Is ag an ionsaitheoir atá ceisteanna le freagairt, ní ag an íobartach

Cuirtear an cheist mhícheart faoi ionsaithe ar mhná

Is ag an ionsaitheoir atá ceisteanna le freagairt, ní ag an íobartach

Dé Luain se caite, Lá Idirnáisiúnta na mBan, bhí ceiliúradh, ceol agus comhdhálacha i gcian agus i gcóngar mar ghairdeas poiblí, más ar líne féin é. Ba mhaith ann iad na himeachtaí don chuid againn a bhí in ann a bheith páirteach iontu nó faire orthu. Faraor, is iomaí duine nach raibh an phribhléid sin aici mar nach raibh sé sábháilte é a dhéanamh sa bhaile nó go raibh contúirt eile ag baint le bogadh amach.

Níor thúisce lá an cheiliúrtha thart ná díríodh ár n-aird ar fhoréigean in aghaidh na mban. Dé Máirt sheol Women’s Aid Thuaisceart Éireann achainí phoiblí ag éileamh ar Stormont a dhul i ngleic le foréigean atá bunaithe ar inscne. 

Is fíor go bhfulaingíonn fir agus buachaillí bulaíocht, ansmacht, comhéigean agus an lámh láidir atá do-ghlactha chomh maith ach léiríonn an staidreamh gurb iad mná agus cailíní is mó a dtugtar drochíde dóibh. Mheabhraigh Women’s Aid don Tionól agus don bhFeidhmeannas go raibh mná agus cailíní á ligint síos acu ós é an Tuaisceart an t-aon réigiún san Ríocht Aontaithe nach bhfuil straitéis aige chun na coireanna sin a cheansú.

In 2019-2020 glaodh amach an PSNI chuig 32,105 eachtra drochíde baile, an séú cuid de na coireanna ar fad ar cuireadh fios ar na póilíní fúthu. Dúirt Women’s Aid gur bhain 561 bean agus 316 páiste leas as a gcuid tearmann agus gur thacaigh an eagraíocht le breis is 5,500 bean agus 5,100 páiste ar fad. Tá a fhios againn freisin go raibh foréigean baile níos coitianta, thuaidh agus theas, le linn na dianghlasála de bharr Covid-19. Cúpla bliain ó shin bhí an ráta feimeamharaithe (marú ban) ab airde san Eoraip per capita i dTuaisceart Éireann.

Ní rud annamh é dúnmharú mná – sa bhaile nó lasmuigh. Bhí ionsaithe ar mhná, foréigean ar bhonn inscne go mór i mbéal an phobail le seachtain i bhfianaise chás Sarah Everard i Londain Shasana. D’éirigh díospóireachtaí ar chláracha raidió sách teasaí, daoine ag glaoch isteach ag ceistiú iompar na mban a ionsaíodh murab ionann agus céard a thug ar na fir a bhí freagrach iad a ionsaí.

I measc na nglaonna faoi ionsaithe éagsúla ba iad seo leanas ba choitianta. ‘Cén fáth a raibh sí amuigh ina haonar istoíche?’ ‘Tuige nach bhfuair sí tacsaí?’ ‘Nár cheart di éadaí níos cuibhiúla a chaitheamh?’ 

Rómhinic a chloistear na ceisteanna sin agus go leor eile cosúil leo. Cáineadh ar an íobartach atá intuigthe astu in ionad iompar an chiontóra a cheistiú.

An raibh tuiscint ar bith ag na fir a ghlaoigh isteach ar an gcaoi a n-airíonn bean ag siúl lasmuigh istoíche? Is cuma cé chomh cluthair is atá comharsanacht is dual do bhean ar bith a bheith neirbhíseach nuair a chloiseann sí coiscéim ar a cúl. Ní rud annamh é a cuid eochracha a bheith ina glac agus í ag faire amach do theach ina bhfuil soilse ar siúl thíos staighre  –teach a bhféadfadh sí cabhair a iarraidh ann dá mbeadh deis aici nó ligint uirthi féin gurb é sin a teach féin. Ar thuig siad cad is brí le do chroí a bheith i do bhéal go dtí go mbeadh an doras druidte i do dhiaidh agus glas air?

Amanna ní féidir an tsiúlóid a sheachaint. Ní féidir tacsaí a fháil nuair a thagann deireadh le seal oibre deireanach san oíche. Níl duine in acmhainn íoc as tacsaí, níl seirbhís tacsaí sa gceantar nó bheadh an turas ón obair, ó theach na gcomharsan nó club/tábhairne róghearr. Agus cén fáth go mbeadh ar bhean an siúl a sheachaint? 

’Séard atá le tuiscint ón rabhadh ‘a bheith cúramach’ gur rud normálta é bean a ionsaí. An gcloiseann daoine iad féin? An dtuigeann siad céard atá siad a rá? Nílim ag moladh d’éinne í féin a chur i mbealach na contúirte – le linn círéibe abair nó nuair atá baol poiblí aitheanta ann, ach faoi ghnáthchúinsí ba cheart cead a cos a bheith aici. Ní mór an meon a chuireann ualach a sábháilteachta féin ar bhean a athrú agus freagracht a chur go hoscailte san áit ar cheart í a bheith. 

Is linn go léir, mná agus fir, cailíní agus buachaillí, an tsráid nó an bóthar bíodh muid i gcathair nó amuigh faoin tuath. Tá sé thar am ag an gcóras oideachais agus riar na córa an buncheart sin a dhearbhú agus an chumhacht a bhaint de lucht an fhoréigin.

Fág freagra ar 'Is ag an ionsaitheoir atá ceisteanna le freagairt, ní ag an íobartach'