Tá amhras agus imní léirithe ag Teachtaí Dála faoin chur chuige atá ag an Roinn Oideachais chun an t-éileamh atá ar scoileanna lán-Ghaeilge i measc tuismitheoirí a thomhas.
Tá an Roinn le suirbhé náisiúnta a dhéanamh go gairid i measc phobal bhunscoileanna an stáit, suirbhé ina mbeidh ceisteanna faoi ghnéithe de sholáthar agus rogha scoileanna, pátrúnacht scoile ina measc. Den chéad uair riamh tá ceist le cur chun fáil amach cén teanga teagaisc ab fhearr le daoine, Béarla nó Gaeilge.
Dúirt an tAire Oideachais Helen McEntee níos luaithe i mbliana go mbeadh polasaí an rialtais maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge nua ag brath go mór ar thorthaí an tsuirbhé.
Ach léirigh Teachtaí Dála óna páirtí féin agus ón bpáirtí eile sa gcomhrialtas, Fianna Fáil, imní an tseachtain seo faoin bhfoclaíocht a bheidh in úsáid don cheist faoi theanga teagaisc na scoile. Maíodh ag cruinniú de choiste Oireachtais na Gaeilge go bhfuil an baol ann go mbeidh an suirbhé claonta i gcoinne na Gaeilge.
Deir an Roinn Oideachais go bhfiafrófar de thuismitheoirí agus caomhnóirí cibé acu is fearr leo dá gclann, oideachas trí mheán na Gaeilge nó oideachas trí mheán an Bhéarla. Má léirítear suim sa ghaeloideachas, d’fhéadfaí tús a chur le próiseas le scoil Bhéarla a iompú isteach ina Gaelscoil, a deirtear.
Tá an Teachta Dála Naoise Ó Cearúil den tuairim go bhfuil an baol ann nach roghnóidh tuismitheoirí agus caomhnóirí an t-oideachas lán-Ghaeilge mar go bhfuil imní orthu faoina n-easpa cumais féin sa teanga. Deir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil go gcaithfear a léiriú do dhaoine go mbeidh tacaíocht ar fáil do thuismitheoirí nach bhfuil Gaeilge acu ach a chuireann a bpáistí chuig scoil lán-Ghaeilge.
“Nuair a chuirtear an cheist sa chaoi sin [Gaeilge nó Béarla], is gearr gur treoircheist i gcoinne iompú isteach ina Gaelscoil nó ina Gaelcholáiste atá inti,” a dúirt Ó Cearúil ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean.
“Caithfear an comhthéacs a athrú. Caithfear a rá go gcuirfear na tacaíochtaí seo ar fáil [má athraíonn stádas na scoile]. Gan sin, is cinnte go mbeadh amhras ar thuismitheoirí faoi bhogadh go Gaelscoil nó Gaelcholáiste,” a dúirt an Teachta de chuid Fhianna Fáil.
“Sílim gur pointe tábhachtach é sin. Má tá muid ag iarraidh go mbeadh rath ar na hathruithe seo, agus tá muid uile ag iarraidh go mbeadh, tá dualgas ar an Roinn na tacaíochtaí seo a chur ar fáil, ní hamháin don fhoireann ach do thuismitheoirí agus do na gasúir chomh maith.”
D’aontaigh an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Naoise Ó Muirí go raibh “ceisteanna” ann faoin suirbhé agus faoin gcur chuige.
Léirigh Conradh na Gaeilge amhras faoin suirbhé freisin níos luaithe i mbliana.
“Mura bhfuil aon eolas breise curtha leis na ceisteanna seo a chuirfear ar thuismitheoirí, is beag seans go mbeidh toradh dearfach ann don Ghaelscolaíocht,” a dúirt Ard-Rúnaí na heagraíochta, Julian de Spáinn.
I dTeach Laighean Dé Máirt, dúirt Dermot Brown ón Roinn Oideachais gur fhág cúrsaí déimeagrafacha gur beag deis a bheadh ann scoileanna nua a thógáil sna blianta amach romhainn, scoileanna lán-Ghaeilge san áireamh. Dúradh go bhféadfaí cur leis an soláthar don oideachas trí mheán na Gaeilge trí scoileanna a mhealladh chun iompú ina scoileanna lán-Ghaeilge, áfach, mar atá ar bun ag CBS Synge Street i láthair na huaire.
“An chéad chéim atá ann ná ceist a chur ar scoileanna ar mhaith leo athrú isteach ina nGaelscoil. Tá súil againn go mbeidh an comhrá sin ag scoileanna, go mbeidh an comhrá sin ag pobail scoileanna, agus go dtiocfaidh siad ar ais chugainn agus iad ag iarraidh go n-athrófaí an scoil isteach ina Gaelscoil.”
Nuair a luadh scéal CBS Synge Street agus an obair atá ar bun chun an scoil sin a athrú ina Gaelscoil, dúirt an Seanadóir de chuid Fhine Gael Evanne Ní Chuilinn go raibh an-chuid daoine ar fhoireann na scoile agus i measc na dtuismitheoirí a bhí míshásta leis an méid a bhí ar bun ag an Roinn Oideachais.
“Tá mise i mó chónaí sa cheantar sin agus tá an-chuid daoine nach bhfuil i bpobal labhartha na Gaeilge, mar shampla, tá siad míshásta. Tá sé deacair a rá go bhfuil sé ag obair,” a dúirt sí.
Fág freagra ar 'Imní ar Theachtaí Dála go mbeidh suirbhé náisiúnta de chuid na Roinne Oideachais claonta in aghaidh na Gaelscolaíochta'