acu agus atá ag Fianna Fáil.

Ní hé sin le rá go mbeidís in ann rialtas a chur ar fáil astu féin. Chaithfidís cabhair a fháil ó chuid de na mionpháirtithe.

Ní dócha go dtabharfaidh Páirtí an Lucht Oibre aon aird orthu. B’fhéidir gurb é a leas nach dtabharfadh de bharr a bhfuil de ghráin ag cuid mhaith daoine ar an bhfaillí a rinne Páirtí an Lucht Oibre sa gcomhrialtas deireanach a raibh siad ann.

Tá mionpháirtithe eile sa Dáil ach fiú amháin dá n-éireodh le Sinn Féin iad a mhealladh bheadh sé sách deacair acu iad a shásamh ina dhiaidh sin. Comhrialtas corrach a thiocfadh as a leithéid de phósadh déarfainn.

Tá Teachtaí Dála ag an gComhaontas Glas ach tharlódh sé gur beag acu a thiocfas slán as an gcéad olltoghchán eile más cóir géilleadh do na pobalbhreitheanna.

Maidir le Fine Gael tá dearbhú sollúnta tugtha acusan nach rachaidh siad i ngar ná i ngaobhar do Shinn Féin. Mura n-éireoidh leo a dhul in aon bhád le Fianna Fáil aríst, tá tréimhse sa bhfreasúra i ndán dóibh.

Cén dearcadh atá i bhFianna Fáil faoi na cúrsaí seo ar fad? Níl sé sin soiléir fós ar bhealach ar bith.

Is cinnte go bhfuil an dá thuairim sa bpáirtí. Bheadh dream amháin acu sásta an comhrialtas atá ann faoi láthair a thabhairt ar ais aríst agus tá an dream eile a cheapadh gurb é díothú Fhianna Fáil a thiocfadh as sin i ndeireadh na cúise.

Cá bhfios nach tuar ar a bhfuil ag teacht a bhí sa gcaint a rinne an t-iarThaoiseach Bertie Ahern le gairid nuair a dúirt sé nár cheart d’Fhianna Fáil comhrialtas le Sinn Féin a chur as an áireamh. Tá piardaí móra eile sa bpáirtí a déarfadh an rud céanna, Éamon Ó Cuív, mar shampla.

Chaithfeadh ceannaire nua a theacht ar Fhianna Fáil sula dtarlódh sé, ar ndóigh. Ní ghlacfadh Micheál Martin leis. Chaithfí eisean a chur amach ar féarach.

B’fhéidir nach mórán buartha a chuirfeadh sin air mar go bhfuil chuile sheans ann go bhfaigheadh sé post breá sa mBruiséil. Tá a dhílseacht do mhaorlathaithe na Bruiséile léirithe sách minic aige le go mbeadh fáilte mhór acu roimhe.

Le filleadh aríst ar chaint Bhertie Ahern ní mór a choinneáil i gcuimhne gur bhunaigh seisean trí chomhrialtas. Comhrialtais a bhí iontu nár thit as a chéile, ach an oiread.

Sa deiread thiar thall braithfidh an socrú tar éis an toghcháin ar chomhdhéanamh na Dála.

An dream atá amach sna blianta beidh siad sásta go leor Teachtaí Dála as Fine Gael agus as Fianna Fáil a thoghadh. Scéal eile atá ag na daoine óga. Tá siadsan ag sracadh leis an saol. Níl cosúlacht ar bith ann go bhfuil an rialtas ag iarraidh réiteach macánta a fháil ar fhadhb na tithíochta.

Mar bharr ar gach mí-ádh tá tionóntaí á gcur as seilbh aríst anois ó thug an rialtas cead raide do na tiarnaí talún.

Fág freagra ar 'Is críonna an té a déarfadh cé a bheidh sa chéad rialtas eile'