Ionad na bPiarsach le tógail i Ros Muc

Is fada feachtas ar bun le hIonad eolais a chur ag Teach an Phiarsaigh. Is dealraitheach go mbeidh toradh ar na torthaí sin anois, agus é thar am aige.

Patrick_Pearse

Tá chuile chosúlacht ar an scéal anois go dtógfar Ionad na bPiarsach i Ros Muc sa deireadh. Tá an réiteach ag dul ar aghaidh, cé go bhfuil roinnt deacrachtaí pleanála le réiteach fós agus go bhfuil ceisteanna á gcur faoin dearadh is deireanaí atá le cur ar an Ionad.

Ach réiteofar na deacrachtaí sin go luath agus má bhíonn na dreamanna ar fad atá ag plé leis lándáiríre, d’fhéadfadh an tIonad a bheith ansin i gcomhair an chomórtha sa mbliain 2016.

Mura bhfuil sé in am! An bhfuil tír ar bith eile sa domhan a d’fhágfadh chomh fada é? Nach beag an baol gur mar seo a chaithfeadh na Meiriceánaigh, mar shampla, le cuimhne George Washington nó Abraham Lincoln.

Is fada an feachtas ar bun le hIonad eolais a chur ag Teach an Phiarsaigh. Is cuimhin liom go maith cruinniú a bheith agam féin agus ag Colm Ó Mainnín le húinéir talún as Ros Muc chúig bhliana fichead ó shin agus muid ag iarraidh an cás a chur chun cinn.

B’in í Jane Ní Chonaire, duine den dream a raibh an siopa breá acu i Ros Muc. Bhí sí thar a bheith flaithiúil linn. Dúirt sí go dtabharfadh sí acra talún dúinn gan pingin gan leithphingin. Ní raibh ach coinníoll amháin aici: go mbeadh an Stát páirteach san obair.

Mar a dúirt sí féin, d’fhéadfadh coiste a bheith agat inniu agus é a bheith imithe amárach ach dá mbeadh lámh ag an Stát ann, d’fhéadfaí a bheith ag súil le leanúnachas.

Mar a dúirt an bheirt againne á freagairt, b’aisteach an rud nach mbeadh an Stát páirteach i scéim le cuimhne a choinneáil ar dhuine de phríomhbhunaitheoirí an Stáit!

Mar a tharla, ní ar an suíomh sin a bheas an tIonad anois. Diúltaíodh dó ar bhonn pleanála.

B’in chúig bhliana fichead ó shin. Tá mé thar a bheith cinnte den dáta mar ba é an lá céanna é ar rugadh Colm sin againne.

Chuaigh an feachtas chun cinn ina dhiaidh sin. Pléadh go minic é ag cruinnithe de Bhord Údarás na Gaeltachta.

Nuair a bhí Éamon Ó Cuív ina Aire Gaeltachta, chuir sé suim ann. Go deimhin, gheall sé go mbeadh sé tógtha taobh istigh de bheagán blianta.

Tháinig sé go Ros Muc agus an plean ina ghlaic aige. Bhí seoladh oifigiúil againn. Ní bheadh aon stró leis an airgead ach oiread, a dúirt sé: thiocfadh sé as an gCiste Náisiúnta.

Ach, ar ndóigh, bhí Fianna Fáil faoi bhois an chait ag an bPáirtí Daonlathach an uair sin agus níor caitheadh an t-airgead i Ros Muc. Chuala muid ó shin gur ar sheanchaisleán Normannach a caitheadh é!

Chuir sé seo lán ár gcruite d’olc orainn agus thosaigh muid agóidí ag Teach an Phiarsaigh. Cáisc amháin sheas seachtar againn taobh amuigh den teachaín agus pictiúir de shínitheoirí Fhorógra na Cásca ar iompar againn.

Fuair sé sin cuid mhór poiblíochta. Foilsíodh grianghraf dínn ar an gcéad leathanach den Churadh Connachtach.

Tá súil againn ar fad anois gur Ionad fiúntach lán eolais a bheas againn sa deireadh thiar thall. An-deis a bheas ann le béim a chur ar rud tábhachtach amháin faoi Phádraig Mac Piarais—nach fear fola ná foréigin a bhí ann go bunúsach ar chor ar bith.

Chaith sé a shaol uilig beagnach ag plé le cúis na Gaeilge agus le cúrsaí oideachais. Bhí tionchar mór ag Ros Muc ar an dá rud.

Maidir le dul chun cogaidh, cuimhnigh gur labhair an Piarsach ar ardán i mBaile Átha Cliath chomh deireanach le 1912 ar son “Home Rule”.

Bhí John Redmond ar dhuine acu siúd a bhí ar an ardán in éineacht leis. Cé mhéid de lucht Shinn Féin an lae inniu a bhfuil a fhios acu é sin?

An Sinn Féin a bhí ann ag an am, bhí siad thar a bheith míshásta leis an bPiarsach faoi é a dhéanamh. Chuir siadsan baghcat ar an gcruinniu. Ach bhí teachtaireacht an-soiléir ag an bPiarsach an lá úd. Seo mar a dúirt sé:

“Cuirimís le chéile agus bainimís reacht maith de Ghallaibh. Is dóigh liom gur féidir reacht maith do bhaint díobh ach ár ndóthain misnigh do ghabháil chugainn. Agus má chlistear orainn den dul so, tá dream in Éirinn, agus táimse ar dhuine díobh, a mholfas do Ghaelaibh gan dul i gcomhairle ná i gcaidreamh le Gallaibh go deo arís, ach iad d’fhreagairt feasta le láimh láidir agus le faobhar claidhimh. Tuigeadh Gaill má fealltar orainn arís go mbeidh ina chogadh chraorag ar fud na hÉireann.”

Ba dheacair é a chur níb fhearr.

As cliseadh na polaitíochta a thagann cogadh i gcónaí agus is as an bhfeall a rinne na Sasanaigh a tháinig Éirí Amach 1916.