Imní faoi ghaelscoileanna atá ag iarraidh bogadh as seantithe tórraimh, monarchana agus bialanna

Tá breis agus 40% de na gaelscoileanna atá faoi chúram an Foras Pátrúnachta ag brath ar chóiríocht shealadach, amhail seomraí réamhdhéanta, tithe cónaithe agus seanfhoirgnimh eile

Imní faoi ghaelscoileanna atá ag iarraidh bogadh as seantithe tórraimh, monarchana agus bialanna

Tá sé ina imní gur i mbialanna, i seanchlochair, i dtithe tórraimh nó in eastáit tionsclaíochta a bheidh daltaí gaelscoile ag freastal ar a gcuid ranganna go ceann tamaill eile.

De réir figiúirí nua ón Fhoras Pátrúnachta, tá breis agus 40% de na gaelscoileanna atá faoina gcúram ag brath ar chóiríocht shealadach, amhail seomraí réamhdhéanta, tithe cónaithe agus seanfhoirgnimh eile.

Is ionann sin agus 34 den 81 gaelscoil.

Is mó fós an imní atá ar an Fhoras Pátrúnachta faoina bhfuil i ndán don 34 scoil atá ag fanacht ar chóiríocht bhuan ó chuir an Roinn Oideachais stad le déanaí le hobair thógála i gcás 58 scoil. Ar na scoileanna sin bhí cúig ghaelscoil atá faoi chúram an Foras Pátrúnachta.

Tá cuid de na gaelscoileanna seo ag fanacht breis is 25 bliain ar chóiríocht bhuan.

Bhí an obair thógála in ainm is a bheith ag dul ar aghaidh chuig céim na tairisceana agus na tógála nuair a chuir an roinn stad leis an phróiseas mar gheall ar bhrú airgid.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Siobhán Ní Dhúill, Oifigeach Cóiríochta An Foras Pátrúnachta,  go raibh scoileanna “buartha” nach mbeadh sé ar chumas na Roinne tabhairt faoin obair thógála a gealladh.

“Mhéadaigh an scéal a bhris an tseachtain seo caite ar an bhfrustrachas atá orainn mar gur cheapamar go raibh na scoileanna sin ag déanamh dul chun cinn agus go tobann ní raibh.

“An-chuid de na scoileanna sin, tá pleananna idir lámha acu chun na foirgnimh nua a dhearadh. Níor cheap muid riamh go mbeadh muid sa chás go mbeadh scoil deartha agus réidh le tógáil agus go gcasfadh an roinn thart ansin agus go ndéarfadh siad ‘tá brón orainn, níl an t-airgead againn leis an scoil a thógáil’.

“Cé go bhfuil an obair phleanála ag dul ar aghaidh, tá scoileanna buartha anois nach mbeidh an t-airgead ag an Roinn le tabhairt faoin obair thógála nuair a thagann an crú ar an tairne,” a dúirt Ní Dhúill.

Tá ceithre scoil as an 34 scoil atá ag fanacht ar chóiríocht bhuan nach bhfuil aon suíomh buan aimsithe ag an roinn dóibh.

Is iad na scoileanna sin Gaelscoil Bhréifne, atá lonnaithe i seanchlochar i mbaile an Chabháin, Gaelscoil Mhúscraí, atá lonnaithe i seanmhonarcha in An Bhlarna, Gaelscoil Éirne, atá i seanteach tórraimh i mBaile Bhéal Átha Seanaidh, i nDún na nGall agus Gaelscoil na bhFilí, atá lonnaithe in ionad CLG agus foirgnimh réamhdhéanta sa Ghort sa Ghaillimh.

Tá pobal Ghaelscoil Bhréifne i mbaile an Chabháin 27 bliain ag fanacht ar shuíomh buan.

Nuair a bunaíodh Gaelscoil Bhréifne rinneadh trí sheomra ranga sa seanchlochar ina bhfuil sí lonnaithe. Rinneadh dhá sheomra ranga breise ina dhiaidh sin as halla séipéil.

Deir Seán Ó Láimhín, cathaoirleach Bhord Bainistíochta Ghaelscoil Bhréifne, go mbeidh dhá sheomra breise ag teastáil don bhliain seo chugainn ach gur dhiúltaigh an Roinn áit a bheadh feiliúnach a chur ar fáil ar léas dóibh.

“Ina áit sin d’ofráil siad dhá sheomra réamhdhéanta dúinn,” arsa Seán Ó Láimhín.

“Níl a fhios againn cá bhfuil muid ag dul. An bhfuil siad chun iarracht an láthair ina bhfuil an scoil a cheannach? An bhfuil siad chun foirgneamh nua a thógáil? Anois tá siad ag tosú le seomraí réamhdhéanta arís.”

Deir Seán Ó Láimhín gur “thit an tóin” as gach iarracht a bhí déanta ag an Roinn go dtí seo suíomh a fháil don scoil agus nach féidir leis an scoil “forbairt” mar ba chóir má leanann cúrsaí ar aghaidh mar seo.

“Sa todhchaí, tá na huimhreacha ann le scoil 16 múinteoir a dhéanamh den scoil seo, ach níl sé sin chun tarlú mar ní féidir linn na páistí a thógáil isteach. Beidh muid ag cur cosc ar pháistí an bhliain seo chugainn teacht chuig an scoil. Is í Gaelscoil Bhréifne an t-aon ghaelscoil i gcontae an Chabháin agus tá éileamh mór ar an ghaelscoil.”

Dúirt Mairéad Uí Chárthaigh, Príomhoide Ghaelscoil Mhúscraí, atá lonnaithe in eastát tionsclaíochta, le Tuairisc gur cúis imní di nach bhfuil “aon phlean fadtéarmach” ag an Roinn don scoil atá 19 bliain ag fanacht ar shuíomh nua.

“I láthair na huaire tá muid i bhfoirgneamh sealadach i sean-eastát tionsclaíochta atá tógtha ar cíos againn. Níl plean againn ó thaobh foirgneamh buan de. Is cúis imní é dúinn mar tá muid ag lorg spás breise i láthair na huaire agus má tá ganntanas airgid ann sa Roinn, d’fhéadfadh go gcuirfeadh sin isteach orainn.

“Seans nach mbeidh an deis againn an spás breise sin a fháil, spás atá riachtanach. Tá an tiarna talún ag ofráil an fhoirgnimh sin dúinn ach tá muid ag feitheamh ar an Roinn chun glacadh leis an bplean.”

Fág freagra ar 'Imní faoi ghaelscoileanna atá ag iarraidh bogadh as seantithe tórraimh, monarchana agus bialanna'