Imní ar Údarás Bóithre faoi chostas pleanála i gConamara

Ceisteanna á gcur i measc lucht forbartha bóithre faoin gcostas a bhaineann leis an bpleanáil ar bhóithre i gConamara

tombeeola-clifden-road-4

Tá ceisteanna á gcur i measc lucht forbartha bóithre faoin gcostas a bhaineann leis an bpleanáil ar bhóithre i gConamara sula gcuirtear sluasaid i gcré nó meaisín ar an suíomh.

Is iad na dindiúirí a bhaineann le forbairt an bhóthair idir an Clochán agus an Teach Dóite an chonstaic is deireanaí atá ag déanamh tinnis dóibh. Is cuid den N59 é an bóthar seo agus sin é an t-aon bhóthar i gConamara é a bhfuil stadas “náisiúnta” aige – tá sé ina Bhóthar Náisiúnta den Dara Grád.

Tá an phleanáil ar bun le forbairt a dhéanamh ar an mbóthar seo idir an Clochán agus Uachtar Ard – achar 33 míle.

Ach is pleanáil é atá ag diúl as ciste airgid na mbóithre.

Tá an oiread sin SACanna, NHAanna, SPAanna agus dindiúir timpeallachta eile i gConamara anois agus go bhfuil ar údaráis na mbóithre go leor airgid agus go leor ama a chaitheamh ar staidéir. Bíonn orthu comlachtaí comhairleoireachta agus saineolaithe éagsúla a fhostú leis an obair seo a dhéanamh sula gcuirtear iarratas ar chead pleanála chuig an mBord Pleanála.

Fiú agus má fháightear cead pleanála sa deireadh, d’fhéadfadh go leor rialacha a bheith leagtha síos leis an obair nach mbeadh i gceist in áiteacha soir faoin tír.

Baineann na rialacha sin le cosaint na timpeallachta agus tá costas trom ag baint leo sin uilig.

Is sampla é an bóthar  nua atá á bheartú idir Bearna agus Scríb ar an gcaiteachas seo; tuairim €3m. atá caite ar an taighde agus an phleanáil ansin agus gan tada déanta ar an talamh fós.

Ceaptar go bhfuil na figiúirí ar phleanáil na hoibre ar an mbóthar ó thuaidh i gConamara gaibhte sna milliúin freisin – ar ghiotaí gearr go maith.

“Níl dabht ach go bhfuil na ceisteanna faoin airgead seo á gcur” a deir foinse amháin in údarás na mbóithre.

“Ní bheadh anró, na costas mar seo ort agus tú ag plé le bóithre soir faoin tír. Bheadh baol ann go gcuirfeadh sé bac ar fhorbairt bóithre i gConamara amach anseo”.

Tuigtear go bhfuil aighneacht thoirtiúil curtha ag Seirbhís na bPáirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra chuig an mBord Pleanála i dtaobh fhorbairt an phíosa bóthair as an gClochán chomh fada leis an Teach Dóite – sin cuid de phlean forbartha an N. 59.

Tá tuairimíocht ann go mbeadh aimsir ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ag freagairt na gceisteanna agus ag comhlíonadh na gcoinníollacha atá molta san aighneacht.

De réir na dtuairiscí, tá sé ina imní go mbeidh sé deacair an cead pleanála a fháil fiú agus go bhfuil costas mór ar an réiteach.

Bhí an tIar-Aire Gaeltachta, Jimmy Deenihan, ina measc siúd a labhair go poiblí faoin N. 59 cupla bliain ó shin agus é ag rá go raibh práinn mhór le feabhas agus forbairt ar an mbóthar sin.