Tá ráite ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge go raibh an chaoi ar chaith an Stát leis an nGaeilge le linn na paindéime “náireach”.
Dúirt Paula Melvin go ndearnadh “imeallú ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, ar a gcearta teanga agus go deimhin ar a gcearta sláinte” mar thoradh a theip an Stáit eolas a chur ar fáil i nGaeilge le linn na géarchéime sa tsláinte phoiblí.
Dúirt sí gur bhain an teip “le gach gné den obair a bhí ar siúl ag an Stát chun an pobal a chosaint ón ngalar”.
Rinne Uachtarán Chonradh na Gaeilge a cuid cainte tar éis fhoilsiú thuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga, a léirigh gur bhain 20% de na gearáin a rinneadh leis anuraidh leis an bpaindéim.
I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim ó thosaigh sí breis is dhá bhliain ó shin agus is minic a bhí moill ar ábhar i nGaeilge, má foilsíodh in aon chor é.
Ní raibh daoine ábalta clárú ar líne do vacsaíní i nGaeilge ná a gcuid gnó maidir leis na Teastais Dhigiteacha COVID a dhéanamh i nGaeilge, mar shampla.
“Tá sé náireach nár chuir an Stát bunseirbhísí eolais ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge maidir le Covid-19,” a dúirt Melvin, “tráth go raibh an tír i lár na paindéime is measa a buaileadh ar an Stát. Is léiriú an líon gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga faoin gceist seo ar an easpa caiteachais a rinne an Stát chun buneolas sláinte a chur ar fáil i nGaeilge.”
Dúirt Melvin go raibh an fhadhb maidir le cúrsaí teanga pléite ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Sláinte, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus le polaiteoirí go rialta.
“Is léiriú eile é an t-imeallú a tharla ar chearta na Gaeilge le linn Covid-19 ar an imeallú ginearálta atá á dhéanamh ag an Stát ar chearta teanga,” a dúirt sí.
Mhol Conradh na Gaeilge an obair a rinne an Coimisinéir Teanga anuraidh maidir le cearta teanga agus dúradh gur léirigh an méid a bhí ina thuarascáil bhliantúil an gá tabhairt faoin obair chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú gan mhoill.
“Gan trácht ar na fadhbanna maidir le Covid atá luaite i dTuarascáil an Choimisinéara Teanga, léirítear dúinn arís an gá dul treo eile maidir le cearta teanga a chinntiú do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.
“Dá mba rud é go raibh córas cosanta teanga ceart á fheidhmiú ag an Stát is ag laghdú a bheadh líon na ngearán a bheadh á dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara. Ach feiceann muid óna Thuarascáil gur tháinig méadú 20% ar líon na ngearán le bliain anuas.
“Feictear do Chonradh na Gaeilge, mar atá luaite ag an gCoimisinéir Teanga, go bhfuil géarghá anois brostú chun cinn le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasaithe) agus tabhairt faoi fheidhmiú fhorálacha an Achta.”
Dúirt de Spáinn go raibh pobal na Gaeilge imithe i dtaithí ar easpa seirbhíse i nGaeilge ón Stát agus go raibh géarghá le feachtas feasachta chun an pobal a spreagadh chun éileamh a dhéanamh ar na cearta breise a bheidh acu faoin Acht.
Dúirt an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil go bhfuil a Oifig chun tabhairt faoi mhórfheachtas faisnéise agus feasachta poiblí amach sa bhliain chun tábhacht fhorálacha nua an Achta a chur ar shúile an phobail agus comhlachtaí poiblí araon.
“Má dhéantar forálacha éagsúla an Achta nua a chur i bhfeidhm mar is cuí, beidh buntáiste ag an bpobal as líon méadaithe seirbhísí a bheith ar fáil dóibh i nGaeilge seachas mar a bhí go dtí seo,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Imeallú ‘náireach’ déanta ar chearta phobal na Gaeilge le linn na paindéime'