Imelda May, Declan Hannon agus Bláthnaid Treacy ainmnithe mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge

Beidh an fhéile ar siúl ar feadh breis is coicís i mbliana, ón 1 Márta go dtí an 17 Márta

Imelda May, Declan Hannon agus Bláthnaid Treacy ainmnithe mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge

Tá an ceoltóir Imelda May, captaen fhoireann iomána Luimnigh Declan Hannon agus an craoltóir Bláthnaid Treacy ainmnithe mar ambasadóirí do Sheachtain na Gaeilge 2021.

Beidh an fhéile ar siúl ar feadh breis is coicís i mbliana, ón 1 Márta go dtí an 17 Márta. Tá sé i gceist imeachtaí a reáchtáil ar fud an domhain agus iad á n-eagrú ag grúpaí pobail, scoileanna, grúpaí cultúrtha agus spóirt in Éirinn agus thar sáile.

Rinneadh na hambasadóirí a fhógairt beo ar RTÉ 2FM mar chuid de sheó dátheangach StaidAir atá dírithe ar mhic léinn na hArdteiste.

“Tá ríméad orm a bheith mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana,” a dúirt Bláthnaid Treacy. “Táim sona sásta mo chuid dualgas a roinnt leis an dá ambasadóir eile, Declan agus Imelda, atá mar eiseamláirí ina gcuid réimsí. 

“Is mór an onóir a bheith in ann an Ghaeilge a chur chun cinn agus bhí mé an-bhródúil asam féin nuair a d’fhógair mé ambasadóirí na bliana seo ar mo chlár ar RTÉ 2fm, StaidAir. Táim ag tnúth go mór leis an bhféile agus tá súil agam go mbeidh níos mó daoine ag úsáid a gcúpla focal!”

Dúirt Imelda May mí Lúnasa seo caite go raibh sí “croíbhriste” gur “goideadh” an teanga uaithi  tar éis di breathnú ar Fleadh2020 ar TG4.

Chothaigh teachtaireacht May go leor cainte ar líne agus go leor teachtaireachtaí chun an t-amhránaí a spreagadh le Gaeilge a fhoghlaim.

Tá tacaíocht tugtha cheana ag Declan Hannon chun feachtas An Fáinne a chur chun cinn i measc bhaill CLG. Dúirt Hannon ag an am go raibh ‘cúpla focal’ aige  agus é de rún aige daoine ar bheagán Gaeilge a spreagadh chun í a labhairt.

Fágann tionchar an Covid-19 gur ar líne a bheidh cuid mhór d’imeachtaí na bliana ach deir Conchubhair Mac Lochlainn, cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge, go dtabharfaidh sé sin níos mó deiseanna ná riamh do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile.

“Molaim d’éinne, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, páirt a ghlacadh in imeachtaí na bliana seo. Ó dhaoine atá ag tosú ar a dturas teanga, iad siúd atá ag foghlaim arís agus daoine atá líofa ach nach bhfaigheann an deis a gcuid Gaeilge a úsáid chomh minic agus ba mhaith leo, tá ócáid ann do gach duine.”

Tá Seachtain na Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge ó 1902 agus tacaíocht faighte arís i mbliana ó Fhoras na Gaeilge agus Energia.

Dúirt Amy O’Shaughnessy, Bainisteoir Urraíochta Energia, go bhfuil ríméad orthu tacaíocht a chur ar fáil i mbliana agus iad ag súil go gcuirfidh daoine “a gcroí isteach sa chultúr Éireannach” agus spreagadh a thabhairt do gach éinne a gcúpla focal a úsáid le linn fhéile na bliana seo. 

Is féidir liosta iomlán d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fháil ó: www.snag.ie

Fág freagra ar 'Imelda May, Declan Hannon agus Bláthnaid Treacy ainmnithe mar ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge'