Tabharfaidh an Taoiseach Simon Harris a aghaidh ar Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce am éigin inniu le hiarraidh ar an Uachtarán an Dáil a chur ar lánscor ionas go bhféadfar olltoghchán a ghairm.
San olltoghchán seo ar an 29 Samhain a thoghfar an líon is mó Teachtaí riamh chun na Dála ó bunaíodh an stát seo.
Ar mholadh ón gCoimisiún Toghcháin, cuireadh ceithre cinn déag eile le líon na suíochán Dála, ó 160 go 174 Teachta.
A bhuíochas don mhéadú sin, teastóidh tacaíocht 88 Teachta Dála sa gcéad Dáil eile, an 34ú Dáil sa stát, le tromlach a bheith ag an Rialtas – dhéanadh 80 vóta cúis sa Dáil atá le cur ar scor inniu.
Beidh an t-olltoghchán seo á throid i 43 dáilcheantar sna 26 contae agus sin ceithre dháilcheantar sa bhreis ar a raibh againn san olltoghchán deiridh, athrú eile a mhol an Coimisiún Toghcháin.
An dá luath agus a bheidh Dáil Éireann curtha ar lánscor agus dáta an olltoghcháin fógartha, a chuirfear tús oifigiúil leis an bhfeachtas is an dianstocaireacht. Is maith an seans go mbeidh tithíocht, sláinte agus inimirce ar na ceisteanna is mó a ndéanfar caint fúthu sna trí seachtaine seo romhainn.
Tá an-mhisneach ag Fine Gael faoi láthair agus pobalbhreitheanna ag léiriú an-mheas a bheith ag an bpobal ar an Taoiseach Simon Harris ach údar imní don pháirtí go bhfuil 17 Teachta Dála dá gcuid ag caitheamh isteach an tuáille ar an ngairm sin agus é fógartha acu nach mbeidh siad ag seasamh don Dáil arís.
Tá súil ag Fine Gael go gcuirfidh an mheitheal nua iarrthóirí brí is fuinneamh breise i bhfeachtas an pháirtí ach tá sé ina fhaitíos freisin go gcaillfidh siad vótaí siocair na Teachtaí seanbhunaithe a raibh taithí acu agus aithne mhaith orthu a bheith imithe de bhileog an pháirtí.
Más i gcomhrialtas féin atá Fianna Fáil agus Fine Gael, beidh sé ina iomaíocht ghéar eatarthu faoi chuile shuíochán as seo go ceann trí seachtaine. Cé nach bhfuil aon socrú oifigiúil déanta ag an dá pháirtí vótaí a aistriú idir a gcuid iarrthóirí, táthar ag súil lena leithéid a bheith forleathan.
Léiríonn pobalbhreitheanna gur thart ar 20% den tacaíocht atá ag Fianna Fáil, mar a bhí acu sa toghchán deiridh, agus beidh siad ag súil go bhfuil níos fearr ná sin i ndán dóibh ach a mbeidh daoine ag caitheamh a vótaí sa mboth vótála.
Is é Sinn Féin an páirtí is mó sa bhfreasúra ach tá croitheadh bainte as a misneach ag an titim gan choinne atá á léiriú ag pobalbhreitheanna le tamall. An beart is tábhachtaí a dhéanfaidh an páirtí ná an líon iarrthóirí a bheidh ag seasamh san olltoghchán dóibh. In olltoghchán 2020, mheas go leor nach raibh dóthain iarrthóirí acu don chual gan choinne vótaí a tugadh don pháirtí.
A mhalairt a tharla sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha níos túisce i mbliana nuair a síleadh iomarca iarrthóirí a bheith sa tóir in aisce ar na suíocháin.
Is annamh nach go daor a íocann páirtí Glas as a rannpháirtíocht i gcomhrialtas ach beidh an Comhaontas Glas ag déanamh mórtais as ar bhain siad amach i gcás cúrsaí aeráide, cúram leanaí agus iompar poiblí.
Údar dóchais do pháirtí an Lucht Oibre gur fearr a d’éirigh leo sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha ná mar bhí á thuar roimh ré agus beidh siad ag iarraidh fódú ar an mbiseach sin.
Is amhlaidh an scéal ag na Daonlathaithe Sóisialta a chuir le líon a gcuid comhairleoirí ó 19 go 35 i dtús an Mheithimh.
Beidh an-suim go deo cé acu rath nó mírath a bheidh ar iarrthóirí neamhspleácha mar go mbeidh go leor díobh ag seasamh, go háirithe ó d’éirigh chomh maith sin leo sna toghcháin áitiúla i dtús an tsamhraidh. Beidh Aontú agus Pobal Seachas Brabús ag súil go gcuirfidh siad cúpla Teachta eile lena bhfuil acu.
Tá an Taoiseach Simon Harris i mBúdapeist na hUngáire inniu ag cruinniú mullaigh an Aontais Eorpaigh agus tá sé le bheith i Staid Aviva anocht ag cluiche rugbaí idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn. Is dóigh gur idir an dá chúram sin a thabharfaidh sé cuairt ar an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn leis an Dáil a scor.
Tá údarás ag an Uachtarán diúltú do lánscor na Dála cé nach ndearna aon Uachtarán fós é sin go hoifigiúil.
Nuair a bheidh an Dáil ar lánscor, cuirfidh Cléireach na Dála eascaire [ordú] ar fáil don cheann comhairimh i ngach ceann de na 43 dáilcheantar, ag treorú dóibh toghchán a reáchtáil i ngach dáilcheantar don líon Teachtaí Dála atá ceadaithe don cheantar sin.
Is faoin Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, lá an toghcháin a fhógairt agus caithfidh an dáta sin a bheith idir 18 agus 25 lá ón lá ar eisigh Cléireach na Dála an t-eascaire.
Níl ach Teachta Dála amháin sa Dáil a bhfuil suíochán cinnte dó sa gcéad Dáil eile mar ní bhíonn ar an gCeann Comhairle reatha a shuíochán a throid agus beidh an Teachta Seán Ó Fearghaíl, Cill Dara Theas, ag filleadh ar an Dáil gan iomaíocht.
Dúirt an Ceann Comhairle Ó Fearghaíl inné go raibh súil aige féin go mbeadh “níos mó ban, níos mó daoine óga agus níos mó daoine ó chúlraí éagsúla” sa gcéad Dáil eile.
Fág freagra ar 'Olltoghchán ina dtoghfar an Dáil is mó riamh le fógairt'